Sceideal | Irish Television Channel, Súil Eile | TG4 Skip to main content

Sceidil TG4

Programme Highlights

Inniu ar TG4

Sceidil an Lae

Dé Máirt 12 Nollaig

  • 5:30AM
    France 24

    France 24Sraith 9, Eipeasóid 345

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

  • 7:00AM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 7:02AM
    Olivia (GS)

    Olivia (GS)Sraith 1, Eipeasóid 26

    Olivia agus an Campáil

    Tá drogall ar Fhraincín dul ar thuras campála le teaghlach Olivia.

  • 7:13AM
    An Captaen Flinn agus na Foghlaithe Dineasár

    An Captaen Flinn agus na Foghlaithe DineasárSraith 1, Eipeasóid 18

    An Foghlaí

    Déanfaidh an criú foghlaí de Bhoilgín, luath nó mall!

  • 7:25AM
    Astroblast! (GS)

    Astroblast! (GS)Sraith 1, Eipeasóid 27

    Éan i bhFolach

    Feiceann Sputnik éan an-neamhchoitianta ach ní chreideann aon duine é mar nach bhfaca siad féin é.

  • 7:37AM
    Astroblast! (GS)

    Astroblast! (GS)Sraith 1, Eipeasóid 28

    Cleachtadh le Comet

    Tá Comet ag iarraidh seinm sa bhanna leis an dream eile, ach an bhfuil sé in ann ag an gcleachtadh a theastaíonn?

  • 7:50AM
    Olly an Veain Bheag Bhán

    Olly an Veain Bheag BhánSraith 2, Eipeasóid 6

    Buaiteoir Bazza

    Tá Bazza ag caimiléireacht i gcomórtas na bpióg.

  • 7:55AM
    Olly an Veain Bheag Bhán

    Olly an Veain Bheag BhánSraith 2, Eipeasóid 7

    An Droichead Nua

    Tá damáiste déanta de dhroichead an bhaile agus níl Cóil ná Tom in ann na hearraí atá acu a sheachadadh.

  • 8:00AM
    Dora (GS)

    Dora (GS)Sraith 8, Eipeasóid 14

    Seó Tallainne na Dufaire

    An mbeidh Dora agus Bróigín in ann Daithí a thabhairt slán in am don seó tallainne?

  • 8:25AM
    Tractor Tom

    Tractor TomSraith 1, Eipeasóid 48

    Cara Nua

    Tá Buzz ar a dhícheall ag iarraidh a thaispeáint do Fi cé chomh úsáideach is atá sé in ann a bheith. Níl aon mhuinín ag Wheezy bocht as féin.

  • 8:35AM
    Scéalta le Masha

    Scéalta le MashaSraith 3, Eipeasóid 7

    Na Duilleogaí nó na Rútaí

    Inseoidh Masha scéal faoi chleas a d'imir feirmeoir ar bhéar a raibh ocras air.

  • 8:42AM
    Zou

    ZouSraith 2, Eipeasóid 9

    Zou an tAireagóir

    Is cumadóir é Zou inniu agus déanann sé go leor nithe úsáideacha dá theaghlach.

  • 8:54AM
    Masha agus an Béar

    Masha agus an BéarSraith 2, Eipeasóid 25

    Ninja Bhaile s'Againne

    Déanann Masha agus an Panda ninja díobh féin le ceacht a mhúineadh don Bhéar dubh dána.

  • 9:01AM
    Messy, Seo Linn go Okido

    Messy, Seo Linn go OkidoSraith 1, Eipeasóid 5

    Balún ar Strae

    Is aoibhinn le Messy balúin, ach céard atá iontu a chuireann suas san aer iad?

  • 9:15AM
    Calimero

    CalimeroSraith 1, Eipeasóid 20

    Teidí ar Iarraidh

    Cuireann Peadar i bhfolach a theidí mar go bhfuil náire air ach níl an teidí ann nuair a théann sé chun é a fháil arís.

  • 9:30AM
    Ainmhithe Beaga Thart Orainn (OS)

    Ainmhithe Beaga Thart Orainn (OS)Sraith 2, Eipeasóid 12

    Ainmhithe sa Zú II Tráthnóna

    Caithfimid súil ar mar a chaitheann tuilleadh ainmhithe óga sa zú an tráthnóna.

  • 10:00AM
    The Waltons (TS)

    The Waltons (TS)Sraith 4, Eipeasóid 21

    The Test

    Faigheann Olivia post sa chathair ag déanamh gúnaí. Is maith léi an obair ach airíonn sí uaithi an teaghlach in iomarca. Ní thaitníonn an teach scoir le Maude Gormley agus filleann sí ar an Sliabh.

  • 11:00AM
    Road to Avonlea

    Road to AvonleaSraith 3, Eipeasóid 11

    The Calamitous Courting of Hetty

    Tagann fear díolacháin go Avonlea agus ní fada go mbíonn an-tóir ag gach duine air. Ach níl tóir aigesean ach ar aon nduine amháin, Hetty King a bhfuil rún aige í a phósadh.

  • 11:58AM
    Cheese Slices

    Cheese SlicesSraith 4, Eipeasóid 6

    Farmhouse Cheese of Wisconsin USA

    Sraith a fhiosraíonn na scéalta agus na traidisiúin iontacha a bhaineann leis na cáiseanna is mó cáil ar domhan. Cáiseanna Feirme Wisconsin a bheidh faoi chaibidil ar an gclár seo. Is é Wisconsin an stát is mó i Meiriceá a ndéantar cáis ann ach ó na 1950idí i leith is mó cáis olltáirgthe a dhéantar ann ná an cháis thraidisiúnta. Tabharfaidh Will cuairt ar roinnt déantóirí cáise feirme nua sa cheantar, Uplands Cheese Company ina measc agus casfaidh sé le Willi Lehner as Bleu Mont Dairy go bhfaighidh sé amach mar a aibíonn an cháis i bpluais faoin talamh.

  • 12:30PM
    Comhrá (OS)

    Comhrá (OS)Sraith 2, Eipeasóid 4

    Judeen Seoige, nach maireann, as Loch Con Aortha, Conamara a bheidh ag comhrá le Máirtín Tom Sheáinín ar an gclár seo. In 1933, chuaigh Judeen ar stíméar a bhí ag tabhairt aghaidh ar Mheiriceá gan cead. Nuair a fuarthas í, b'éigean don stíméar stopadh siar ó Árainn agus bád a fháil len í a thabhairt ar ais go Gaillimh. Dúirt sí cúpla paidir freisin agus labhair sí ar sheanphaidreacha agus an creideamh.

  • 1:05PM
    The Waltons (TS)

    The Waltons (TS)Sraith 5, Eipeasóid 11

    The Pony Cart

    Tagann Martha Corrine, deirfiúr chéile Dhaideo, ar cuairt. Tugann sí cúnamh do Ben cairrín capaillín a dhéanamh.

  • 2:05PM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 9, Eipeasóid 25

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

  • 3:00PM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 3:02PM
    Masha agus an Béar

    Masha agus an BéarSraith 1, Eipeasóid 19

    Ag Foghlaim an Phianó

    Féachann an Béar leis an bpianó a mhúineadh do Masha.

  • 3:09PM
    Masha agus an Béar

    Masha agus an BéarSraith 1, Eipeasóid 20

    Stríoca agus Locaí

    Tagann seanchara ón sorcas ar cuairt ag Béar.

  • 3:16PM
    PJ Masks

    PJ MasksSraith 1, Eipeasóid 10

    Plean Maith Oighir Gekko

    Níl cairde Gekko ag éisteacht leis anocht.

  • 3:28PM
    Cat a' Hata (GS)

    Cat a' Hata (GS)Sraith 1, Eipeasóid 3

    Oíche Gan Codladh

    Tá Nic ag iarraidh fanacht ina dhúiseacht an oíche ar fad. Tugann an Cat Nic agus Sailí ar eachtra oíche.

  • 3:40PM
    Cat a' Hata (GS)

    Cat a' Hata (GS)Sraith 1, Eipeasóid 4

    Cá bhfuil cónaí ort?

    Tá Sailí ag iarraidh sliogán cosúil leis an gceann atá ag Nic. Tugann an Cat chuig an trá iad áit a gcasann siad le Féilim, faocha ghliomaigh atá ag cuardach sliogáin nua freisin.

  • 3:55PM
    Cúla 4

    Cúla 4

    Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl, beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.

  • 3:57PM
    Alvinnn !!! agus na Chipmunks

    Alvinnn !!! agus na ChipmunksSraith 1, Eipeasóid 10

    Alvin an Daidí

    Tá Dáithí sa leaba tinn. Ceapann Alvin go mbeidh sé in ann aire a thabhairt don teaghlach go dtí go mbeidh biseach ar Dháithí, ach ní mar a shíltear a bhítear.

  • 4:08PM
    Dónall Dána (GS)

    Dónall Dána (GS)Sraith 1, Eipeasóid 32

    Díoltas Learaí-Gan-Locht

    Faigheann Learaí díoltas ar Dhónall nuair a chaitheann Dónall amach as an gClub Lámh Láidir é.

  • 4:19PM
    Garfield (GS)

    Garfield (GS)Sraith 4, Eipeasóid 30

    Bulladóir an Uafáis

    Faigheann Garfield boladh álainn pióige agus leanann sé an boladh go dtí an teach ina bhfuil sé.

  • 4:32PM
    Winston Steinburger & Sir Dudley Ding Dong

    Winston Steinburger & Sir Dudley Ding DongSraith 1, Eipeasóid 10

    Scéalta na Seanóirí

    I ngan fhios dóibh féin cabhraíonn Winston agus Dudley le grúpa seanóirí smacht a fháil ar an réaltra.

  • 4:43PM
    Spongebob Squarepants (GS)

    Spongebob Squarepants (GS)Sraith 9, Eipeasóid 47

    Sa Tóir ar an Oideas

    Cuireann SpongeBob an t-oideas rúnda i bhfolach ina theach féin.

  • 4:55PM
    Dochreidte Gan Dabht (GS)

    Dochreidte Gan Dabht (GS)Sraith 3, Eipeasóid 5

    Seo é Dochreidte Gan Dabht, an clár ar a mbeidh na curiarrachtaí is aistí, is iontaí agus is dochreidte dá bhfaca tú riamh - Alex agus JD ag tabhairt faoi churiarracht chontúirteach ar oighear ina measc! Á chur i láthair ag Eoghan Ó Loideáin.

  • 5:25PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 21, Eipeasóid 326

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 5:30PM
    Ros na Rún (OS & GS)

    Ros na Rún (OS & GS)Sraith 22, Eipeasóid 29

    Is léir gur fearr le Tadhg am a chaitheamh in éineacht le Maggie ná in éineacht le Frances agus Áine. Tá brú air anois ó gach aon taobh agus cailleann sé foighne le hÁine. Tá Vanessa trína chéile. Níl dada ar a hintinn ach Fia a chosaint ach meas tú an bhfuil Fia ag cur an dallamullóg uirthi? Tá sé ag cinneadh ar John Joe crann Nollag a fháil agus cóisir a eagrú ag an am céanna. Ní cosúil go bhfuil Katy an-tógtha le cóisir a eagrú do Jason.

  • 6:00PM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 9, Eipeasóid 25

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

  • 6:57PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 21, Eipeasóid 346

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 7:00PM
    Nuacht TG4

    Nuacht TG4Sraith 20, Eipeasóid 346

    Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

  • 7:30PM
    7 Lá

    7 LáSraith 15, Eipeasóid 3

    Clár speisialta 7 Lá as Londain. Déanfar scagadh agus plé ar an mBreatimeacht agus ar an tionchar atá aige ar na hÉireannaigh thall i Londain.

  • 8:00PM
    Hup (OS & TS)

    Hup (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 6

    Sraith ceoil thraidisiúnta. Ag féile ceoil traidisiúnta i Sceirí i mBaile Átha Cliath a bheimid an tseachtain seo. Tá Mary Bergin ag freastal ar an bhféile le fada agus seinnfidh sí cúpla port in éineacht le Mick Conneely i gcaifé i lár an bhaile. Beidh ceoltóirí an cheantair Alan Byrne, Maurice Egan agus Paul Kelly faoi lán seoil ar an bpríomhshráid agus cloisfimid amhrán ón mbanna New Road. Le caladh na Sceirí laistiar dóibh beidh Jesse Smyth, as Meiriceá, agus Seán Gavin as Detroit i mbun ceoil agus tabharfaidh an fidléir as Ontario Shane Cook, taispeántas do mhuintir an bhaile.

  • 8:30PM
    Ros na Rún (OS & GS)

    Ros na Rún (OS & GS)Sraith 22, Eipeasóid 29

    Is léir gur fearr le Tadhg am a chaitheamh in éineacht le Maggie ná in éineacht le Frances agus Áine. Tá brú air anois ó gach aon taobh agus cailleann sé foighne le hÁine. Tá Vanessa trína chéile. Níl dada ar a hintinn ach Fia a chosaint ach meas tú an bhfuil Fia ag cur an dallamullóg uirthi? Tá sé ag cinneadh ar John Joe crann Nollag a fháil agus cóisir a eagrú ag an am céanna. Ní cosúil go bhfuil Katy an-tógtha le cóisir a eagrú do Jason.

  • 9:00PM
    The Foster & Allen Show

    The Foster & Allen ShowSraith 3, Eipeasóid 6

    Sraith eile ceoil agus siamsaíochta i dteannta Mick Foster agus Tony Allen. Casfaidh siad a n-amhráin 'Old Flames', 'The Rose of Mooncoin' agus 'The Wild Rover'. Is é an t-amhránaí ceoil tíre Charlie Pride aoi na hoíche anocht.

  • 9:30PM
    Opry Dhoire (OS & TS)

    Opry Dhoire (OS & TS)Sraith 6, Eipeasóid 6

    Opry leis na Réaltaí

    Tá Opry ar ais agus á chur i láthair arís ag Daniel O'Donnell. Is seó an-speisialta é Opry leis na Réaltaí, ina mbeidh Dickie Rock, Susan McCann, Brian Coll agus Frankie McBride. Is é Seoirse Ó Dochartaigh aoi an chláir seo agus casfaidh sé cúpla amhrán i nGaeilge. Mar sin, coinnigh comhluadar le Daniel gach seachtain, agus é ag cur sárcheoltóirí tíre in aithne dúinn, ó Fhóram na Mílaoise, i nDoire.

  • 10:40PM
    Nashville (TS)

    Nashville (TS)Sraith 5, Eipeasóid 10

    I'll Fly Away

    D'fhéadfadh cúrsaí dlí an teaghlach a scriosadh. Níl aon mhaith ag Juliette ann go gcasfaidh sí ag Gradaim Ceoil CMT. Tá Will agus Zach ag éirí an-mhór lena chéile.

  • 11:30PM
    Friday Night Lights (TS)

    Friday Night Lights (TS)Sraith 1, Eipeasóid 20

    Mud Bowl

    Caithfidh an Cóitseálaí Taylor agus na Panthers áit eile a fháil don chluiche leathcheannais mar gheall ar dhoirteadh ceimiceán a tharla gar don scoil.

  • 0:22AM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 21, Eipeasóid 346

    An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

  • 0:25AM
    Fíorscéal (OS & TS)

    Fíorscéal (OS & TS)Sraith 18, Eipeasóid 13

    Saothar na mBan

    Clár faisnéise faoi chearta na mban. Ainneoin a bhfuil déanta agus tarlaithe tá éagothromaíocht mhór fós ann idir mná agus fir. Léiríonn staitisticí go bhfuil fir fós ag saothrú 18% níos mó ná mná. Tá roinnt comhlachtaí atá ag obair go láidir ina choinne seo. Féachfaidh an clár seo ar na comhlachtaí sin agus ar na hiarrachtaí atá ar bun acu chun cothromaíocht a bhaint amach i measc a gcuid oibrithe.

  • 1:30AM
    France 24

    France 24Sraith 9, Eipeasóid 346

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.