Hup! (2-9) | Seinnteoir | TG4 | Súil Eile Skip to main content

Seinnteoir TG4

Fógraíocht

Hup! 2-9
27Lá Fagtha

Rátáil Tuismitheora: G

An dara séasúr den tsraith fhuinniúil spreagúil seo, 13 clár a taifeadadh ar an láthair inarb é an ceol féin bun agus barr an scéil - níl láithreoir ná caint ná tráchtaireacht anseo - níl ann ach scoth an cheoil ó phlúr na gceoltóirí sa tír - agus bainfidh tú lán na súl freisin as cuid de na láithreacha iontacha ina bhfuil an ceol á sheinm. Ar an nGort i gCo. na Gaillimhe a bheimid an tseachtain seo. Beidh píosa breá ceoil againn ón bhfidléir Brendan Mulkere agus dísréad ó Ronan O'Flaherty agus Conor Connolly.

Chéad Taispeántas: 8 Ean

Rogha Fotheidil

Tá deacrachtaí le fotheidil ar roinnt ‘browsers’ faoi láthair. Tá muid ag obair iad seo a chuir ina gceart. Idir an dá linn, tá siad ar fáil ar an APP IOS (saor in aisce le íoslódáil).

Le fotheidil a roghnú, brú cc ag bun an scáileáin.

Má tá fotheidil Ghaeilge cruthaithe againn, is féidir iad seo a roghnú in áit na bhfotheideal béarla.

Má tá tú ag breathnú ar Explore 8 nó ar Windows ’95 nó níos sine, ní oibreoidh na roghanna nua. Is gá mar sin uasghrádú ar do árdán.

Déan teagmháil linn má tá aon deacracht agat.

Físeáin sa tSraith

Físeáin Faoi Thrácht