Sceideal | Irish Television Channel, Súil Eile | TG4 Skip to main content
Menu

Sceidil TG4

Programme Highlights

Inniu ar TG4

Sceidil an Lae

Déardaoin 21 Meitheamh

  • 5:30AM
    France 24

    France 24Sraith 10, Eipeasóid 172

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

  • 7:00AM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 7:02AM
    Olivia (GS)

    Olivia (GS)Sraith 1, Eipeasóid 48

    Olivia ag an Trá

    Tugann Mamó Olivia agus Cian chuig trá speisialta ach bíonn iontas orthu go bhfuil sconsa tógtha ag seanchara Mhamó chun iad a choinneáil amach.

  • 7:13AM
    Dinosaur Train (GS)

    Dinosaur Train (GS)Sraith 2, Eipeasóid 14

    Carr na Naíonán

    Tá carr nua i dTraein na nDineasár, carr na naíonán.

  • 7:25AM
    An Captaen Flinn agus na Foghlaithe Dineasár

    An Captaen Flinn agus na Foghlaithe DineasárSraith 1, Eipeasóid 40

    Macasamhail

    Gabhann fir an Rí Flinn agus a chriú mar go gceapann siad gur ghoid siad taisce.

  • 7:37AM
    Wanda and the Alien

    Wanda and the AlienSraith 1, Eipeasóid 14

    Ga Gréine

    Tá pluais aimsithe ag Wanda agus Eachtrán ach tá faitíos orthu dul isteach ann. Céard a aimseoidh siad ann?

  • 7:47AM
    Wissper

    WissperSraith 1, Eipeasóid 14

    Trioblóid le Fiacla an Tíogair

    Tá dath aisteach ar fhiacla Stríocaí. Iarrann Wissper cúnamh ar Chian chun iad a chur ina gceart.

  • 7:55AM
    Tractor Tom

    Tractor TomSraith 1, Eipeasóid 25

    Lá gnóthach ag Tom

    Nuair a fhágann Fi Tom i gceannas, caitheann sé dul i ngleic le cúpla bligeard.

  • 8:05AM
    Balloon Barnyard

    Balloon BarnyardSraith 1, Eipeasóid 6

    Seó na mBuanna

    Tá seó tallainne ar siúl i gClós na mBalún ach níl a fhios ag Pip céard a dhéanfaidh sé.

  • 8:12AM
    The Furchester Hotel

    The Furchester HotelSraith 1, Eipeasóid 14

    Dealbh

    Féachann muintir Furchester le dealbh álainn atá réidh le titim a shábháil!

  • 8:24AM
    Is Ait an Mac é Mús

    Is Ait an Mac é MúsSraith 1, Eipeasóid 14

    Ag Campáil

    Tá Jeaicín ar chúrsa siúlóireachta agus má éiríonn leis Campa B a shroicheadh amárach, gheobhaidh sé bonn cré-umha.

  • 8:31AM
    Zou

    ZouSraith 2, Eipeasóid 14

    Zou agus and Bosca Rúnda

    Stróiceann Zou agus Zak bosca rúnda a d'fhág Elzee acu le haire a thabhairt dó. Tugann Daideo cúnamh dóibh len é a dheisiú ach molann sé dóibh an fhírinne a insint.

  • 8:44AM
    Masha agus an Béar

    Masha agus an BéarSraith 2, Eipeasóid 10

    An Iomarca Daoine

    Tagann col ceathar Masha ar cuairt agus ní bhíonn an Béar in ann iad a aithint thar a chéile.

  • 8:50AM
    Dot

    DotSraith 1, Eipeasóid 23

    Daid agus an tIasc

    Téann Dot ag iascaireacht lena hathair.

  • 9:02AM
    Cat a' Hata (GS)

    Cat a' Hata (GS)Sraith 1, Eipeasóid 22

    Gaofar

    Tá Sailí, Nic agus an Cat ag iarraidh eitleog a chur ag eitilt ach níl sé sách gaofar.

  • 9:15AM
    Alvinnn !!! agus na Chipmunks

    Alvinnn !!! agus na ChipmunksSraith 1, Eipeasóid 14

    Theodore agus an Gadaí

    Impíonn Alvin ar Theodore an clár scátála a bhí uaidh le fada a cheannach dó ach nach gcaitheann Theodore airgead Alvin uilig ar mhilseáin!

  • 9:30AM
    Ainmhithe Craiceáilte (OS & TS)

    Ainmhithe Craiceáilte (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 93

    Beir Orm Má Tá Tú in Ann

    Ar chlár an lae inniu beidh muc atá ina pheata, toirtís a bhfuil ocras air agus bréagán a thagann chun beatha!

  • 10:00AM
    Little House on the Prairie (TS)

    Little House on the Prairie (TS)Sraith 8, Eipeasóid 8

    Chicago

    Téann Charles agus an tUasal Edwards go Chicago le bás John Jr. a fhiosrú. Faigheann siad amach nach timpiste ar bith a bhí ann.

  • 10:59AM
    Little House on the Prairie (TS)

    Little House on the Prairie (TS)Sraith 8, Eipeasóid 9

    For the Love of Nancy

    Is maith le Elmer Nancy agus nuair a thuigeann Nancy é seo baineann sí buntáiste as agus iarrann ar Elmer a cuid oibre ar fad timpeall an tí a dhéanamh di. Nuair a thuigeann Elmer é seo, socraíonn sé éirí as an scoil.

  • 12:00PM
    Cheese Slices (TS)

    Cheese Slices (TS)Sraith 4, Eipeasóid 3

    Cheeses of Quebec

    Sraith a fhiosraíonn na scéalta agus na traidisiúin iontacha a bhaineann leis na cáiseanna is mó cáil ar domhan. Cáiseanna Quebec a bheidh faoi chaibidil ar an gclár seo. Tá borradh faoi dhéanamh cáise i Quebec, Ceanada. Tabharfaidh Will cuairt ar Quebec chun a fháil amach an raibh aon tionchar ag na lonnaitheoirí as an bhFrainc ar an athbheochan seo. Tar éis dó an cháis thraidisiúnta is sine a dhéantar fós i Meiriceá Thuaidh a fheiceáil, rachaidh sé go lle-aux-Grues in Abhainn St Lawrence lena fháil amach cén chaoi a bhfuil déantóir beag céadair ag dul i dtaithí ar an margadh.

  • 12:30PM
    Bia 's Bóthar (OS)

    Bia 's Bóthar (OS)Sraith 2, Eipeasóid 7

    Cionn tSáile

    Sa chlár seo rachaidh Éamonn go Cionn tSáile. Gheobhaidh sé a lán rudaí amach faoi iasc agus faoi stair na háite. Buailfidh sé le hiascaire darb ainm Liam O'Riordan. Tabharfaidh sé cuairt ar Ummera Smokehouse chomh maith agus rachaidh sé ag iascaireacht.

  • 1:05PM
    The Gilmore Girls (TS)

    The Gilmore Girls (TS)Sraith 6, Eipeasóid 9

    The Prodigal Daughter Returns

    Sraith ghrinn drámaíochta. Faigheann Lorelai glaoch ó athair Rory a tharraingíonn achrann idir í féin agus Luke. Tagann cuairteoir nach raibh súil ar bith leis ar cuairt ar Luke chuig Stars Hollows agus níl a fhios aige cén chaoi a n-inseoidh sé do Lorelai faoi. I ndiaidh dóibh míonna fada a chaitheamh gan labhairt lena chéile, socraíonn Lorelai agus Rory déanamh mór lena chéile.

  • 2:00PM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 9, Eipeasóid 25

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

  • 3:00PM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 3:02PM
    Masha agus an Béar

    Masha agus an BéarSraith 2, Eipeasóid 25

    Ninja Bhaile s'Againne

    Déanann Masha agus an Panda ninja díobh féin le ceacht a mhúineadh don Bhéar dubh dána.

  • 3:09PM
    Olly an Veain Bheag Bhán

    Olly an Veain Bheag BhánSraith 1, Eipeasóid 13

    An Nollaig sa Zú

    Tá sé ag cur sneachta agus níl na trucailí in ann bia a thabhairt chuig na hainmhithe sa zú.

  • 3:14PM
    PJ Masks

    PJ MasksSraith 1, Eipeasóid 6

    Trioblóid Pterodactyl Owlette

    Ní mó ná sásta atá Owlette le Catboy anocht.

  • 3:26PM
    Cat Cliste

    Cat ClisteSraith 1, Eipeasóid 13

    Cá nDeachaigh na Féileacáin Ar Fad?

    Socraíonn na cairde tearmann nua a dhéanamh do na féileacáin sa ghairdín.

  • 3:38PM
    Cat a' Hata (GS)

    Cat a' Hata (GS)Sraith 1, Eipeasóid 13

    Teach Crainn

    Bíonn Sailí agus Nic ag spraoi thuas sa teachín crainn nuair a ghlaonn máthair Nic orthu don lón.

  • 3:54PM
    Cúla 4

    Cúla 4

    Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl, beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.

  • 3:55PM
    Alvinnn !!! agus na Chipmunks

    Alvinnn !!! agus na ChipmunksSraith 1, Eipeasóid 47

    Brittany an Picasso

    Iarrann Jeanette ar na hioraí talún léirmheas a dhéanamh ar phíosa ealaíne Brittany. Cé nach bhfuil mórán caoi ar an bpíosa atá déanta aici níl siad ag iarraidh Brittany a ghortú agus ligeann siad orthu go bhfuil sé iontach.

  • 4:06PM
    Dónall Dána (GS)

    Dónall Dána (GS)Sraith 1, Eipeasóid 40

    Casann Dónall Dána leis an mBanríon

    Tá an Bhanríon ag teacht chuig scoil Dhónaill agus déanfaidh sé rud ar bith le labhairt léi.

  • 4:17PM
    Jamie's Got Tentacles

    Jamie's Got TentaclesSraith 1, Eipeasóid 13

    Saighdiúirí Teo

    Tá saighdiúir tagtha chun Jamie a ghabháil.

  • 4:30PM
    Winston Steinburger & Sir Dudley Ding Dong

    Winston Steinburger & Sir Dudley Ding DongSraith 1, Eipeasóid 39

    Culaith Nua Winston

    Déanann Winston culaith nua le bheith cosúil le Sáirsint Sasha, ach mar is iondúil tarraingíonn a aireagán trioblóid air.

  • 4:40PM
    Dochreidte Gan Dabht (GS)

    Dochreidte Gan Dabht (GS)Sraith 1, Eipeasóid 11

    Seo é Dochreidte Gan Dabht, an clár ar a mbeidh na curiarrachtaí is aistí, is iontaí agus is dochreidte dá bhfaca tú riamh. Casfaidh Ben le fear a bhfuil bailiúchán an-aisteach go deo aige. Á chur i láthair ag Eoghan Ó Loideáin.

  • 5:10PM
    Dochreidte Gan Dabht (GS)

    Dochreidte Gan Dabht (GS)Sraith 4, Eipeasóid 13

    Seo é Dochreidte Gan Dabht, an clár ar a mbeidh na curiarrachtaí is aistí, is iontaí agus is dochreidte dá bhfaca tú riamh. Féachann foireann curiarracht a bhaint amach leis an méid is mó aer-rothlaithe tríd fáinne a dhéanamh i nóiméad amháin. Á chur i láthair ag Eoghan Ó Loideáin.

  • 5:27PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 21, Eipeasóid 147

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 5:30PM
    Fuaimrian Mo Shaoil (OS)

    Fuaimrian Mo Shaoil (OS)Sraith 1, Eipeasóid 2

    Maighréad Ní Dhomhnaill

    Labhróidh Dáithí Ó Sé leis an amhránaí agus ceoltóir Maighréad Ní Dhomhnaill faoin gceol a thug inspioráid di, an grúpa ceoil tíre 'Skara Brae' a bhunú, faoin ngrá atá aici do cheol Dolly Parton agus faoin obair a rinne sí in éineacht le Dónal Lunny.

  • 6:00PM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 9, Eipeasóid 25

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

  • 6:57PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 22, Eipeasóid 172

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 7:00PM
    Nuacht TG4

    Nuacht TG4Sraith 21, Eipeasóid 172

    Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

  • 7:20PM
    GAA Beo

    GAA BeoSraith 18, Eipeasóid 97

    Craoladh beo agus iarbheo ar Chluichí Leathcheannais Chraobhchomórtas Iomána Faoi 21 na Mumhan. Á chur i láthair ag Micheál Ó Domhnaill.

  • 9:00PM
    Féilte - Slí an Atlantaigh (OS)

    Féilte - Slí an Atlantaigh (OS)Sraith 4, Eipeasóid 4

    An Líonán go Rinn Mhaoile

    Ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin a bheidh Féilte i mbliana agus is sa Líonán agus i Rinn Mhaoile i nGaillimh a bheimid an tseachtain seo. Beidh neart ceoil agus damhsa againn, togha agus rogha an bhia áitiúil agus imeachtaí go leor, tumadóireacht ina measc. Beidh seans ag an lucht féachana sa bhaile saoire a bhuachan i dTuaisceart Chonamara. Á chur i láthair ag Síle Ní Bhraonáin.

  • 9:30PM
    Crainn na hÉireann (OS & TS)

    Crainn na hÉireann (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 6

    Crab Apple & Hazel Trees

    An crann fia-úll agus an crann coill is ábhar do chlár na seachtaine seo á chur i láthair ag Manchán Magan. Fiosróidh Manchán na traidisiúin a bhaineann leis an bhfómhar go háirithe traidisiúin na Samhna. Fiosróidh sé an nós a bhíodh ann fadó barrscoitheadh a dhéanamh ar chrainn, rud atá á dhéanamh anois arís agus fiosróidh sé an úsáid a bhaintí as an gcoll le tithe a dhéanamh fadó.

  • 10:00PM
    Racht (OS)

    Racht (OS)Sraith 1, Eipeasóid 2

    Stephen Lyne

    Sraith 6 chlár ina bhfiosraítear an cúlra a bhain le dúnmharú a tharla in áit iargúlta in Éirinn agus ina raibh mothúchán láidir - fearg, éad, náire, eagla - i gcroílár an fhoréigin a tharla. Fiosrófar cásanna Stephen Lyne, Molly Bunberry, Leanbh 'E', Patrick Devine, Conell Boyle agus Shaun Fitzpatrick.

  • 10:30PM
    Fíorscéal (OS & TS)

    Fíorscéal (OS & TS)Sraith 18, Eipeasóid 10

    Cosán an Tíofúin

    Clár faisnéise ar an damáiste mór a dhéanann cioclóin agus mar a ceapadh an chéad chóras réamhaisnéise cioclón. Maireann séasúr na cioclón trópaiceach ó Bhealtaine go Deireadh Fómhair. Téann siad ó thuaidh os cionn na Téaváine, Hong Cong, na Cóiré agus na Seapáine agus déanann scrios mór agus luach na billiún dollar damáiste. I mí na Nollag 1945, fad is a bhí iompróirí aerárthaí Mheiriceá ag déanamh ionsaí ar an tSeapáin, d'eitil siad isteach i dtíofúin mhóra. Ina dhiaidh sin cheap Muirshaighdiúirí na Stát Aontaithe an chéad chóras réamhaisnéise cioclón.

  • 11:33PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 22, Eipeasóid 172

    An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

  • 11:35PM
    Scannán: Aces 'N' Eights (TS)

    Scannán: Aces 'N' Eights (TS)

    Ace's 'N' Eights

    (2008, Scannán Aicsin, Eachtraíochta & Dráma) Casper Van Dien, Bruce Boxleitner agus Ernest Borgnine na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Craig R. Baxley. Féachann grúpa fear, i mbaile nach bhfuil dlí ná ord, stop a chur le fear mailíseach atá ag iarraidh iarnród a thógáil ar a gcuid talún.

  • 1:10AM
    D�il �ireann

    D�il �ireannSraith 18, Eipeasóid 64

    Craoladh ar imeachta� na maidine de riar na hoibre i nD�il �ireann.

  • 1:35AM
    France 24

    France 24Sraith 10, Eipeasóid 172

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.