Sceideal | Irish Television Channel, Súil Eile | TG4 Skip to main content

Sceidil TG4

Programme Highlights

Inniu ar TG4

Sceidil an Lae

Dé Luain 11 Nollaig

  • 5:30AM
    France 24

    France 24Sraith 9, Eipeasóid 344

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

  • 7:00AM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 7:02AM
    Olivia (GS)

    Olivia (GS)Sraith 1, Eipeasóid 25

    Olivia agus an Pictiúr Teaglaigh

    Tá Mamaí ag iarraidh pictiúr teaghlaigh na Nollag a thógáil i lár an tsamhraidh.

  • 7:13AM
    An Captaen Flinn agus na Foghlaithe Dineasár

    An Captaen Flinn agus na Foghlaithe DineasárSraith 1, Eipeasóid 17

    Custard Aisteach

    Déanann an custard gránna a rinne Féasóg na gasúir tinn.

  • 7:25AM
    Astroblast! (GS)

    Astroblast! (GS)Sraith 1, Eipeasóid 25

    Bronntanas Chomet

    Faigheann Comet bronntanas iontach do Radar. Tá Comet é féin chomh tógtha leis an mbronntanas go bhfuil fonn air é a choinneáil.

  • 7:37AM
    Astroblast! (GS)

    Astroblast! (GS)Sraith 1, Eipeasóid 26

    Tá Réalta inár Measc

    Bíonn díomá ar Comet nuair nach bhfaigheann sé an phríomhpháirt sa dráma ach foghlaimíonn sé ceacht an-tábhachtach dá bharr.

  • 7:50AM
    Olly an Veain Bheag Bhán

    Olly an Veain Bheag BhánSraith 2, Eipeasóid 4

    Busanna Phlimpáin

    Tá deireadh curtha ag an Uasal Dris le seirbhís bus Phlimpáin agus níl aon bhealach chuig an trá anois ag Ned ná ag Meg.

  • 7:55AM
    Olly an Veain Bheag Bhán

    Olly an Veain Bheag BhánSraith 2, Eipeasóid 5

    Dífhostaithe

    Nuair a thugann an tUasal Dris bóthar dá chuid cúntóirí, féachann Stan agus Olly le jabanna eile a fháil dóibh.

  • 8:00AM
    Dora (GS)

    Dora (GS)Sraith 8, Eipeasóid 13

    Sábhálann Dora Tír na Sí (Cuid 2)

    Tá Dora agus Bróigín i dTír na Sí ach an mbeidh siad in ann an draíocht a shábháil?

  • 8:25AM
    Tractor Tom

    Tractor TomSraith 1, Eipeasóid 47

    Amhráin Wheezy

    Tá gach duine seachas Rora ag casadh amhráin Wheezy.

  • 8:35AM
    Scéalta le Masha

    Scéalta le MashaSraith 3, Eipeasóid 6

    An Mac tíre agus an Sionnach

    Inseoidh Masha scéal an tsionnaigh ghlic agus an chomhairle a chuireann sí ar an mac tíre.

  • 8:42AM
    Zou

    ZouSraith 2, Eipeasóid 8

    Zou agus Hata Nanna

    Ceannaíonn Nanna hata nua ach trí thimpiste milleann Zou é. Éiríonn leis féin agus a chairde hata níos fearr a dhéanamh do Nanna.

  • 8:54AM
    Masha agus an Béar

    Masha agus an BéarSraith 2, Eipeasóid 24

    Cóisir na Samhna

    Is sióg dhraíochtúil í Masha agus faigheann sí cultacha speisialta dá cairde do chóisir na Samhna.

  • 9:01AM
    Messy, Seo Linn go Okido

    Messy, Seo Linn go OkidoSraith 1, Eipeasóid 4

    Blas Caillte

    Tá slaghdán ar Messy agus níl an blas céanna ar bhia anois, go háirithe ar a chuid stocaí glasa.

  • 9:15AM
    Calimero

    CalimeroSraith 1, Eipeasóid 19

    Calimero, Rí an Bhainseó

    Cuireann Calimero agus a athair isteach ar chomórtas amhránaíochta.

  • 9:30AM
    Ainmhithe Beaga Thart Orainn (OS)

    Ainmhithe Beaga Thart Orainn (OS)Sraith 2, Eipeasóid 11

    Ainmhithe sa Zú Maidin

    Caithfimid súil ar mar a chaitheann tuilleadh ainmhithe óga sa zú an mhaidin.

  • 10:00AM
    The Waltons (TS)

    The Waltons (TS)Sraith 4, Eipeasóid 20

    The Big Brother

    Tagann John-Boy ar chailín óg atá ag taisteal aisti féin is cosúil. Tugann sé abhaile leis í ach is léir nach maith le Daideo í.

  • 11:00AM
    Road to Avonlea

    Road to AvonleaSraith 3, Eipeasóid 10

    After the Honeymoon

    Tagann bean, ar eolaí í, chuig Avonlea chun cúnamh a thabhairt do Jasper Dale le turgnaimh ar ialtóga. Ní i bhfad é go mbíonn Jasper ag caitheamh níos mó ama in éineacht leis an eolaí ná in éineacht le Olivia. Bíonn chuile dhuine ar an mbaile ag caint faoi. Féachann Sara agus Felix lena fháil amach an vaimpír é Jasper.

  • 11:55AM
    Cheese Slices

    Cheese SlicesSraith 4, Eipeasóid 5

    Mozzarella and the Cheeses of Campania Italy

    Sraith a fhiosraíonn na scéalta agus na traidisiúin iontacha a bhaineann leis na cáiseanna is mó cáil ar domhan. Cáiseanna Mozzarella agus Campania na hIodáile a bheidh faoi chaibidil ag Will inniu. Tabharfaidh Will a aghaidh ar cheantar Campania chun cáiseanna grutha na háite a fheiceáil. As bainne amh caorach a dhéantar an cháis seo agus aibítear í i gcrúsca terracotta. Taispeánfaidh Cuntaois dó leis an bpíotsa tine adhmaid is fearr a dhéanamh. Fiosróidh sé ansin mar a dhéantar cáis Caciocavallo, cáis ghrutha thraidisiúnta a dhéantar as bainne bó.

  • 12:25PM
    Ó Cuisine (OS)

    Ó Cuisine (OS)Sraith 1, Eipeasóid 1

    Nollaig

    Réiteoidh Orla Talbot as Óstán Talbot, Béal an Mhuirthead, béile de chineál eile seachas gnáthbhéile na Nollag; Figí líonta le cáis Mascarpone, Luan Fiafheola agus Meireang na Nollag.

  • 1:05PM
    The Waltons (TS)

    The Waltons (TS)Sraith 5, Eipeasóid 10

    The Great Motorcycle Race

    Cuireann Jim-Bob caoi ar sheanghluaisrothar Ike agus cuireann sé isteach ar rás gluaisrothar. Tá muintir Godsey ag cuimhneamh ar pháiste a uchtú.

  • 2:05PM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 9, Eipeasóid 24

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

  • 3:00PM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 3:02PM
    Masha agus an Béar

    Masha agus an BéarSraith 1, Eipeasóid 17

    Tubaiste sa Chistin

    Tá an Béar ag imirt cluiche táiplise. Iarrann Masha air béile a réiteach di. Réitíonn sé leite di ach ní thaitníonn sé léi.

  • 3:09PM
    Masha agus an Béar

    Masha agus an BéarSraith 1, Eipeasóid 18

    Ag Níochán

    Bíonn an Béar seasta ag níochán éadaí Masha mar go mbíonn siad brocach i gcónaí.

  • 3:16PM
    PJ Masks

    PJ MasksSraith 1, Eipeasóid 9

    Sábhálann Gekko an Nollaig

    Ní maith le Gekko a bheith ag scátáil ar an oighear. Ach ní bheidh aon rogha aige anocht má tá sé ag iarraidh an Nollaig a shábháil.

  • 3:28PM
    Cat a' Hata (GS)

    Cat a' Hata (GS)Sraith 1, Eipeasóid 1

    Mil Bhlasta

    Níl aon mhil fanta ag Sailí agus Nic. Ar an dea-uair tá a fhios ag an gCat cá bhfaighidh sé tuilleadh di!

  • 3:40PM
    Cat a' Hata (GS)

    Cat a' Hata (GS)Sraith 1, Eipeasóid 2

    Imirce

    Tá an gabhlán corcra a bhí i ngairdín Sailí imithe amú.

  • 3:55PM
    Cúla 4

    Cúla 4

    Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl, beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.

  • 3:57PM
    Alvinnn !!! agus na Chipmunks

    Alvinnn !!! agus na ChipmunksSraith 1, Eipeasóid 9

    Is Tú Mo Ghrá gheal!

    Téann Simon faoi thriail phearsantachta chun a ghrá geal a aimsiú. Socraíonn Alvin an rud céanna a dhéanamh lena chruthú gur seafóid é an scrúdú céanna, sin go léiríonn an scrúdú gurb í Brittany a ghrá geal.

  • 4:08PM
    Dónall Dána (GS)

    Dónall Dána (GS)Sraith 1, Eipeasóid 31

    Horrid Henry's Injection

    Déanfaidh Dónall rud ar bith le hinstealladh a sheachaint ar scoil.

  • 4:19PM
    Garfield (GS)

    Garfield (GS)Sraith 4, Eipeasóid 29

    Ag Comhaireamh Caorach

    Níl Garfield in ann titim ina chodladh mar gheall gur ól sé an iomarca caife.

  • 4:32PM
    Winston Steinburger & Sir Dudley Ding Dong

    Winston Steinburger & Sir Dudley Ding DongSraith 1, Eipeasóid 9

    Curiarrachtaí

    Tá Winston ag iarraidh a bheith i Leabhar Mór na gCuriarrachtaí, ach is léir gur naimhde iad Cutty agus Flugg, an moltóir. An gcuirfidh sé sin isteach ar iarrachtaí Winston?

  • 4:43PM
    Fangbone

    FangboneSraith 1, Eipeasóid 37

    Mionn Bréige-Cuid a hAon

    Imríonn Bill cleas ar Drool chun é a sheoladh chuig Tír na hOíche agus síleann sé féin agus Fangbone go bhfuil an draoi olc sáraithe go deo acu.

  • 4:55PM
    Whiz sa Chistin (GS)

    Whiz sa Chistin (GS)Sraith 1, Eipeasóid 25

    Seó cluichí é Whiz sa Chistin atá bunaithe ar bhia. Beidh ceathrar leanaí sa chistin ar gach clár agus beidh a fhios againn cé chomh maith is atá said sa chistin nuair a chaithfidh siad tabhairt faoi dhúshlán bia agus ceisteanna go leor a fhreagairt. Ar chlár an lae inniu tabharfaidh Calum agus Alex aghaidh ar Kira agus ar Pháidí.

  • 5:25PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 21, Eipeasóid 325

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 5:30PM
    A Little Bit Country

    A Little Bit CountrySraith 1, Eipeasóid 9

    Louise Morrissey

    Louise Morrissey a bheidh faoi chaibidil ar an gclár seo. Chuir sí tús lena saol ceoil nuair nach raibh sí ach ina déagóir. Bhí banna ceoil aici féin agus ag a beirt deartháireacha - The Morrisseys. Bhunaigh sí banna nua ceoil tíre i 1988 agus d'éirigh thar cionn lena gcéad singil 'The Night Daniel O'Donnell came to Town'. Bhí sí i mbarr a réime i 1993 ach bhí drochthimpiste bóthair aici agus b'éigean di briseadh a thógáil. Féachfaidh an clár seo ar scéal Louise ag baint úsáide as cartlann a théann siar chomh fada leis an mbliain 1978.

  • 6:00PM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 9, Eipeasóid 24

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

  • 6:57PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 21, Eipeasóid 345

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 7:00PM
    Nuacht TG4

    Nuacht TG4Sraith 20, Eipeasóid 345

    Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

  • 7:30PM
    Laochra Gael (OS & TS)

    Laochra Gael (OS & TS)Sraith 11, Eipeasóid 9

    Conor Hayes

    Bhí Conor Hayes ina chaptaen ar fhoireann iomána na Gaillimhe nuair a bhuaigh siad Craobh na Éireann dhá uair i ndiaidh a chéile in 1987 agus in 1988. Bhuaigh sé craobh na hÉireann trí huaire agus thug sé fir na Gaillimhe chomh fada le Cluiche Ceannais na hÉireann in 2005 agus é ina bhainisteoir. Cuirfear Joe Mac Donncha, Pat Fleury agus Ken Hogan faoi agallamh ar an gclár.

  • 8:00PM
    Jim Driscoll, Dornálaí (OS & TS)

    Jim Driscoll, Dornálaí (OS & TS)

    Scéal Jim Driscoll, dornálaí agus fear uasal a thuill cáil as a chumas sa gcró dornálaíochta agus meas as a chineáltacht agus as a dhílseacht dá dhúchas agus dá mhuintir. Bhásaigh sé leis an eitinn i 1925 agus d'fhreastail os cionn 100,000 duine ar a shochraid i Cardiff na Breataine Bige. Is sa gcathair sin a rugadh é in 1880, de bhunadh Éireannach. Áirítear Jim Driscoll ar dhuine de na dornálaithe ab fhearr agus ba sciliúla riamh agus bhí cáil ar leith ar a chumas leis an gciotóg. Sa gclár seo tabharfaidh staraithe & saineolaithe dornálaíochta, a mbreithiúnas ar a shaol agus ar a oidhreacht.

  • 9:00PM
    The Foster & Allen Show

    The Foster & Allen ShowSraith 3, Eipeasóid 5

    Sraith eile ceoil agus siamsaíochta i dteannta Mick Foster agus Tony Allen. Is iad Barney McKenna agus Eamonn Campbell ón mbanna 'The Dubliners' aíonna na hoíche anocht.

  • 9:30PM
    Scannán: Things we Lost in the Fire (TS)

    Scannán: Things we Lost in the Fire (TS)

    (2007, Dráma) Halle Berry, Benicio Del Toro agus Alison Lohman na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Susanne Bier. Tugann baintreach cuireadh don chara is fearr a bhí ag a fear céile, atá anois básaithe, fanacht in éineacht léi féin agus a cuid gasúr. Tugann an cara, a bhfuil a shaol ina chiseach, cúnamh don teaghlach déileáil le bás an fhir.

  • 11:35PM
    Fir, Marú agus Grá (OS & TS)

    Fir, Marú agus Grá (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 4

    Frank McCann

    Sraith ina gcaitear súil ar chásanna dúnmharaithe in Éirinn inar mharaigh an fear a chéile nó a leannán. I mí Mheán Fómhair 1992 las Frank McCann a theach cónaithe i Ráth Fearnáin i ndeisceart Bhaile Átha Cliath. Bhí a bhean chéile Esther agus a neacht Jessica ina gcodladh ag an am agus maraíodh iad sa dóiteán. Dúradh sa gcúirt gur las sé an teach agus gur thug bás na beirte mar go raibh imní air go sceithfí roinnt rún a bhain lena shaol pearsanta agus go ndéanfadh sin dochar dá uaillmhian bheith ina Uachtarán ar an gCónaidhm Snámha.

  • 0:05AM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 21, Eipeasóid 345

    An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

  • 0:10AM
    The Vampire Diaries

    The Vampire DiariesSraith 7, Eipeasóid 1

    Day One of 22000, Give or Take

    Caithfidh Damon leanúint air d'uireasa a ghrá geal. Féachann Stefan leis an gcathair a choinneáil slán ó Lily, a mháthair féin agus máthair Damon. Tuigeann Enzo nach bhfuil aon áit aige i saol nua Lily.

  • 1:00AM
    The Vampire Diaries

    The Vampire DiariesSraith 7, Eipeasóid 2

    Never Let Me Go

    Bíonn ar Damon déanamh mór lena mháthair nuair a dhéanann sé cinneadh gan smaoineamh a d'fhéadfadh socrú idir Stefan agus Lily a chur i mbaol. Iarrann Alaric cabhair ar Bonnie le déantán a fuair sé, déantán a d'fhéadfadh a bheith dainséarach.

  • 1:50AM
    France 24

    France 24Sraith 9, Eipeasóid 345

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.