Saving Private Ryan (2-3) | Seinnteoir | TG4 | Súil Eile Skip to main content

Seinnteoir TG4

Fógraíocht

Saving Private Ryan 2-3
28Lá Fagtha

Rátáil Tuismitheora: G

An dara sraith ina gcaitheann an t-aisteoir aitheanta Seamus Moran súil siar ar an tionchar a bhí ag mór-scannáin Hollywood a rinneadh in Éirinn ar na bailte a ndearnadh iad. Tabharfaidh Seamus cuairt ar thrá Churrach Cló i gCo. Loch Garman áit a ndearnadh cuid de scannán Steven Spielberg 'Saving Private Ryan'. Bhí breis is míle ball den FCA agus den Slua Muirí ina n-aisteoirí breise sa scannán agus bhí na céadta as an áit ag obair air. Casfaidh Seamus le roinnt de mhuintir na háite a ghlac páirt ann.

Chéad Taispeántas: 16 Fea

Rogha Fotheidil

Tá deacrachtaí le fotheidil ar roinnt ‘browsers’ faoi láthair. Tá muid ag obair iad seo a chuir ina gceart. Idir an dá linn, tá siad ar fáil ar an APP IOS (saor in aisce le íoslódáil).

Le fotheidil a roghnú, brú cc ag bun an scáileáin.

Má tá fotheidil Ghaeilge cruthaithe againn, is féidir iad seo a roghnú in áit na bhfotheideal béarla.

Má tá tú ag breathnú ar Explore 8 nó ar Windows ’95 nó níos sine, ní oibreoidh na roghanna nua. Is gá mar sin uasghrádú ar do árdán.

Déan teagmháil linn má tá aon deacracht agat.

Físeáin sa tSraith

Físeáin Faoi Thrácht