Sceideal | Irish Television Channel, Súil Eile | TG4 Skip to main content

Sceidil TG4

Programme Highlights

Inniu ar TG4

Sceidil an Lae

Dé Céadaoin 22 Samhain

  • 5:30AM
    France 24

    France 24Sraith 9, Eipeasóid 325

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

  • 7:00AM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 7:02AM
    Olivia (GS)

    Olivia (GS)Sraith 1, Eipeasóid 12

    Olivia ag Pacáil

    Ní thaitníonn sé le Olivia go gcaithfidh sí a seomra a roinnt lena deartháir Cian. Téann sí sa tóir ar áit nach bhfuil deartháireacha ar bith ann.

  • 7:13AM
    An Captaen Flinn agus na Foghlaithe Dineasár

    An Captaen Flinn agus na Foghlaithe DineasárSraith 1, Eipeasóid 4

    Lána Toirní

    Buaileann long Flinn agus long T-Rex faoina chéile agus cuirtear Flinn ar long T-Rex agus T-Rex ar long Flinn.

  • 7:25AM
    Astroblast! (GS)

    Astroblast! (GS)Sraith 1, Eipeasóid 51

    Cuairteoirí ag Méadú

    Níl a fhios ag na cairde cén fáth a bhfuil an oiread cuairteoirí ag teacht chuig an gcaifé.

  • 7:37AM
    Astroblast! (GS)

    Astroblast! (GS)Sraith 1, Eipeasóid 52

    Kapowsers!

    Tá faitíos ar na cairde nach bhfuil siad sách speisialta le bheith ar an teilifís.

  • 7:50AM
    Olly an Veain Bheag Bhán

    Olly an Veain Bheag BhánSraith 1, Eipeasóid 30

    Olly an Veain Bheag Tine

    Nuair a bhíonn beirt fhear dóiteáin tinn tugann Olly agus Stan cúnamh don fhoireann. Caithfidh Ruairí iad a thraenáil ar dtús áfach. An mbeidh siad in ann ag an bpost má bhíonn tine mhór ann?

  • 7:55AM
    Olly an Veain Bheag Bhán

    Olly an Veain Bheag BhánSraith 1, Eipeasóid 31

    Olly an Draíodóir

    Is é lá breithe Eoinín é agus tá sé ar bís mar go mbeidh draíodóir ag a chóisir. Ach nuair a fhaigheann Alice glaoch le rá nach féidir leis a bheith ann, caithfidh Olly agus Stan seó a chur le chéile ag an nóiméad deiridh.

  • 8:00AM
    Dora (GS)

    Dora (GS)Sraith 7, Eipeasóid 20

    Eachtra Leabharlainne

    Téann Dora agus Bróigín ar eachtraí sa leabharlann agus castar carachtair éagsúla orthu.

  • 8:25AM
    Tractor Tom

    Tractor TomSraith 1, Eipeasóid 28

    An Liathróid Nua

    Téann Tom i mullach na liathróide i gcluiche tábhachtach peile. Caithfidh sé liathróid nua a fháil go beo!

  • 8:35AM
    Scéalta le Masha

    Scéalta le MashaSraith 3, Eipeasóid 19

    An Muicí

    Inseoidh Masha scéal faoi phrionsa a mhúineann ceacht do bhanphrionsa dána.

  • 8:42AM
    Zou

    ZouSraith 2, Eipeasóid 47

    Zou agus an Ollphéist Pompom

    Taispeánann Nana do Zou, Zak agus Elzee cén chaoi le haghaidh ollphéisteanna Pompom a dhéanamh.

  • 8:54AM
    Masha agus an Béar

    Masha agus an BéarSraith 2, Eipeasóid 8

    Ag Tógáil Pictiúir

    Faigheann Masha sean-cheamara agus tógann sí pictiúir dá cairde ar fad.

  • 9:01AM
    Messy, Seo Linn go Okido

    Messy, Seo Linn go OkidoSraith 1, Eipeasóid 43

    Torann ón mBoilgín

    Foghlaimíonn Messy faoi dhíleá agus an fáth a ndéanann do bholg torann uaireanta.

  • 9:15AM
    Calimero

    CalimeroSraith 1, Eipeasóid 6

    An Meaisín Uachtar Reoite

    Tá ollmhargadh mór ag cur drochbhail ar chaifé beag Luisne agus níl aon rogha aici ach dúnadh.

  • 9:30AM
    Ainmhithe Beaga sa bhFiántas (OS)

    Ainmhithe Beaga sa bhFiántas (OS)Sraith 1, Eipeasóid 18

    Caithfimid súil ar mar a chaitheann ainmhithe óga féaraigh an tráthnóna.

  • 10:00AM
    The Waltons (TS)

    The Waltons (TS)Sraith 4, Eipeasóid 5

    The Boondoggle

    Tagann tuairisceoir chuig an Sliabh chun scéal a scríobh faoin mBreitheamh Baldwin. Cuireann an méid a fhaigheann sé amach as go mór do na deirfiúracha Baldwin agus bíonn an pobal an-suaite chomh maith.

  • 11:00AM
    Wind At My Back

    Wind At My BackSraith 5, Eipeasóid 10

    Reconciliation

    Iarrann Max ar Honey óráid a thabhairt ag Gradam Bell mar go bhfuil sé de dhualgas ag bean an mhéara é sin a dhéanamh.

  • 11:55AM
    Cheese Slices

    Cheese SlicesSraith 2, Eipeasóid 7

    Vermont Cheese USA

    I Meiriceá a bheidh Will Studd an tseachtain seo áit a dtabharfaidh sé cuairt ar shiopaí cáise den scoth i Nua-Eabhrac. Rachaidh sé ansin go Vermont le casadh le déantóirí cáise atá ag iarraidh cáiseanna nua feirme a tháirgeadh.

  • 12:25PM
    Garraí Glas (OS)

    Garraí Glas (OS)Sraith 3, Eipeasóid 8

    Casfaidh Síle le Rónán Ó hEidhin a bhfuil feirm bheag ceannaithe aige i nGleann Trasna i gConamara. Tá súil aige an seanteach a réiteach agus gabháltas beag a bheith aige mar a bhíodh ag a sheanmhuintir. Thosaigh sé amach le garraí beag glasraí agus coinníonn sé lachain agus sicíní. Taispeánfaidh Klaus Laitenberger do Shíle conas bráca feithidí a dhéanamh agus tabharfaidh Miriam Sheerin tuilleadh eolais di faoi chumhacht a ghiniúint tú féin. Déanfaidh Gaby Wieland uachtar láimhe álainn as calendula.

  • 1:05PM
    The Waltons (TS)

    The Waltons (TS)Sraith 4, Eipeasóid 17

    The Fox

    Tá Ben ag seilg ainmhithe chun a gcraicne a dhíol.

  • 2:05PM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 9, Eipeasóid 11

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

  • 3:00PM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 3:02PM
    Masha agus an Béar

    Masha agus an BéarSraith 2, Eipeasóid 17

    Masha an Sárlaoch

    Féachann Masha le bheith ina sárlaoch.

  • 3:09PM
    Masha agus an Béar

    Masha agus an BéarSraith 2, Eipeasóid 18

    Once in a Year

    Is gearr go mbeidh breithlá Masha ann agus tá sí ag déanamh cinnte nach ndéanfaidh aon duine dearmad air.

  • 3:16PM
    PJ Masks

    PJ MasksSraith 1, Eipeasóid 48

    Gekko agus Cloch na Cumhachta

    Tá Gekko ag ceapadh go bhfuil sé an-láidir anocht.

  • 3:28PM
    Cat a' Hata (GS)

    Cat a' Hata (GS)Sraith 1, Eipeasóid 35

    Aistear an Bhradáin

    Bíonn Nic agus Sailí ag spraoi sa mbaile nuair a thagann an Cat agus tugann sé ar eachtra cheart iad!

  • 3:40PM
    Cat a' Hata (GS)

    Cat a' Hata (GS)Sraith 1, Eipeasóid 36

    Bambú

    Ba mhaith le Sailí bronntanas a fháil do Pheigí, a panda stuáilte.

  • 3:55PM
    Cúla 4

    Cúla 4

    Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl, beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.

  • 3:57PM
    Alvinnn !!! agus na Chipmunks

    Alvinnn !!! agus na ChipmunksSraith 1, Eipeasóid 48

    Gasúr Gníomhach

    Tá Alvin ag iarraidh a bheith páirteach i gclár réalaíoch a bheidh thar a bheith dian air. Ach gortaíonn sé é féin agus é ag traenáil.

  • 4:08PM
    Dónall Dána (GS)

    Dónall Dána (GS)Sraith 1, Eipeasóid 18

    Dónall Dána ar Thuras Scoile

    Beidh aiféala ar Learaí gur chaith sé an T-léine chéanna le Dónall ar thuras scoile.

  • 4:19PM
    Garfield (GS)

    Garfield (GS)Sraith 4, Eipeasóid 16

    Luch Bheag Chainteach

    Fágann na lucha luch bheag chainteach amháin ina ndiaidh in éineacht le Garfield agus iad amuigh ag siúl. An mbeidh sé in ann cur suas léi ar feadh an lae?

  • 4:32PM
    Winston Steinburger & Sir Dudley Ding Dong

    Winston Steinburger & Sir Dudley Ding DongSraith 1, Eipeasóid 48

    Bróga an Oilc

    Bíonn Winston breá sásta nuair a aimsíonn sé bróga eachtraíochta i seomra na n-earraí caillte.

  • 4:43PM
    Fangbone

    FangboneSraith 1, Eipeasóid 29

    Drool Óg

    Nuair a chruthaíonn an ladhar Drool óg ceapann Fangbone agus Bill go mbeidh said in ann draoi deas a dhéanamh as.

  • 4:55PM
    Whiz sa Chistin (GS)

    Whiz sa Chistin (GS)Sraith 1, Eipeasóid 20

    Seó cluichí é Whiz sa Chistin atá bunaithe ar bhia. Beidh ceathrar leanaí sa chistin ar gach clár agus beidh a fhios againn cé chomh maith is atá said sa chistin nuair a chaithfidh siad tabhairt faoi dhúshlán bia agus ceisteanna go leor a fhreagairt. Ar chlár an lae inniu tabharfaidh Tobi agus Amma aghaidh ar Chaoimhín agus ar Oisín.

  • 5:25PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 21, Eipeasóid 309

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 5:30PM
    A Little Bit Country

    A Little Bit CountrySraith 1, Eipeasóid 4

    Jimmy Buckley

    Sraith faoi laochra móra cheol tíre na hÉireann. Jimmy Buckley a bheidh faoi chaibidil ar an gclár seo. Déanfaidh sé cur síos ar an méid atá bainte amach aige sa gceol tíre ó facthas ar dtús é ar chlár 'Secrets' ar RTÉ.

  • 6:00PM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 9, Eipeasóid 11

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

  • 6:57PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 21, Eipeasóid 326

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 7:00PM
    Nuacht TG4

    Nuacht TG4Sraith 20, Eipeasóid 326

    Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

  • 7:30PM
    Junior Eurovision (OS)

    Junior Eurovision (OS)Sraith 3, Eipeasóid 5

    An Domhnach seo a roghnófar iomaitheoir na hÉireann i gComórtas Amhránaíochta Junior Eurovision 2017. Rachaidh an ceathrar iomaitheoirí atá fanta chun stáitse anocht. Cé a dhéanfaidh an beart d'Éirinn i mbliana? Is ag na moltóirí - Bláthnaid Treacy, Fiachna Ó Braonáin agus an t-aoi-mholtóir Linda Martin a bheidh an focal scoir.

  • 8:30PM
    Gléasta chun Féasta (OS & TS)

    Gléasta chun Féasta (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 6

    Sraith úrnua 10 gclár, á cur i láthair ag Bláthnaid Treacy ina mbeidh ar bhean atá ag réiteach d'ócáid mhór sa saol rogha a dhéanamh idir trí fheisteas a roghnófar go speisialta di. Beidh neart comhairle ar fáil ó na saineolaithe faisin gach seachtain - Ándrea Tighe agus Aisling Ní Chormaic. Sa mbreis orthusan, beidh aoi speisialta ar gach clár. Ar chlár na hoíche anocht, beidh Maureen O'Connell ag iarraidh teacht ar ghúna do dhinnéar fíor-speisialta lena teaghlach. Tá a mac glan ón ngalar ailse den chéad uair le cúig bliana déag agus tá siad ag iarraidh an ócáid a cheiliúradh.

  • 9:00PM
    Johnny McEvoy and Friends

    Johnny McEvoy and FriendsSraith 1, Eipeasóid 1

    Philomena Begley

    Johnny McEvoy a chuirfidh an tsraith seo, a taifeadadh i mí Iúil 1987 agus a craoladh i mí na Nollag an bhliain chéanna, i láthair. Casfaidh Johnny a chuid amhrán mór ar fad 'Staten Island', 'The Old Bog Road', 'Rose of Clare', 'Peggy Gordon', 'The West's Awake' agus 'The Gypsy'. Philomena Begley an t-aoi speisialta a bheidh aige agus casfaidh sí 'Sailors'. Anita Notaro a stiúradh agus Niall Mathews a léirigh an clár.

  • 9:30PM
    Eithne - Idir dhá Shaol (OS)

    Eithne - Idir dhá Shaol (OS)

    Clár cuimhneacháin agus ómóis ar dhuine de an ceoltóirí ba bhinne agus ba iomráití dá glúin a bhásaigh go hóg sa mbliain 1999. D'fhág an tubaiste seo a rian go domhain ar a clann óg agus ar a muintir agus ar lucht an cheoil traidisiúnta i gcoitinne. Amhránaí, bean feadóige móire agus cumadóir ceoil ab ea Eithne Ní Uallacháin a tógadh le Gaeilge i dteaghlach aitheanta Gaelach i nDún Dealgan. Thuill sí cáil óna hóige as guth binn agus threisigh a caidreamh ceoil (agus pósta ina dhiaidh sin) leis an bhfidléir Gerry O'Connor an cháil sin.

  • 10:30PM
    Survivor - Kaoh Rong (OS & TS)

    Survivor - Kaoh Rong (OS & TS)Sraith 32, Eipeasóid 12

    Caithfidh na hiomaitheoir� at� fanta na daoine at� siad ag iarraidh a chur ar aghaidh chuig an mbabhta ceannais a roghn� anois.

  • 11:25PM
    Mr. Robot (TS)

    Mr. Robot (TS)Sraith 2, Eipeasóid 8

    Faigheann an fsociety amach go bhfuil Tionscnamh Berenstain, faoina ndearnadh faireachas ar thrí mhilliún duine mar chuid d'fhiosrúchán Cúig/Naoi, in aghaidh an dlí. Tá Mobley cinnte anois go raibh Romero ar dhuine de na daoine a raibh amhras faoi. Fágann sin gur gearr uathu anois an FBI. Eisíonn fsociety an t-eolas seo ach tagann Susan Jacobs orthu á dhéanamh. Cuimhníonn Darlene ar Susan a bheith ag gáire nuair a glanadh E Corp ar dhúnmharú a hathar. Tugann Darlene turraing leictreach do Susan a mharaíonn í.

  • 0:20AM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 21, Eipeasóid 326

    An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

  • 0:25AM
    Busker Abú (OS)

    Busker Abú (OS)Sraith 1, Eipeasóid 12

    Rachaidh na hiomaitheoirí san iomaíocht sa dara babhta leathcheannais anocht. Cé a bhainfidh áit amach sa bhabhta ceannais? Á chur i láthair ag Róisín Ní Thomáin.

  • 1:25AM
    D�il �ireann

    D�il �ireannSraith 18, Eipeasóid 19

    Craoladh ar imeachta� na maidine de riar na hoibre i nD�il �ireann.

  • 1:50AM
    France 24

    France 24Sraith 9, Eipeasóid 326

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.