Sceideal | Irish Television Channel, Súil Eile | TG4 Skip to main content

Sceidil TG4

Programme Highlights

Inniu ar TG4

Sceidil an Lae

Dé Máirt 17 Deireadh Fómhair

  • 5:30AM
    France 24

    France 24Sraith 9, Eipeasóid 289

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

  • 7:00AM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 7:02AM
    Olivia (GS)

    Olivia (GS)Sraith 2, Eipeasóid 12

    Eachtra le Féileacán

    Tá Olivia ag iarraidh féileacán Chian a thabhairt ar scoil léi chun é a thaispeáint don rang. Nuair a éalaíonn an féileacán caitheann sí dul ina dhiaidh.

  • 7:13AM
    An Captaen Flinn agus na Foghlaithe Dineasár

    An Captaen Flinn agus na Foghlaithe DineasárSraith 1, Eipeasóid 30

    Ná Tit

    Tá planc nua ag na foghlaithe mara. Goideann siad Captaen Féasóg le go siúlfaidh seisean ar dtús é.

  • 7:25AM
    Astroblast! (GS)

    Astroblast! (GS)Sraith 1, Eipeasóid 51

    Cuairteoirí ag Méadú

    Níl a fhios ag na cairde cén fáth a bhfuil an oiread cuairteoirí ag teacht chuig an gcaifé.

  • 7:37AM
    Astroblast! (GS)

    Astroblast! (GS)Sraith 1, Eipeasóid 52

    Kapowsers!

    Tá faitíos ar na cairde nach bhfuil siad sách speisialta le bheith ar an teilifís.

  • 7:50AM
    Olly an Veain Bheag Bhán

    Olly an Veain Bheag BhánSraith 1, Eipeasóid 43

    Olly agus Daidí na Nollag

    Tabharfaidh Olly cúnamh do Dhaidí na Nollag na bronntanais ar fad a sheachadadh.

  • 7:55AM
    Olly an Veain Bheag Bhán

    Olly an Veain Bheag BhánSraith 1, Eipeasóid 44

    Olly an Ceapadóir

    Tá Olly ag ceapadh agus ag déanamh meaisíní nua le cúnamh a thabhairt dó lena chuid oibre.

  • 8:00AM
    Dora (GS)

    Dora (GS)Sraith 8, Eipeasóid 12

    Sábhálann Dora Tír na Sí (Páirt 1)

    Tá Dora agus Bróigín i dTír na Sí. An mbeidh siad in ann an draíocht a shábháil?

  • 8:25AM
    Tractor Tom

    Tractor TomSraith 1, Eipeasóid 44

    Sciatháin Wheezy

    Tá sé i bhfad níos deacra ná mar a cheap na cairde na caoirigh a chur isteach sa gharraí eile. Féachann na feithiclí le heitilt, seachas Wheezy, mar go mbíonn cúnamh ó Wheezy le dul ag eitilt.

  • 8:35AM
    Scéalta le Masha

    Scéalta le MashaSraith 3, Eipeasóid 19

    An Muicí

    Inseoidh Masha scéal faoi phrionsa a mhúineann ceacht do bhanphrionsa dána.

  • 8:42AM
    Zou

    ZouSraith 2, Eipeasóid 21

    Scéal Geimhridh

    Tá Zou agus muintir na háite ag réiteach d'Aonach an Gheimhridh ach cuireann an sneachta bac orthu go léir. Ach tagann Daideo agus Zou i gcabhair ar na daoine le céachta sneachta Dhaideo.

  • 8:54AM
    Masha agus an Béar

    Masha agus an BéarSraith 1, Eipeasóid 3

    Las an Crann Nollag!

    Tá deacrachtaí ag an mBéar agus ag Masha lena gcrann Nollag.

  • 9:01AM
    Messy, Seo Linn go Okido

    Messy, Seo Linn go OkidoSraith 1, Eipeasóid 17

    Messy Fuar

    Cabhraíonn Messy agus a chairde le Sneachtín, a gcara nua, a bhealach a dhéanamh abhaile.

  • 9:15AM
    Calimero

    CalimeroSraith 1, Eipeasóid 32

    Eochair an Mhistéir

    Tugann Calimero faoi deara go bhfuil duine éigin ag iarraidh briseadh isteach i gceardlann Do Vinci.

  • 9:30AM
    Ainmhithe Beaga Thart Orainn (OS)

    Ainmhithe Beaga Thart Orainn (OS)Sraith 2, Eipeasóid 12

    Ainmhithe sa Zú II Tráthnóna

    Caithfimid súil ar mar a chaitheann tuilleadh ainmhithe óga sa zú an tráthnóna.

  • 10:00AM
    The Waltons (TS)

    The Waltons (TS)Sraith 3, Eipeasóid 3

    Féachann John-Boy le hainm mhuintir Walton a chur ar chorn an ráis áitiúil mar gur bhuaigh Daideo an rás blianta ó shin.

  • 11:00AM
    Wind At My Back

    Wind At My BackSraith 3, Eipeasóid 10

    Grace of Hollywood

    Tá Grace ag iarraidh a bheith ina réalta óg. Tosaíonn sí gnó nua ag díol fo-éadaí, ach ní éiríonn ró-mhaith leis.

  • 11:55AM
    The Cook & The Chef (TS)

    The Cook & The Chef (TS)Sraith 3, Eipeasóid 33

    Bananas & Artichokes

    Sraith cócaireachta. Rachaidh Maggie go Tweed Valley i dTuaisceart New South Wales lena fháil amach faoi bhananaí an cheantair.

  • 12:30PM
    Léirmheas Leabhar (OS)

    Léirmheas Leabhar (OS)Sraith 1, Eipeasóid 7

    Sa tsraith nua seo, déanfaidh léirmheastóirí agus údair léirmheas ar leabhair Ghaeilge nua-fhoilsithe. Á chur i láthair ag Róisín Ní Ghairbhí. Tá an tsraith seo urraithe ag Foras na Gaeilge.

  • 1:05PM
    The Waltons (TS)

    The Waltons (TS)Sraith 3, Eipeasóid 6

    The Ring

    Tá Mary Ellen ag dul chuig damhsa. Ceannaíonn sí sparán dara láimhe don ócáid.

  • 2:05PM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 9, Eipeasóid 15

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

  • 3:00PM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 3:02PM
    Masha agus an Béar

    Masha agus an BéarSraith 2, Eipeasóid 17

    Masha an Sárlaoch

    Féachann Masha le bheith ina sárlaoch.

  • 3:09PM
    Masha agus an Béar

    Masha agus an BéarSraith 2, Eipeasóid 18

    Once in a Year

    Is gearr go mbeidh breithlá Masha ann agus tá sí ag déanamh cinnte nach ndéanfaidh aon duine dearmad air.

  • 3:16PM
    PJ Masks

    PJ MasksSraith 1, Eipeasóid 22

    Gekko agus an Cairrín Gheiceo ar iarraidh

    Níl Gekko ag tabhairt mórán aire dá chuid rudaí.

  • 3:28PM
    Cat a' Hata (GS)

    Cat a' Hata (GS)Sraith 1, Eipeasóid 43

    Créatúir Bheaga

    Tagann Nic ar bhóín Dé beag ach ansin feiceann Sailí seangán atá níos lú arís.

  • 3:40PM
    Cat a' Hata (GS)

    Cat a' Hata (GS)Sraith 1, Eipeasóid 44

    Aistear na Síolta

    Tá Sailí agus Nic ag dul ar eachtra, ach cén chaoi a rachaidh siad ann?

  • 3:55PM
    Cúla 4

    Cúla 4

    Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl, beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.

  • 3:57PM
    Alvinnn !!! agus na Chipmunks

    Alvinnn !!! agus na ChipmunksSraith 1, Eipeasóid 22

    Seo Linn ag Campáil!

    Ní maith le Dave an méid ama atá na hioraí talún ag caitheamh ag féachaint ar an ríomhaire. Tugann sé ag campáil iad don deireadh seachtaine.

  • 4:08PM
    Camp Lakebottom

    Camp LakebottomSraith 1, Eipeasóid 22

    Mamó Num Nums

    Tagann mamó Num Nums ar cuairt le aire a thabhairt do Bhláithín.

  • 4:19PM
    Garfield (GS)

    Garfield (GS)Sraith 4, Eipeasóid 44

    Cadhóití Gránna

    Bíonn Garfield agus a chriú i dtrioblóid nuair a chastar scata cadhóití orthu atá ag iarraidh pionós a chur ar Odie gan údar ar bith acu leis.

  • 4:32PM
    Winston Steinburger & Sir Dudley Ding Dong

    Winston Steinburger & Sir Dudley Ding DongSraith 1, Eipeasóid 22

    Poc Gabhair

    Tá físchluichí sa gcaifé anois. Ach baintear geit as Win nuair a thagann poc gabhair amach as ceann acu!

  • 4:43PM
    Spongebob Squarepants (GS)

    Spongebob Squarepants (GS)Sraith 9, Eipeasóid 31

    Spongebob Fadapants

    Athraíonn saol SpongeBob nuair a chuireann sé bríste fada air féin.

  • 4:55PM
    Dochreidte Gan Dabht (GS)

    Dochreidte Gan Dabht (GS)Sraith 2, Eipeasóid 10

    Seo é Dochreidte Gan Dabht, an clár ar a mbeidh na curiarrachtaí is aistí, is iontaí agus is dochreidte dá bhfaca tú riamh. Fear a bheidh ag surfáil agus cispheil ag dul timpeall ar a mhéar ag an am céanna ina measc. Á chur i láthair ag Eoghan Ó Loideáin.

  • 5:25PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 21, Eipeasóid 278

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 5:30PM
    Ros na Rún (OS & GS)

    Ros na Rún (OS & GS)Sraith 22, Eipeasóid 13

    Níl a fhios ag Fia fós céard is fearr di a dhéanamh. An mbeidh Máire agus Evan in ann comhairle a chur uirthi? Níl Berni cinnte fós faoi Bhriain ach socraíonn sí post a thabhairt dó i gCúl Chaint. Cuireann sé iontas ar Mack go bhfuil Dee ar buile leis agus ní thuigeann sé beo cén t-údar.

  • 6:00PM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 9, Eipeasóid 15

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

  • 6:57PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 21, Eipeasóid 290

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 7:00PM
    Nuacht TG4

    Nuacht TG4Sraith 20, Eipeasóid 290

    Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

  • 7:30PM
    Garraí Glas (OS)

    Garraí Glas (OS)Sraith 3, Eipeasóid 4

    Rachaidh Síle Nic Chonaonaigh ar fud na tíre ag casadh le garraíodóirí a bhíonn ag cur agus ag baint ar na seanbhealaí. Beidh neart saineolaithe, cócairí, soláthraithe agus iascairí ina measc. Casfaidh sí le Nancy Murray i gCúil Aodha in Iarthar Chorcaí. Tá paiste mór glasraí curtha aici chomh maith le cearca, lachain agus beacha a bheith aici. Tabharfaidh Jorg Muller ar an bportach í agus casfaidh sí le John Ó Máille a thaispeánfaidh di le móin a bhaint le sleán. Cuideoidh Kay Synott léi iomairí a shocrú ina garraí féin. Déanfaidh Gaby Wieland líomanáid as bláthanna caisearbháin.

  • 8:00PM
    Siar Chuig an bhFleadh (OS & TS)

    Siar Chuig an bhFleadh (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 3

    Caithfimid súil sa tríú clár ar stair Fhleadh Cheoil na hÉireann agus beimid i dteannta roinnt de na rannpháirtithe díograiseacha agus iad ag fáil faoi réir d'Fhleadh Cheoil na hÉireann in Inis in 2016. Uachtarán na hÉireann, Michael D. Higgins a chuir tús go hoifigiúil le himeachtaí na féile ansin. Beidh muintir Wall in iomaíocht sna chéad babhtaí de na comórtais. Caithfimid súil freisin ar stair na Scoile Éigse.

  • 8:30PM
    Ros na Rún (OS & GS)

    Ros na Rún (OS & GS)Sraith 22, Eipeasóid 13

    Níl a fhios ag Fia fós céard is fearr di a dhéanamh. An mbeidh Máire agus Evan in ann comhairle a chur uirthi? Níl Berni cinnte fós faoi Bhriain ach socraíonn sí post a thabhairt dó i gCúl Chaint. Cuireann sé iontas ar Mack go bhfuil Dee ar buile leis agus ní thuigeann sé beo cén t-údar.

  • 9:00PM
    Siar an Bóthar (OS)

    Siar an Bóthar (OS)Sraith 12, Eipeasóid 12

    An t-amhránaí breá ón mbanna 'Hothouse Flowers', Liam Ó Maonlaí as Baile Átha Cliath a chuirfidh tús leis an gclár leis an amhrán 'Seoladh na nGamhna' ar 'The Pure Drop' i mí Iúil 1991. Beidh mír againn as clár faisnéise gearr a rinneadh faoi Sara Makem agus ar a mac Tommy Makem.

  • 9:30PM
    Opry an Iúir (OS)

    Opry an Iúir (OS)Sraith 4, Eipeasóid 4

    Charlie Landsborough

    Séasúr eile de cheann de na sraitheanna ceoil is mó a thuilleann lucht féachana do TG4 - sraith coirmeacha ceoil a taifeadadh i sean-Halla an Bhaile san Iúr. Tá na láithreoirí - an rí é féin Daniel O'Donnell agus Lynette Fay ar ais agus rogha iontach amhránaithe ina gcuideachta. Sa tsraith seo, beidh Daniel ag canadh leaganacha Gaeilge d'amhráin atá luaite leis féin le fada an lá. Beidh a chuid aíonna speisialta, Charlie Landsborough agus Mairéad Ní Mhaonaigh ag ceol ar an gclár seo.

  • 10:40PM
    Nashville (TS)

    Nashville (TS)Sraith 5, Eipeasóid 2

    Back in Baby's Arms

    Tá Rayna ag iarraidh gurb é a scéal féin agus Deacon bun agus barr a chéad albam eile ach níl Deacon ná Bucky ar aon intinn léi. Iarrann Autumn Chase ar Gunnar dul chun stáitse ina teannta arís agus ní mó ná sásta atá Scarlett faoi. Castar Jakob Fine, dearthóir éadaí, ar Will ag ceiliúradh a bhreithlae. Tá sé ag goilliúint go mór ar Juliette go bhfuil sí i gcathaoir rothaí agus ní maith léi go bhfeicfeadh an pobal mar sin í.

  • 11:30PM
    Friday Night Lights (TS)

    Friday Night Lights (TS)Sraith 1, Eipeasóid 12

    What to Do While You're Waiting

    Tá todhchaí na Panthers ag brath ar chluiche idir dhá fhoireann eile agus is beag smacht atá acu air. Tá cúrsaí soir siar tigh Street de bharr go bhfuil siad ag cur an dlí ar Chóitseálaí Taylor. Tá sé ag cinneadh ar athair Matt dul i gcleachtadh ar an saol ag baile.

  • 0:25AM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 21, Eipeasóid 290

    An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

  • 0:30AM
    Fíorscéal (OS & TS)

    Fíorscéal (OS & TS)Sraith 18, Eipeasóid 5

    Tearmann á Bhá

    Clár faisnéise ar an Isle de Jean Charles, oileán i Louisiana, Meiriceá, a bheidh faoi bhun leibhéal na farraige go gairid. Is ar thionscal na hola atá an milleán go bhfuil leibhéal na farraige ag ardú, go bhfuil an talamh á chreimeadh agus go bhfuil tubaistí timpeallachta ag tarlú ann. Bhí cónaí ar threibh Indiach ar a dtugtar, Biloxi-Chitimacha-Choctaw ar an oileán tráth ach bhí orthu an t-oileán a fhágáil de bharr téamh domhanda. Cé gur gealladh do na hIndiaigh go dtabharfaí maoiniú dóibh agus go n-athlonnófaí iad, bhí an-mhoill air.

  • 1:35AM
    France 24

    France 24Sraith 9, Eipeasóid 290

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.