Skip to main content
Menu

Sceidil TG4

Programme Highlights

Inniu ar TG4

Sceidil an Lae

Dé Céadaoin 17 Deireadh Fómhair

  • 5:30AM
    France 24

    France 24Sraith 10, Eipeasóid 290

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

  • 7:00AM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 7:02AM
    Mofy

    MofySraith 1, Eipeasóid 14

    Ag Dul Ag Spraoi

    Tá Mofy ag iarraidh dul ag spraoi in éineacht lena cuid cairde ach níl aon am ag aon duine le dul ag spraoi léi is cosúil.

  • 7:07AM
    Mofy

    MofySraith 1, Eipeasóid 15

    Bíodh Biseach Ort

    Tá litir faighte ag Mofy ó na lucha óga ag rá nach bhfuil a máthair ag aireachtáil rómhaith.

  • 7:12AM
    Balloon Barnyard

    Balloon BarnyardSraith 1, Eipeasóid 14

    Lá an Fhómhair

    Tá an fómhar le baint i gClós na mBalún. Tá na torthaí agus na glasraí ar fad réidh.

  • 7:19AM
    Olobob Top

    Olobob TopSraith 1, Eipeasóid 33

    Iasc sa Chrann

    Tá Iasc Mór i bhfostú i gcrann! Níl aon réiteach ar an scéal ach sleamhnán mór millteach a chruthú di!

  • 7:24AM
    Tractor Tom

    Tractor TomSraith 1, Eipeasóid 29

    Tom i bhfolach

    Caithfear Tom a aimsiú nuair a théann Rev i bhfostú ar an lá spraoi agus cluichí.

  • 7:35AM
    Kid E Cats

    Kid E CatsSraith 1, Eipeasóid 15

    Lá an Phuitigh

    Tá an sneachta imithe agus tá na piscíní ag spraoi ar an gcrandaí bogadaí. Ní fada go mbíonn siad clúdaithe faoi phuiteach.

  • 7:40AM
    Kid E Cats

    Kid E CatsSraith 1, Eipeasóid 16

    Cat an Phoist

    Tabharfaidh na piscíní cúnamh do chat an phoist bearta poist atá imithe amú a sheachadadh.

  • 7:45AM
    Wissper

    WissperSraith 1, Eipeasóid 46

    Tochas an Mhíorchait!

    Tagann míorchat óg ar cuairt chuig teach Wissper ach tá ailléirge ag cur as do mháthair Wissper. An mbeidh Wissper agus a cairde in ann í a leigheas?

  • 7:52AM
    Olly an Veain Bheag Bhán

    Olly an Veain Bheag BhánSraith 1, Eipeasóid 16

    Olly an Tiománaí

    Bhí Lusaí in ainm an tUasal Dris a bhailiú ón stáisiún ach tá Stan agus Alice aici. Téann Olly chun é a bhailiú ach is fear an-chantalach go deo é!

  • 7:57AM
    Olly an Veain Bheag Bhán

    Olly an Veain Bheag BhánSraith 1, Eipeasóid 17

    Ag Damhsa ar Oighear

    Tá Olly ag iarraidh a bheith ag cleachtadh a chuid scátála ach tá Bazza ag magadh faoi.

  • 8:02AM
    Dot

    DotSraith 1, Eipeasóid 33

    Giorraíonn Beirt Bóthar

    Caithfidh Hal agus Dot dul ar shiúlóid charthanachta.

  • 8:13AM
    The Furchester Hotel

    The Furchester HotelSraith 1, Eipeasóid 7

    Tósta le Meangadh Gháire

    Caithfidh Elmo a bheith an-chúramach leis an tósta ar maidin.

  • 8:24AM
    Maya an Bheachín

    Maya an BheachínSraith 2, Eipeasóid 33

    Mistéir na Liathróide

    Cailleann na seangáin buidéal speisialta den ghlóthach ríoga. Tá a fhios ag Maya cá ndeachaigh sé.

  • 8:38AM
    Bubu & na hUlchabháin Bheaga

    Bubu & na hUlchabháin BheagaSraith 1, Eipeasóid 14

    Buzz buzz buzz

    Castar beach bheag ar na hulchabháin bheaga. Tá siad ag iarraidh go leor ceisteanna a chur uirthi ach tá siad uile ag caint ag an am céanna.

  • 8:49AM
    Scéalta Scanrúla le Masha

    Scéalta Scanrúla le MashaSraith 1, Eipeasóid 3

    Inseoidh Masha scéal scanrúil faoi arrachtaí agus faoi na daoine a bhfuil faitíos acu rompu.

  • 8:56AM
    Kazoops

    KazoopsSraith 1, Eipeasóid 14

    An Rothar Is Fearr ar Domhan

    Faigheann Monty rothar nua agus caithfidh sé a sheanrothar a thabhairt do dhuine éigin eile anois.

  • 9:03AM
    Zou

    ZouSraith 3, Eipeasóid 45

    Bronntanas Lá Breithe Aintín Zelda

    Tabharfaidh Daideo agus Zou cúnamh do Zinnia bronntanas speisialta a dhéanamh d'Aintín Zelda.

  • 9:15AM
    Peg & Cat

    Peg & CatSraith 3, Eipeasóid 45

    Ceist an Mhúirín

    Cabhróidh Peg agus Cat le Réamonn agus an feirmeoir le múirín a dhéanamh.

  • 9:30AM
    Ainmhithe Craiceáilte (OS & TS)

    Ainmhithe Craiceáilte (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 71

    An Dochtúir Zú-vago

    Ar chlár an lae inniu, beidh cat ag rothlú, madra ag imirt sacair agus pearóid ag úsáid spúnóige.

  • 10:00AM
    Little House on the Prairie (TS)

    Little House on the Prairie (TS)Sraith 7, Eipeasóid 1

    Laura Ingalls Wilder (Part 1)

    Socraíonn Laura dáta don bhainis. Titeann Eliza Jane i ngrá don chéad uair.

  • 10:55AM
    The Gilmore Girls (TS)

    The Gilmore Girls (TS)Sraith 2, Eipeasóid 12

    Richard in Stars Hollow

    Fáilte chuig Stars Hollow, Connecticut, baile beag álainn ina bhfuil neart carachtar ina measc Lorelai Gilmore, bean cheanndána, 32 bliain d'aois agus a hiníon, Rory. Is minic a cheaptar gur deirfiúracha iad! Is máthair shingil í Lorelai atá ina bainisteoir ar óstán agus níl uaithi anois ach saol deas réidh a chaitheamh in éineacht lena hiníon ach is cuid den mhuc an t-eireaball! Cé gur minic a bhíonn siad ag troid agus ag tabhairt amach dá chéile, beidh siad mór lena cheile arís faoi dheireadh an chláir. De réir mar a thagann athrú ar Stars Hollow, mairfidh an ceangal go deo eatarthu!

  • 11:50AM
    Cheese Slices (TS)

    Cheese Slices (TS)Sraith 5, Eipeasóid 3

    The Nordic Cheese Revolution - Denmark

    Sraith a fhiosraíonn na scéalta agus na traidisiúin iontacha a bhaineann leis na cáiseanna is mó cáil ar domhan. Cáiseanna na Danmhairge a bheidh faoi chaibidil inniu. Táirgeann an Danmhairg níos mó cáis ghorm ná aon tír eile ar domhan. Rachaidh Will go Bornholm go bhfaighidh sé amach cén chaoi a dhéantar Danablu sula dtabharfaidh sé a aghaidh ar Chóbanhávan chun níos mó a fháil amach faoi réabhlóid an bhia Nordaigh atá ag iarraidh ar tháirgeoirí móra cáiseanna eile a dhéanamh.

  • 12:20PM
    Ó Cuisine (OS)

    Ó Cuisine (OS)Sraith 2, Eipeasóid 10

    Síle Uí Ghormáin

    Síle Uí Ghormáin as Gorman's Clifftop House i gCorca Dhuibhne a bheidh sa chistin an tseachtain seo. Réiteoidh Síle biachlár sláintiúil veigeatóra dúinn.

  • 12:45PM
    Garraí Glas (OS)

    Garraí Glas (OS)Sraith 1, Eipeasóid 7

    Sraith clár bunaithe ar an mbliain a chaith Síle Nic Chonaonaigh ag taisteal na tíre ag lorg bealaí níos orgánaí agus inbhuanaithe le maireachtáil. Sa chlár seo buaileann Síle le Colm Ó Gallchóir a bhfuil garraí curtha aige ar chnocán le hais an tí. Tugann sí cuairt ar Seedsavers i gCo. an Chláir áit a bhfuil na céadta crann úll oidhreachta sábháilte acu.

  • 1:15PM
    The West Wing (TS)

    The West Wing (TS)Sraith 2, Eipeasóid 11

    The Leadership Breakfast

    Tá foireann Bartlet ag ullmhú do chruinniú Uachtaránachta in éineacht le ceannairí Daonlathacha agus Poblachtacha. Níl sa gcruinniú i ndáiríre ach a léiriú go bhfuil na páirtithe uilig ag obair as lámh a chéile ach tá Toby ag iarraidh go bpléifear fadhbanna dáiríre. Bíonn sé ina raic nuair a dhéanann Toby margadh le ceann foirne na bPoblachtach mar go dtéann sí siar ar a focal.

  • 2:05PM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 10, Eipeasóid 14

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

  • 3:00PM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 3:02PM
    Dot

    DotSraith 1, Eipeasóid 3

    Dot an Tóraí Taisce

    Rachaidh Dot ag tóraíocht taisce.

  • 3:13PM
    Kazoops

    KazoopsSraith 1, Eipeasóid 15

    Portráid an Mhuicín

    Tá Monty agus a mhamó ag péinteáil. An gcaithfidh gach pictiúr a bheith réalaíoch?

  • 3:20PM
    Bubu & na hUlchabháin Bheaga

    Bubu & na hUlchabháin BheagaSraith 1, Eipeasóid 8

    An Fathach Beag

    Tugann na hulchabháin bheaga cúnamh do thurtair dul chomh fada leis an bhfarraige. Castar turtar droimleathair orthu.

  • 3:31PM
    Cat a' Hata (GS)

    Cat a' Hata (GS)Sraith 2, Eipeasóid 33

    Ag Athchúrsáil Páipéar

    Taispeánann an Dochtúir Mac Cipín do Nic agus do Shailí conas páipéar a athchúrsáil ar chlár an lae inniu.

  • 3:44PM
    Cat a' Hata (GS)

    Cat a' Hata (GS)Sraith 2, Eipeasóid 34

    Eachtra Sioctha

    Tá Teidí caillte ag Nic agus Sailí agus tá cúnamh uathu len é a aimsiú arís!

  • 4:00PM
    Cúla 4

    Cúla 4

    Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl, beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.

  • 4:02PM
    Dónall Dána (GS)

    Dónall Dána (GS)Sraith 2, Eipeasóid 14

    Dónall Dána agus an Físeán Gránna

    Tá Dónall ag iarraidh breathnú ar a fhíseán nua ach tá sé ag cinneadh air.

  • 4:13PM
    Angelo Rules (GS)

    Angelo Rules (GS)Sraith 4, Eipeasóid 14

    Bobaillíní Abú

    Tá ag éirí thar barr le gnó nua Angelo.

  • 4:24PM
    Zak Jinks

    Zak JinksSraith 1, Eipeasóid 30

    Téann muintir Jinks agus Jason ar shaoire champála. Úsáidtear ticéid ann in áit airgead.

  • 4:37PM
    Harvey Beaks (GS)

    Harvey Beaks (GS)Sraith 2, Eipeasóid 14

    Gáirdín Ghearóid & An tEalaíontóir Mistéire

    Aimsíonn Harvey agus Piri Piri gairdín draíochta agus oibríonn siad le chéile chun é a réiteach go deas, nuair a deir Harvey gur mhaith leis é a roinnt le chuile dhuine eile ní bhíonn Piri Piri sásta faoi. Tá ealaíontóir mistéireach tar éis greannán iontach a dhéanamh de Sheáinín Tornádó agus tá chuile dhuine ag iarraidh fáil amach cé hé nó hí an t-ealaíontóir dochreidte seo. Tosaíonn siad ar fad ag cuardach leideanna chun theacht ar an tealaíontóir!

  • 5:00PM
    Whiz sa Chistin (GS)

    Whiz sa Chistin (GS)Sraith 2, Eipeasóid 10

    Seó cluichí é Whiz sa Chistin atá bunaithe ar bhia. Beidh ceathrar leanaí sa chistin ar gach clár agus beidh a fhios againn cé chomh maith is atá said sa chistin nuair a chaithfidh siad tabhairt faoi dhúshlán bia agus ceisteanna go leor a fhreagairt.

  • 5:28PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 21, Eipeasóid 252

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 5:30PM
    Irish Paint Magic

    Irish Paint MagicSraith 17, Eipeasóid 2

    Padraic Pearse Cottage

    Teach an Phiarsaigh i Ros Muc is ábhar do phictiúr an lae inniu. Teach beag é seo a bhfuil radhairc áille aige ar lochanna agus ar shléibhte Chonamara. D'fhanfadh Pádraic Mac Piarais anseo nuair a bhíodh saoire an tsamhraidh aige.

  • 6:00PM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 10, Eipeasóid 14

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

  • 6:57PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 22, Eipeasóid 290

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 7:00PM
    Nuacht TG4

    Nuacht TG4Sraith 21, Eipeasóid 290

    Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

  • 7:30PM
    Junior Eurovision (OS & TS)

    Junior Eurovision (OS & TS)Sraith 3, Eipeasóid 1

    Táthar sa tóir arís ar an amhránaí agus ar an amhrán a sheasfaidh an fód d'Éirinn i gComórtas Amhránaíochta an Junior Eurovision sa Mhionsc. Tar éis éisteachtaí ar fud na tíre - tá 32 de na hamhránaithe is fearr idir 9-14 roghnaithe chun dul ar aghaidh chuig an gcomórtas ar TG4. Déanfaidh na hiomaitheoirí a ndícheall gach seachtain chun áit a bhaint amach ar stáitse mór na hEorpa. Is iad Fiachna Ó Braonáin agus Gráinne Bleasdale na moltóirí buana agus beidh aoi-mholtóir aitheanta ó stair an chomórtais sinsear leo gach seachtain. Á chur i láthair ag Eoghan McDermott.

  • 8:30PM
    Tithe Cois Farraige (OS & TS)

    Tithe Cois Farraige (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 7

    Gaillimh 2

    Sraith 8 gclár a thabharfaidh léargas ar áilleacht agus ar éagsúlacht árais chónaithe le cósta in Éirinn. Ar oileáin i gCuan na Gaillimhe a bheidh Síle Nic Chonaonaigh sa chlár seo. Casfaidh sí le Ruairí agus Marie-Thérese de Blacam in Inis Meáin agus le Seán Connolly i bhFínis, an áit a rugadh agus tógadh é, ach nach bhfuil aon duine ina chónaí anois ann. Cuirfidh sí eolas ar na deacrachtaí a bhíodh ag lucht oileán agus an fáth a raibh orthu iad a thréigean.

  • 9:00PM
    Glór Tíre - Rogha & Togha (TS)

    Glór Tíre - Rogha & Togha (TS)Sraith 12, Eipeasóid 3

    Rogha agus togha an dara sraith déag de Ghlór Tíre. Beidh móruaisle an cheoil tíre ar stáitse i dTeach na Céibhe leis an rogha is fearr amhrán. Ar chlár na hoíche anocht ag gabháil fhoinn beidh John McNicholl, Patrick Feeney, Lee Matthews, Mick Flavin, Jimmy Buckley, Shawn Cuddy agus Mike Denver.

  • 9:30PM
    Finné (OS & TS)

    Finné (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 7

    Pat Wallace

    Scéal faoin gconspóid a thit amach nuair a bheartaigh Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath ceannáras nua a thógáil ar láthair i gCé an Adhmaid, láthair ina raibh an t-uafás iarsmaí luachmhara Lochlannacha. Ainneoin na sluaite i mbun mórshiúil ar shráideanna na cathrach ag iarraidh an láthair a chaomhnú, lean an Bardas leis an tógáil. Ba faoi stiúrthóir na tochailte, Pat Wallace, a bhí sé a chinntiú go raibh an tochailt ar láthair na Lochlannach seo déanta sular thosaigh an tógáil.

  • 10:30PM
    Sé Mo Laoch (OS & TS)

    Sé Mo Laoch (OS & TS)Sraith 9, Eipeasóid 1

    Frankie Gavin

    Sraith nua. Frankie Gavin, duine de na ceoltóirí traidisiúnta is aitheanta in Éirinn, is ábhar don chlár seo. Tráchtfar ar shaol Frankie, duine de bhunaitheoirí an ghrúpa cheannródaíoch De Danann agus fear atá ina ambasadóir iontach don cheol traidisiúnta pé áit a bhfuil sé ar fud an domhain. Óna óige faoin tuath i gCo. na Gaillimhe, a chuid oideachais i gcathair na Gaillimhe agus stáitsí móra an domhain ina dhiaidh sin, roinnfidh Frankie a scéal féin, a shaol agus a chuid ceoil ar an bhfidil agus ar an bhfeadóg mhór linn. I measc na n-aíonna ar an gclár beidh Mary Bergin & Máirtín O'Connor.

  • 11:30PM
    Survivor: Game Changers (OS & TS)

    Survivor: Game Changers (OS & TS)Sraith 34, Eipeasóid 6

    Vote Early Vote Often

    Fágtar iomaitheoir amháin ar Oileán Exile nuair a mhalartaítear na treibheanna ach tagann cuairteoir chuig an iomaitheoir céanna.

  • 0:22AM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 22, Eipeasóid 290

    An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

  • 0:25AM
    An Jig Gig (OS)

    An Jig Gig (OS)Sraith 5, Eipeasóid 6

    Tá an Jig Gig sa tóir ar na damhsóirí Gaelacha is fearr sa tír. Beidh damhsóirí ó chuile chearn den tír páirteach sa gcomórtas ach cé a rachaidh ar aghaidh chuig an mbabhta leathcheannais?

  • 1:25AM
    Dáil Éireann

    Dáil ÉireannSraith 19, Eipeasóid 9

    Craoladh ar imeachtaí na maidine de riar na hoibre i nDáil Éireann.

  • 1:50AM
    France 24

    France 24Sraith 10, Eipeasóid 290

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.