Skip to main content
Menu

Sceidil TG4

Programme Highlights

Inniu ar TG4

Sceidil an Lae

Dé Luain 15 Deireadh Fómhair

  • 5:30AM
    France 24

    France 24Sraith 10, Eipeasóid 288

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

  • 7:00AM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 7:02AM
    Mofy

    MofySraith 1, Eipeasóid 10

    Coinnigh Ort

    Níl aon ghiúmar ar Chiarán mar nár roghnaíodh a amhrán sa gcomórtas.

  • 7:07AM
    Mofy

    MofySraith 1, Eipeasóid 11

    Amhrán

    Cumann Mofy amhrán faoin úll a thit den chrann ach cailleann sí a misneach nuair nach mbíonn sí in ann an t-amhrán a chríochnú.

  • 7:12AM
    Balloon Barnyard

    Balloon BarnyardSraith 1, Eipeasóid 12

    Lá na bhFaileanna

    Tá fail ar Streak bocht. Cén chaoi a bhfaighidh sé réidh leo?

  • 7:19AM
    Olobob Top

    Olobob TopSraith 1, Eipeasóid 31

    Portáin

    Déanann Gurdy cairde nua ag an trá ach teastaíonn cúnamh Lúibín Lae uaidh le dul chomh fada leis na portáin.

  • 7:24AM
    Tractor Tom

    Tractor TomSraith 1, Eipeasóid 27

    Buzz Cabhrach?

    Is breá le Buzz a bheith ag cuidiú le Tom ar an bhfeirm.

  • 7:35AM
    Kid E Cats

    Kid E CatsSraith 1, Eipeasóid 11

    Dealbha Sneachta

    Cuireann na piscíní agus a gcairde isteach ar chomórtas dealbh sneachta.

  • 7:40AM
    Kid E Cats

    Kid E CatsSraith 1, Eipeasóid 12

    Eachtra Spáis

    Tá na piscíní ag iarradh dul ar eachtra sa spás.

  • 7:45AM
    Wissper

    WissperSraith 1, Eipeasóid 44

    Capall i Sáinn

    Tugann Cormac cuairt ar na míorchait le síob a thabhairt dóibh ach ní fada go dtéann sé i bhfostú i dtollán. An mbeidh Wissper agus na míorchait in ann é a thabhairt as?

  • 7:52AM
    Olly an Veain Bheag Bhán

    Olly an Veain Bheag BhánSraith 1, Eipeasóid 12

    An Cairtín Briste

    Tá cairtín déanta ag Stan d'Eoinín don rás agus is cairtín fíor-speisialta í mar go bhfuil ríomhaire inti!

  • 7:57AM
    Olly an Veain Bheag Bhán

    Olly an Veain Bheag BhánSraith 1, Eipeasóid 13

    An Nollaig sa Zú

    Tá sé ag cur sneachta agus níl na trucailí in ann bia a thabhairt chuig na hainmhithe sa zú.

  • 8:02AM
    Dot

    DotSraith 1, Eipeasóid 31

    Ógópógó

    Faigheann iasc órga Nev agus Dev bás.

  • 8:13AM
    The Furchester Hotel

    The Furchester HotelSraith 1, Eipeasóid 5

    Ag Comhaireamh do Chuid Sicíní

    Féachann Phoebe agus Elmo le breathnú i ndiaidh cúig shicín atá ar bís.

  • 8:24AM
    Maya an Bheachín

    Maya an BheachínSraith 2, Eipeasóid 31

    Muinín

    Tá Willy in isle brí mar go bhfuair sé drochthorthaí. Féachann Maya le misneach a thabhairt do Willy.

  • 8:38AM
    Bubu & na hUlchabháin Bheaga

    Bubu & na hUlchabháin BheagaSraith 1, Eipeasóid 12

    Tá Sé Chomh Fuar

    Míníonn an t-ulchabhán beag sneachta do na hulchabháin bheaga go bhfásann tuilleadh cleití orthu sa gheimhreadh chun iad a choinneáil te.

  • 8:49AM
    Scéalta Scanrúla le Masha

    Scéalta Scanrúla le MashaSraith 1, Eipeasóid 1

    Scéal fuar chroíúil faoin bhforaois ghruama & feithide bheag fhaiteach

    Inseoidh Masha scéal faoi fhoraois ghruama agus feithid bheag chúthail.

  • 8:56AM
    Kazoops

    KazoopsSraith 1, Eipeasóid 10

    An Cluiche Álainn

    Meas tú an féidir cluichí áirithe a imirt mura bhfuil an trealamh ceart agat?

  • 9:03AM
    Zou

    ZouSraith 3, Eipeasóid 43

    Am sa Halla Spóirt

    Roinnfidh Daidí, Zou agus Zak an giomnáisiam le Zena, Elzee agus Zinnia inniu.

  • 9:15AM
    Peg & Cat

    Peg & CatSraith 3, Eipeasóid 43

    An Cheist faoi Eoin

    Tá scéal mór ag máthair Shéamuis inniu ach níl a fhios ag Séamus céard a cheapann sé faoi.

  • 9:30AM
    Ainmhithe Craiceáilte (OS & TS)

    Ainmhithe Craiceáilte (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 69

    Fia Dearg

    Ar chlár an lae inniu, beidh cat nach bhfuil ag iarraidh a bheith ag staidéar, piongain atá ag cur as dá mháthair chomh maith le madra atá thar a bheith "cliste".

  • 10:00AM
    Little House on the Prairie (TS)

    Little House on the Prairie (TS)Sraith 6, Eipeasóid 23

    He Loves Me, He Loves Me Not (Part 1)

    Iarrann Almanzo ar Laura é a phósadh. Ach deir Charles go gcaithfidh siad fanacht dhá bhliain sula bpósfaidh siad.

  • 10:55AM
    The Gilmore Girls (TS)

    The Gilmore Girls (TS)Sraith 2, Eipeasóid 10

    The Bracebridge Dinner

    Sraith ghrinn drámaíochta. Tá Rory ar a dícheall ag iarraidh an choimhlint idir Dean agus Jess a choinneáil faoi smacht. Tugann Lorelai cuireadh do mhuintir Stars Hollow chuig féasta breá. Baintear siar as Emily é nuair a insíonn Richard di go bhfuil sé imithe ar scor.

  • 11:50AM
    Cheese Slices (TS)

    Cheese Slices (TS)Sraith 5, Eipeasóid 1

    The Cheese Legacy of the Vikings - Norway

    Sraith a fhiosraíonn na scéalta agus na traidisiúin iontacha a bhaineann leis na cáiseanna is mó cáil ar domhan. Cáiseanna na Lochlannach a bheidh faoi chaibidil inniu. Tabharfaidh Will aghaidh ar fhiordanna na hIorua le cáiseanna neamhchoitianta bainne bearrtha a bhaineann le ré na Lochlannach a scrúdú. Cuirfidh sé eolas ar Pulltost, cáis a dhéantar as bainne úr bó, tabharfaidh sé cuairt ar theaghlach a dhéanann cáis ar a dtugtar Gammelost. Blaisfidh sé de Ghetost, cáis mhilis dhonn atá an-chosúil le faoiste.

  • 12:20PM
    Ó Cuisine (OS)

    Ó Cuisine (OS)Sraith 2, Eipeasóid 8

    Peadar Mac an Bhaird

    Peadar Mac an Bhaird ó 'Country Choice' san Aonach a bheidh sa chistin. Réiteoidh sé ispín putóg dubh Cashel Blue & brúitín agus stéig le glasraí rósta agus le compote biabhóige.

  • 12:45PM
    Seal le Dáithí (OS & TS)

    Seal le Dáithí (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 5

    Louis de Paor

    Louis de Paor, duine de mhórfhilí Gaeilge na linne a bheidh i mbun comhrá le Daithí. Bhog sé go dtí an Astráil ag deireadh na 80idí áit a bhfuair sé deontas ó Rialtas na hAstráile chun filíocht Ghaeilge a chumadh. Tá sé anois ina Stiúrthóir ar Ionad an Léinn Éireannaigh in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

  • 1:15PM
    The West Wing (TS)

    The West Wing (TS)Sraith 2, Eipeasóid 9

    Galileo

    Tá rialtas na Rúise ag rá gur ag scaglann ola a tharla pléasc sa tír ach faightear amach gur ag áis núicléach a tharla sé. Tugann Bartlet faoi ambasadóir na Rúise é faoin nár lorg sé cúnamh. Ní éiríonn le misean spáis chuig Mars agus bíonn a shliocht sin ar an óráid atá le tabhairt ag Bartlet do dhaltaí scoile. Tá Sam ag iarraidh Mallory, iníon Leo agus bean a raibh sé mór léi tráth, a sheachaint.

  • 2:05PM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 10, Eipeasóid 12

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

  • 3:00PM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 3:02PM
    Dot

    DotSraith 1, Eipeasóid 1

    Toirneach Chugainn

    Tá faitíos ar Scratch roimh thoirneach.

  • 3:13PM
    Kazoops

    KazoopsSraith 1, Eipeasóid 11

    Stocaí mar a chéile

    Níl Monty in ann teacht ar phéire stocaí atá ag meaitseáil. Cén fáth a gcaithfidh rudaí a bheith ag meaitseáil?

  • 3:20PM
    Bubu & na hUlchabháin Bheaga

    Bubu & na hUlchabháin BheagaSraith 1, Eipeasóid 6

    Lorg na gCos

    Féachfaidh Bubu, Biel agus Bonie leis an ainmhí a d'fhág lorg coise ina dhiaidh a aimsiú.

  • 3:31PM
    Cat a' Hata (GS)

    Cat a' Hata (GS)Sraith 2, Eipeasóid 29

    Barr na Spéire

    Beidh Sailí, Nic agus Cat ag spraoi lena roicéad.

  • 3:44PM
    Cat a' Hata (GS)

    Cat a' Hata (GS)Sraith 2, Eipeasóid 30

    Cnámharlach

    Foghlaimíonn Nic agus Sailí faoin chóras cnámharlaigh ón Dochtúir Mac Gáire ar chlár an lae inniu.

  • 4:00PM
    Cúla 4

    Cúla 4

    Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl, beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.

  • 4:02PM
    Dónall Dána (GS)

    Dónall Dána (GS)Sraith 2, Eipeasóid 13

    Dónall Dána agus an Dráma Scoile

    Déanfaidh Dónall rud ar bith le nach mbeidh an príomhpháirt aige i ndráma na scoile.

  • 4:13PM
    Angelo Rules (GS)

    Angelo Rules (GS)Sraith 4, Eipeasóid 13

    Fostaí na Míosa

    Tá post faighte ag Angelo sa bPáirc Siamsaíochta agus tá pleananna móra aige.

  • 4:24PM
    Zak Jinks

    Zak JinksSraith 1, Eipeasóid 28

    An tIasc Órga

    Tá Naomie cinnte go bhfuil fios ag a hiasc órga. Tá Zak ag ceapadh go mbeidh an t-iasc in ann insint dó cén uair a bheidh an chéad scrúdú eile aige.

  • 4:37PM
    Harvey Beaks

    Harvey BeaksSraith 2, Eipeasóid 13

    Teicnea-Scanradh Páirt 1 & Teicnea-Scanradh Páirt 2

    Oíche Shamhna atá ann agus tá na gasúir ar fad ag fáil faoi réir le dul amach ag imirt bob nó bia mar a dhéanann siad chuile bhliain ach i mbliana is cosúil nach bhfuil Technobear ag iarraidh dul in éineacht leo. Féachann trí spiorad le Technobear a mhealladh chun dul amach ag spraoi bob nó bia lena chuid cairde arís.

  • 5:00PM
    Whiz sa Chistin (GS)

    Whiz sa Chistin (GS)Sraith 2, Eipeasóid 9

    Seó cluichí é Whiz sa Chistin atá bunaithe ar bhia. Beidh ceathrar leanaí sa chistin ar gach clár agus beidh a fhios againn cé chomh maith is atá said sa chistin nuair a chaithfidh siad tabhairt faoi dhúshlán bia agus ceisteanna go leor a fhreagairt.

  • 5:28PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 21, Eipeasóid 250

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 5:30PM
    Irish Paint Magic

    Irish Paint MagicSraith 17, Eipeasóid 1

    Frosty Morning

    Maidin álainn sheaca is ábhar do chlár an lae inniu.

  • 6:00PM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 10, Eipeasóid 12

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

  • 6:57PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 22, Eipeasóid 288

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 7:00PM
    Nuacht TG4

    Nuacht TG4Sraith 21, Eipeasóid 288

    Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

  • 7:30PM
    C.L.U.B. (OS & TS)

    C.L.U.B. (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 4

    Clann na nGael

    Ar Chlann na nGael, club i nGaeltacht Ráth Chairn, a thabharfaidh CLUB aghaidh an tseachtain seo. Is é Éamon Óg Ó Donnchadha, imreoir iomána do Chlann na nGael agus Chontae na Mí, aoi speisialta an chláir seo.

  • 8:00PM
    GAA 2018

    GAA 2018Sraith 18, Eipeasóid 37

    Súil siar ar na cluichí a imríodh ar an deireadh seachtaine.

  • 9:00PM
    Glór Tíre - Rogha & Togha (TS)

    Glór Tíre - Rogha & Togha (TS)Sraith 12, Eipeasóid 1

    Cuirfear tús an tseachtain seo le rogha agus togha an dara sraith déag de Ghlór Tíre. Beidh móruaisle an cheoil tíre ar stáitse i dTeach na Céibhe leis an rogha is fearr amhrán. Ar chlár na hoíche anocht beidh Mike Denver, Justin McGurk, Mick Flavin, Shawn Cuddy, Patrick Feeney, Jimmy Buckley agus John McNicholl.

  • 9:30PM
    Scannán: The Way of the Gun (TS)

    Scannán: The Way of the Gun (TS)

    (2000, Aicsean) Ryan Phillippe, Benicio Del Toro agus Juliette Lewis na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Christopher McQuarrie. Fuadaíonn beirt choirpeach bean atá ag iompar clainne d'fhear atá thar a bheith cumhachtach agus cam. Go bhfóire Dia orthu!

  • 11:40PM
    Finné (OS & TS)

    Finné (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 6

    Louise Hannon

    Ba í Louise Hannon an chéad duine trasinscneach sa Stát a chuir an dlí ar a fostóir, cás ar éirigh leis, de bharr leithcheal a rinneadh uirthi ar bhonn gnéis, in Aibreán 2011. Cor cinniúnach a bhí ann i stair na tíre, agus is mar gheall ar an gcás sin a chuir an Rialtas an Bille um Inscne a Aithint i bhfeidhm in 2015. Déanfaidh Louise Hannon cur síos ar a cuid oibre ina tiománaí trucaile agus ar an saol a chaith sí ina feirmeoir sular bheartaigh sí a hinscne a athrú.

  • 0:40AM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 22, Eipeasóid 288

    An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

  • 0:42AM
    The Vampire Diaries (TS)

    The Vampire Diaries (TS)

    Súil siar ar shraith 8 de Vampire Diaries. Cuirfear an chliar ar fad faoi agallamh. Labhróimid leis na léiritheoirí feidhmiúcháin, Julie Plec agus Kevin Williamson agus taispeánfar píosaí scannáin a taifeadadh ar chúl an cheamara agus píosaí speisialta eile a tharla le hocht mbliana anuas.

  • 1:30AM
    France 24

    France 24Sraith 10, Eipeasóid 288

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.