Sceideal | Irish Television Channel, Súil Eile | TG4 Skip to main content

Sceidil TG4

Programme Highlights

Inniu ar TG4

Sceidil an Lae

Dé Luain 23 Deireadh Fómhair

  • 5:30AM
    France 24

    France 24Sraith 9, Eipeasóid 295

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

  • 7:00AM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 7:02AM
    Olivia (GS)

    Olivia (GS)Sraith 2, Eipeasóid 16

    Seó Tallainne

    Is gearr uainn seó tallainne na scoile agus tá bís ar Olivia go dtaispeánfaidh sí cé chomh maith is atá sí ar na drumaí.

  • 7:13AM
    An Captaen Flinn agus na Foghlaithe Dineasár

    An Captaen Flinn agus na Foghlaithe DineasárSraith 1, Eipeasóid 34

    Laghdaithe

    Tá na foghlaithe sáinnithe i mbuidéal. An mbeidh Flinn agus a chriú in ann teacht i gcabhair orthu?

  • 7:25AM
    Astroblast! (GS)

    Astroblast! (GS)Sraith 1, Eipeasóid 7

    Sábhálfaidh Mise Tú

    Tá Comet an-tógtha leis an gCaptaen is Fearr Riamh agus tá sé ag iarraidh a bheith díreach cosúil leis.

  • 7:37AM
    Astroblast! (GS)

    Astroblast! (GS)Sraith 1, Eipeasóid 8

    Ag Fás go Fiáin

    Iarrann Sputnik ar Comet aire a thabhairt dá planda beag Zorky fad agus atá sí imithe.

  • 7:50AM
    Olly an Veain Bheag Bhán

    Olly an Veain Bheag BhánSraith 1, Eipeasóid 51

    An Scrúdú Tiomána

    Tabharfaidh Olly ceacht tiomána d'Alice sula ndéanfaidh sí an scrúdú tiomána.

  • 7:55AM
    Olly an Veain Bheag Bhán

    Olly an Veain Bheag BhánSraith 1, Eipeasóid 52

    Olly an Coimeádaí Zú

    Tabharfaidh Olly cúnamh do Willie sa zú ag tabhairt aire d'Alfie an eilifint.

  • 8:00AM
    Dora (GS)

    Dora (GS)Sraith 8, Eipeasóid 16

    Dora agus an Béar Codlatach

    Caithfidh Dora agus Bróigín béar óg a thabhairt ar ais abhaile chuig a thuismitheoirí ach tá sé chomh tuirseach go bhfuil sé ag cinneadh air fanacht ina dhúiseacht.

  • 8:25AM
    Tractor Tom

    Tractor TomSraith 1, Eipeasóid 50

    Ubh Mhistéireach

    Péinteálann Matt cathaoir do Fi agus ansin bíonn sé ag tóraíocht rudaí eile le péinteáil. Tá Tom ag tabhairt aire do ubh mhistéireach.

  • 8:35AM
    Scéalta le Masha

    Scéalta le MashaSraith 3, Eipeasóid 23

    Axe Porridge

    Inseoidh Masha scéal faoi shaighdiúir a chuir ina luí ar chailleach a raibh an-ocras uirthi leite a ithe seachas é féin.

  • 8:42AM
    Zou

    ZouSraith 2, Eipeasóid 25

    Grianghraf Teaghlaigh

    Féachann Zou lena bhrístí nua a choinneáil glan don ghrianghraf teaghlaigh atá le tógáil ar ball. Ach an éireoidh leis?

  • 8:54AM
    Masha agus an Béar

    Masha agus an BéarSraith 1, Eipeasóid 8

    Ag Iascaireacht

    Cé go bhfuil an Béar ag iarraidh a bheith ag iascaireacht, tá Masha ag iarraidh a bheith ag spraoi.

  • 9:01AM
    Messy, Seo Linn go Okido

    Messy, Seo Linn go OkidoSraith 1, Eipeasóid 21

    Pláinéid ag Crith

    Téann Messy agus a chairde sa spás ach nuair a dhéantar botún, athraíonn na séasúir i Okido.

  • 9:15AM
    Calimero

    CalimeroSraith 1, Eipeasóid 36

    Ag Crith le hEagla

    Bíonn Séamuisín ag magadh faoi Laoise ag rá go bhfuil faitíos uirthi roimh scannán dineasáir.

  • 9:30AM
    Ainmhithe Beaga Thart Orainn (OS)

    Ainmhithe Beaga Thart Orainn (OS)Sraith 2, Eipeasóid 16

    Ainmhithe Feirme II Tráthnóna

    Caithfimid súil ar mar a chaitheann tuilleadh ainmhithe óga feirme an tráthnóna.

  • 10:00AM
    The Waltons (TS)

    The Waltons (TS)Sraith 3, Eipeasóid 7

    The System

    Tugann John-Boy cosaint do scoláire a bhriseann cód onóra Boatwright le linn scrúdú staire.

  • 11:00AM
    Wind At My Back

    Wind At My BackSraith 4, Eipeasóid 1

    All this and Heaven Too

    Tá cead faighte ag Fat, Hub agus Maisey cuairt a thabhairt ar Honey sa sanatóir i Gravenhurst.

  • 11:55AM
    The Cook & The Chef (TS)

    The Cook & The Chef (TS)Sraith 3, Eipeasóid 37

    Lobster & Mushrooms

    Taispeánfaidh Maggie agus Simon dhá bhealach éagsúla dúinn le Gliomach Cloch an Deiscirt a réiteach, chomh maith le leas a bhaint as muisiriún. Sa chistin cuireann Maggie píosaí den ghliomach isteach i nglóthach cróch. Cuirtear chun boird é i ngloine bhiotáille, críochnaíonn Maggie an béile le maonáis baile a chur ar na píosaí gliomach.

  • 12:30PM
    Kevin Dundon's Modern Irish Food (TS)

    Kevin Dundon's Modern Irish Food (TS)Sraith 1, Eipeasóid 4

    Hook Head & Dunbrody House

    Rachaidh Kevin go Rinn Duáin i gCo. Loch Garman le dul ag iascach ronnach. Réiteoidh sé ronnach deataithe le súlach cuiríní dubha. Tá muisiriúin fhiáine fairsing an t-am seo bliana agus tá bealach ag Kevin len iad a leasú don gheimhreadh. Tionchar na bhFrancach ar Theach Dhún Bróithe an inspioráid atá aige dá mhias lacha Sceach an Óir le crann silíní dubha agus prátaí gairleoige sótáilte. Réiteoidh sé ansin glóthach úll spíosraithe agus cúr iógairt don mhilseog.

  • 1:05PM
    The Waltons (TS)

    The Waltons (TS)Sraith 3, Eipeasóid 12

    Cuireann John tuairisc faoi phost i longchlós Norfolk ach ní bhíonn sé i bhfad go dtuigeann sé go dteastaíonn sé sa mbaile, agus go bhfuil sé ag iarraidh a bheith sa mbaile é féin.

  • 2:05PM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 9, Eipeasóid 19

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

  • 3:00PM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 3:02PM
    Masha agus an Béar

    Masha agus an BéarSraith 2, Eipeasóid 25

    Ninja Bhaile s'Againne

    Déanann Masha agus an Panda ninja dóibh féin le ceacht a mhúineadh don Bhéar dubh dána.

  • 3:09PM
    Masha agus an Béar

    Masha agus an BéarSraith 2, Eipeasóid 26

    Feicfidh mé arís tú

    Tá Masha ag fáil mór agus caithfidh sí féin agus Béar slán a fhágáil ag a chéile.

  • 3:16PM
    PJ Masks

    PJ MasksSraith 1, Eipeasóid 26

    Catboy Ciotach

    Níl Catboy sásta a admháil go bhfuil sé místuama anocht.

  • 3:28PM
    Cat a' Hata (GS)

    Cat a' Hata (GS)Sraith 1, Eipeasóid 51

    Gormchosach

    Tá Nic agus Sailí ag caitheamh a gcuid buataisí nua ach tá siad ag dul i bhfostú sa bpuiteach.

  • 3:40PM
    Cat a' Hata (GS)

    Cat a' Hata (GS)Sraith 1, Eipeasóid 52

    Ar an Choiréal

    Níl Nic in ann a chleas draíochta a dhéanamh i gceart.

  • 3:55PM
    Cúla 4

    Cúla 4

    Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl, beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.

  • 3:57PM
    Alvinnn !!! agus na Chipmunks

    Alvinnn !!! agus na ChipmunksSraith 1, Eipeasóid 26

    Alvin sa Zú

    Ceapann daoine gur diabhal Tasmánach é Alvin nuair a thugann sé cuairt ar an zú.

  • 4:08PM
    Camp Lakebottom

    Camp LakebottomSraith 1, Eipeasóid 26

    Droch Shaol Amach 's Amach

    Feiceann MacAodh an drochbhail a bheadh ar Champa Loch Íochtair mura mbeadh sé thart le súil a choinneáil ar rudaí.

  • 4:19PM
    Garfield (GS)

    Garfield (GS)Sraith 4, Eipeasóid 48

    Rí na gCat

    Féachann Garfield le teagmháil a dhéanamh le Jon chun a insint dó cá bhfuil sé féin agus Odie.

  • 4:32PM
    Winston Steinburger & Sir Dudley Ding Dong

    Winston Steinburger & Sir Dudley Ding DongSraith 1, Eipeasóid 26

    Fathach Spáis

    Ceapann Win go bhfuil leid faighte aige maidir le láthair an fhathaigh spáis, ach tá Pam ann roimhe.

  • 4:43PM
    Fangbone

    FangboneSraith 1, Eipeasóid 16

    Carbhat an Athraithe

    Ní théann lá na ngrianghraf rómhaith nuair a dhéanann an ladhar Fred Bone de Fangbone!

  • 4:55PM
    Whiz sa Chistin (GS)

    Whiz sa Chistin (GS)Sraith 1, Eipeasóid 11

    Seó cluichí é Whiz sa Chistin atá bunaithe ar bhia. Beidh ceathrar leanaí sa chistin ar gach clár agus beidh a fhios againn cé chomh maith is atá said sa chistin nuair a chaithfidh siad tabhairt faoi dhúshlán bia agus ceisteanna go leor a fhreagairt. Ar chlár an lae inniu tabharfaidh Kate agus Olivia aghaidh ar Shauna agus Claire.

  • 5:25PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 21, Eipeasóid 283

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 5:30PM
    Glór Tíre - Rogha & Togha (TS)

    Glór Tíre - Rogha & Togha (TS)Sraith 12, Eipeasóid 1

    Cuirfear tús an tseachtain seo le rogha agus togha an dara sraith déag de Ghlór Tíre. Beidh mór uaisle an cheoil tíre ar stáitse i dTeach na Céibhe leis an rogha is fearr amhrán. Ar chlár na hoíche anocht cloisfear Mike Denver, Justin McGurk, Mick Flavin, Shawn Cuddy, Patrick Feeney, Jimmy Buckley agus John McNicholl.

  • 6:00PM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 9, Eipeasóid 19

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

  • 6:57PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 21, Eipeasóid 296

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 7:00PM
    Nuacht TG4

    Nuacht TG4Sraith 20, Eipeasóid 296

    Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

  • 7:30PM
    Turas na hAilse (OS & TS)

    Turas na hAilse (OS & TS)Sraith 18, Eipeasóid 8

    Mar chuid de Mhí na Feasachta ar Ailse Bhrollaigh, seo seans eile le Turas na hAilse a fheiceáil. Dhá uair sa tseachtain téann othair a bhfuil ailse orthu ar bhus i nDún na nGall síos go Gaillimh chun radaiteiripe a fháil in Ospidéal Choláiste na hOllscoile, Gaillimh, an áit is gaire dóibh le cóir leighis a fháil. Seo clár faoi na hothair agus ar an turas a dhéanann siad in éineacht - tá an teacht aniar, an cineáltas agus an spiorad atá eatarthu faoi na cúinsí deacra seo ríshoiléir.

  • 8:00PM
    GAA 2017

    GAA 2017Sraith 17, Eipeasóid 34

    Súil siar ar na cluichí a imríodh ar an deireadh seachtaine ina measc Cluichí Ceannais Contae san iomáint agus sa pheil.

  • 9:00PM
    Siar an Bóthar (OS)

    Siar an Bóthar (OS)Sraith 13, Eipeasóid 2

    I measc na rannpháirtithe ar an gclár seo beidh fear na feadóige, Seán Potts, agus a mhac, Seán Óg. Casfaidh Jackie Daly agus Garry Ó Briain cúpla ríl dúinn agus beidh Banna Céilí an Thatch as Londain i measc na gceoltóirí mór le rá eile a bheidh ar an gclár.

  • 9:30PM
    Scannán: J Edgar (TS)

    Scannán: J Edgar (TS)

    (2011, Beathaisnéis) Leonardo DiCaprio, Armie Hammer agus Naomi Watts na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Clint Eastwood. Féachfaidh J. Edgar Hoover, a bhí ina cheannasaí cumhachtach ar an FBI le beagnach caoga bliain, siar ar a shaol proifisiúnta agus pearsanta.

  • 0:00AM
    Racht (OS & TS)

    Racht (OS & TS)Sraith 2, Eipeasóid 3

    Dr Adams

    Sraith 6 chlár a scrúdóidh dúnmharuithe ón am atá caite, féachaint lena gcúlra a thabhairt chun suntais agus tuiscint a fháil ar na cúiseanna a bhí leo agus a dtionchar ar na daoine a bhain leis an scéal. In Eastbourne Shasana sa mbliain 1957, cuireadh an Dr Adams as Aontroim ó dhúchas, ar a thriail faoi bhás othair leis. Bhí a chuid comharsan ag clamhsán le tamall gur mhinic uachtaí a chuid othar ag dul chun tairbhe don dochtúir seo, rud a spreag amhras faoin sórt aire a thug sé dóibh.

  • 0:30AM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 21, Eipeasóid 296

    An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

  • 0:35AM
    The Vampire Diaries (TS)

    The Vampire Diaries (TS)Sraith 6, Eipeasóid 9

    I Alone

    Bíonn Damon i dtrioblóid nuair a chuireann sé plean i gcrích a mbíonn cúnamh Alaric ag teastáil uaidh leis. Tugann Elena misneach do Jeremy faoi Bonnie ach ní bhíonn súil ar bith aici leis an méid a deir sé fúithi. Tugann Liv cúnamh do Damon agus do Elena le díoltas a fháil ar Bonnie ach nuair nach dtéann cúrsaí mar ba cheart bíonn uirthi cinneadh deacair a dhéanamh.

  • 1:25AM
    The Vampire Diaries (TS)

    The Vampire Diaries (TS)Sraith 6, Eipeasóid 10

    Christmas Through Your Eyes

    Agus na laethanta saoire ag teannadh leo, féachann Bonnie le roinnt de na traidisiúin is fearr a thaitníonn léi a chleachtadh fad is a bhíonn sí ag dul siar ar bhóithrín na smaointe in éineacht lena cuid cairde. Ní bhíonn Caroline in ann filleadh ar Mystic Falls don Nollaig agus mar sin tagann an Sirriam Forbes chomh fada léise i gColáiste Whitmore.

  • 2:15AM
    France 24

    France 24Sraith 9, Eipeasóid 296

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.