Sceideal | Irish Television Channel, Súil Eile | TG4 Skip to main content

Sceidil TG4

Programme Highlights

Inniu ar TG4

Sceidil an Lae

Dé hAoine 03 Samhain

  • 5:30AM
    France 24

    France 24Sraith 9, Eipeasóid 306

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

  • 7:00AM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 7:02AM
    Olivia (GS)

    Olivia (GS)Sraith 2, Eipeasóid 25

    Tóraíocht Taisce

    Téann rang Olivia ar thuras scoile ach bíonn rudaí ina gcíor thuathail nuair a chailleann Bean Hogenmuller eochair an bhus!

  • 7:13AM
    An Captaen Flinn agus na Foghlaithe Dineasár

    An Captaen Flinn agus na Foghlaithe DineasárSraith 1, Eipeasóid 43

    Saol Dippy

    Bogann Dippy isteach in éineacht le Flinn agus a chriú.

  • 7:25AM
    Astroblast! (GS)

    Astroblast! (GS)Sraith 1, Eipeasóid 25

    Bronntanas Chomet

    Faigheann Comet bronntanas iontach do Radar. Tá Comet é féin chomh tógtha leis an mbronntanas go bhfuil fonn air é a choinneáil.

  • 7:37AM
    Astroblast! (GS)

    Astroblast! (GS)Sraith 1, Eipeasóid 26

    Tá Réalta inár Measc

    Bíonn díomá ar Comet nuair nach bhfaigheann sé an príomhpháirt sa dráma ach foghlaimíonn sé ceacht an-tábhachtach dá bharr.

  • 7:50AM
    Olly an Veain Bheag Bhán

    Olly an Veain Bheag BhánSraith 1, Eipeasóid 4

    Rac 's Ról

    Tá an príomhoide Tabitha i bponc mar nach bhfuil córas teasa na scoile ag obair. Cabhraíonn Stan agus Olly léi ceolchoirm a eagrú le hairgead a bhailiú.

  • 7:55AM
    Olly an Veain Bheag Bhán

    Olly an Veain Bheag BhánSraith 1, Eipeasóid 5

    An Veain is Fearr

    Cuireann Stan a mhadra Ben isteach ar Sheó Madraí Phlimpáin. Ach nuair a ghortaíonn Ben é féin roimh ré bíonn ar Olly teacht ar phlean eile.

  • 8:00AM
    Dora (GS)

    Dora (GS)Sraith 7, Eipeasóid 5

    Eachtra Iontach Gleacaíochta Dora

    Bíonn Dora ag cleachtadh don seó gleacaíochta nuair a sciobann Sciobaí a ribín. An bhfaighidh sí ar ais in am é?

  • 8:25AM
    Tractor Tom

    Tractor TomSraith 1, Eipeasóid 9

    Lá Spóirt

    Tá páirc spóirt déanta ag Tom de pháirc na feirme.

  • 8:35AM
    Scéalta le Masha

    Scéalta le MashaSraith 3, Eipeasóid 6

    An Mactíre agus an Sionnach

    Inseoidh Masha scéal an tsionnaigh ghlic agus an chomhairle a chuireann sí ar an mac tíre.

  • 8:42AM
    Zou

    ZouSraith 2, Eipeasóid 34

    Cairpéad Draíochta Zou

    Ba bhreá le Zou agus Elzee cairpéad draíochta a bheith acu.

  • 8:54AM
    Masha agus an Béar

    Masha agus an BéarSraith 1, Eipeasóid 18

    Ag Níochán

    Bíonn an Béar seasta ag níochán éadaí Masha mar go mbíonn siad brocach i gcónaí.

  • 9:01AM
    Messy, Seo Linn go Okido

    Messy, Seo Linn go OkidoSraith 1, Eipeasóid 30

    Dathanna

    Foghlaimeoidh Messy faoi ghnáthóga difriúla ar fud an domhain.

  • 9:15AM
    Calimero

    CalimeroSraith 1, Eipeasóid 45

    Damhsa an Bhaile

    Tá damhsa ar siúl ar an mbaile ach níl Calimero ag iarraidh dul ann mar go bhfuil páirtí eile faighte ag Laoise.

  • 9:30AM
    Ainmhithe Beaga sa bhFiántas (OS & TS)

    Ainmhithe Beaga sa bhFiántas (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 5

    Ainmhithe Sabhána na hAfraice - Maidin

    Caithfimid súil ar mar a chaitheann ainmhithe óga atá i Sabhána na hAfraice an mhaidin.

  • 10:00AM
    The Waltons (TS)

    The Waltons (TS)Sraith 3, Eipeasóid 16

    The Matchmakers

    Tagann Corabeth Walton ar chuairt fhada tigh Walton. Taitníonn sí le Ike Godsey ar an bpointe agus ní bhíonn sé i bhfad go mbíonn siad pósta.

  • 11:00AM
    Wind At My Back

    Wind At My BackSraith 4, Eipeasóid 10

    The Wild Blue Yonder

    Nuair a bhíonn fadhbanna airgid ag Ollie agus ag Marjorie, socraíonn Marjorie post eile a fháil.

  • 11:55AM
    The Cook & The Chef (TS)

    The Cook & The Chef (TS)Sraith 4, Eipeasóid 6

    French Connection

    Sraith cócaireachta. Réiteoidh Maggie agus Simon miasa as an bhFrainc inniu. Réiteoidh siad Bouillabaisse agus Parfait Ae Lacha.

  • 12:30PM
    Gléasta chun Féasta (OS & TS)

    Gléasta chun Féasta (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 3

    Sraith úrnua 10 gclár, á chur i láthair ag Bláthnaid Treacy ina mbeidh ar bhean atá ag réiteach d'ócáid mhór sa saol rogha a dhéanamh idir trí fheisteas a roghnófar go speisialta di. Beidh neart comhairle ar fáil ó shaineolaithe faisin gach seachtain - Ándrea Tighe agus Aisling Ní Chormaic. Sa mbreis orthusan, beidh aoi speisialta ar gach clár. Is é Aidan Courtney aoi an chlár seo. Ar chlár na hoíche anocht beidh Peigí O Ruairc, a bhfuil fíor-shuim sa ghalf aici, ag lorg gúna le caitheamh chuig ócáid mhór na bliana; Dinnéar Chaptaen na mBan.

  • 1:05PM
    The Waltons (TS)

    The Waltons (TS)Sraith 3, Eipeasóid 23

    The Woman

    Tá John agus Olivia i mbun pleanála do chomóradh 20 bliain a bpósta. Titeann John-Boy i ngrá le bean níos sine agus socraíonn sé an Sliabh a fhágáil in éineacht léi.

  • 2:05PM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 9, Eipeasóid 29

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

  • 3:00PM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 3:02PM
    Masha agus an Béar

    Masha agus an BéarSraith 1, Eipeasóid 17

    Tubaiste sa Chistin

    Tá an Béar ag imirt cluiche táiplise. Iarrann Masha air béile a réiteach di. Réitíonn sé leite di ach ní thaitníonn sé léi.

  • 3:09PM
    Masha agus an Béar

    Masha agus an BéarSraith 1, Eipeasóid 18

    Ag Níochán

    Bíonn an Béar seasta ag níochán éadaí Masha mar go mbíonn siad brocach i gcónaí.

  • 3:16PM
    PJ Masks

    PJ MasksSraith 1, Eipeasóid 35

    Gig Mór Catboy

    Tá seans ann go millfidh an Ninja Oíche ceolchoirm na scoile ach ní cosúil go bhfuil sé ag cur isteach ar Catboy.

  • 3:28PM
    Cat a' Hata (GS)

    Cat a' Hata (GS)Sraith 1, Eipeasóid 9

    Bláthanna

    Tá slaghdán ar mhamaí Shailí agus tá Sailí ag iarraidh bláthanna deasa a phiocadh di le go n-aireoidh sí níos fearr.

  • 3:40PM
    Cat a' Hata (GS)

    Cat a' Hata (GS)Sraith 1, Eipeasóid 10

    Sioctha Fuar

    Tá Nic agus Sailí díreach críochnaithe leis an bhfear sneachta a thóg siad ach tá sé ag leá anois.

  • 3:55PM
    Cúla 4

    Cúla 4

    Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl, beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.

  • 3:57PM
    Alvinnn !!! agus na Chipmunks

    Alvinnn !!! agus na ChipmunksSraith 1, Eipeasóid 35

    Coinnigh Glas!

    Féachann na hioraí talún agus na Chipettes lena lorg carbóin a laghdú nuair a chuireann Jeanette isteach ar chomórtas Glas iad.

  • 4:08PM
    Dónall Dána (GS)

    Dónall Dána (GS)Sraith 1, Eipeasóid 5

    Oíche Shamhna Dhónaill Dhána

    Caithfidh Dónall fanacht sa mbaile Oíche Shamhna mar go raibh sé dána. Féachann sé le dul amach i ngan fhios dá thuismitheoirí.

  • 4:19PM
    Garfield (GS)

    Garfield (GS)Sraith 4, Eipeasóid 3

    Draíocht: Cailleach gan Croí

    Cuireann an Chailleach Ghránna Varicella iachall ar Abigail í a scaoileadh saor as an leabhar agus tarraingítear trioblóid ar Garfield agus Odie dá bharr.

  • 4:32PM
    Winston Steinburger & Sir Dudley Ding Dong

    Winston Steinburger & Sir Dudley Ding DongSraith 1, Eipeasóid 35

    Spritz ina Pháiste

    Cruthaíonn Winston ath-úraitheoir borróige a dhéanann páiste de Sháirsint Sasha Spritz trí thimpiste.

  • 4:43PM
    Fangbone

    FangboneSraith 1, Eipeasóid 21

    Turas Scoile a hAon

    Nuair a théann rang Fangbone ar thuras scoile chuig an mBlaoscbán, bíonn deis aige an ladhar a scriosadh ar deireadh.

  • 4:55PM
    WAC (OS)

    WAC (OS)Sraith 1, Eipeasóid 42

    Creepiest Crawlies

    Rachaidh Tomaí, Éadaoin agus Caoimhe sa tóir ar na cruimhe is uaibhrí ar domhan.

  • 5:25PM
    Is Eolaí Mé (GS)

    Is Eolaí Mé (GS)Sraith 1, Eipeasóid 13

    Fuinneamh

    Cúrsaí fuinnimh is ábhar do chlár an lae inniu. Beidh Peadar ag fiosrú na mbealaí is fearr le leas a bhaint as fuinneamh, lena stóráil agus le hathrú a chur air. Tabharfaidh sé cuairt ar fheirm ghaoithe agus gheobhaidh sé amach le fuinneamh a dhéanamh as aer. Beidh Marita Moran agus Éabha Bhreathnach sa stiúideo le tabhairt faoi thurgnaimh iontach spéisiúil. Tabharfaidh Úna cuairt ar an gcoiste fuinnimh i nGaelscoil Riada go bhfeicfidh sí an méid atá ar bun acusan chun fuinneamh a chaomhnú sa scoil. Is cosúil go mbeidh an tOllamh Ullamh ag cleasaíocht arís inniu.

  • 5:55PM
    Volvo Ocean Race

    Volvo Ocean RaceEipeasóid 1

    Clár faisnéise a fhéachfaidh ar an Rás Aigéin Volvo. Casfaimid leis an seacht bhfoireann phroifisiúnta a bheidh ag glacadh páirte sa tríú heagrán déag den rás a thosóidh in Alicante an 22ú Deireadh Fómhair. Deirtear go minic gurb é Rás Aigéin Volvo an ócáid is faide agus is deacra i saol an spóirt. Is é an rás seo ceann de na trí ócáidí is mó sa spóirt taobh leis na Cluichí Oilimpeacha agus Corn Mheiriceá. Tabharfaidh an rás seo na foirne ar thuras 45,000 míle farraige, trasna cheithre aigéin, sé mhór-roinn agus 12 cathair.

  • 6:57PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 21, Eipeasóid 307

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 7:00PM
    Nuacht TG4

    Nuacht TG4Sraith 20, Eipeasóid 307

    Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

  • 8:00PM
    L�r St�itse

    L�r St�itse

    Cl�r beo � Oireachtas na Samhna de na com�rtais st�itse do dhaoine �ga agus an t-agallamh beirte go h�irithe. Craolfar babhta craoibhe an aoisghr�pa 12-15 bliana agus roinnt de na com�rtais aithriseoireachta, sc�ala�ochta agus l�ib�n�.

  • 9:30PM
    Rugba� Beo

    Rugba� BeoSraith 7, Eipeasóid 20

    Craoladh iarbheo ar Glasgow Warriors v Laighin as Staid Scotstoun san ocht� babhta den tSraith Guinness PRO14.

  • 11:10PM
    Fir Bolg (OS & TS)

    Fir Bolg (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 5

    Nochtadh

    Tá an tóin ag titim as an mbanna ó d'éirigh an príomhamhránaí as an gcamchuairt. Níl a fhios ag an gcuid eile anois ar fiú dóibh féin leanúint leis. I measc na n-aisteoirí speisialta sa chlár seo beidh Stephen Rea, Liam Cunningham, Daniel O'Donnell agus Conal Gallen.

  • 11:40PM
    Glaoch an Cheoil (OS & TS)

    Glaoch an Cheoil (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 5

    Tabharfar na mílte uirlisí ceoil, nach bhfuil in úsáid, agus daoine a dteastaíonn uathu iad a fhoghlaim le chéile. Cuirfidh ceathrar laochra Ghlaoch an Cheoil ina luí ar phobail áitiúla bailiúchán uirlisí a chur ar bun agus beidh siad ag iarraidh múinteoirí ceoil a spreagadh lena gcuid ama a thabhairt go deonach le múineadh do na daoine conas na huirlisí céanna a sheinm. Iarrann Colm Ó Snodaigh agus Liz Doherty ar roinnt de na foghlaimeoirí i gCluain Dolcáin agus i nGaoth Dobhair seinm ar Shráid Grafton agus ag an bhFleadh Cheoil i nDoire.

  • 0:10AM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 21, Eipeasóid 307

    An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

  • 0:15AM
    An Western: Barquero

    An Western: Barquero

    (1970, Scannán buachaillí bó) Is iad Lee Van Cleef, Warren Oates agus Forrest Tucker na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Gordon Douglas. Bíonn sé ina achrann idir grúpa eisreachtaí agus muintir an bhaile nuair nach mbíonn oibreoir an bháid fharantóireachta sásta an grúpa eisreachtaí a thabhairt trasna na habhann.

  • 2:15AM
    France 24

    France 24Sraith 9, Eipeasóid 307

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.