Sceideal | Irish Television Channel, Súil Eile | TG4 Skip to main content

Sceidil TG4

Programme Highlights

Inniu ar TG4

Sceidil an Lae

Dé Sathairn 16 Nollaig

  • 5:30AM
    France 24

    France 24Sraith 9, Eipeasóid 349

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

  • 7:00AM
    Cúla 4

    Cúla 4

    Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl, beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.

  • 7:02AM
    Gearóid na Gaisce (GS)

    Gearóid na Gaisce (GS)Sraith 1, Eipeasóid 3

    Ceolchoirm/Cóirithe go Maith

    Déanann Dealg aithris ar laoch ceoil le smacht a fháil ar intinn déagóirí.

  • 7:24AM
    Camp Lakebottom

    Camp LakebottomSraith 1, Eipeasóid 15

    Rí na gCleas

    Féachann MacAodh le cleasa a imirt ar na campálaithe.

  • 7:35AM
    Camp Lakebottom

    Camp LakebottomSraith 1, Eipeasóid 16

    Mamaí Zombaí

    Tagann Mamaí Shlisín ar cuairt.

  • 7:46AM
    Angelo Rules (GS)

    Angelo Rules (GS)Sraith 3, Eipeasóid 21

    Agus Mam as Baile

    Tá rudaí le deisiú ag athair Angelo sa teach.

  • 8:00AM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 8:02AM
    Seo Linn Pocoyo

    Seo Linn PocoyoSraith 3, Eipeasóid 11

    Am Folcadh

    Tá Loula lofa tar éis a bheith ag spraoi sa bpuiteach agus tá Pocoyo agus Elly ag iarraidh í a ghlanadh.

  • 8:09AM
    Seo Linn Pocoyo

    Seo Linn PocoyoSraith 3, Eipeasóid 12

    Méara Dhraíochtacha

    Cuireann Pocoyo seó ar siúl dá chuid cairde.

  • 8:16AM
    Zack & Quack

    Zack & QuackSraith 1, Eipeasóid 21

    Preab-Lá Breithe Quack

    Tá cóisir eagraithe ag Zack agus ag Kira do bhreithlá Quack.

  • 8:28AM
    Dinosaur Train (GS)

    Dinosaur Train (GS)Sraith 2, Eipeasóid 23

    Mian Gheimhridh Don

    Bíonn Don ag guí sneachta agus é ar cuairt sa Mhol Thuaidh.

  • 8:40AM
    Saol Faoi Shráid (GS)

    Saol Faoi Shráid (GS)Sraith 1, Eipeasóid 15

    Uaigneach Gan Í

    Tá Ribín ag déanamh bronntanais do Ghlibín i ngan fhios dó. Ceapann Glibín gurb é nach bhfuil sí mór leis níos mó agus bíonn sé an-uaigneach dá huireasa.

  • 8:52AM
    Masha agus an Béar

    Masha agus an BéarSraith 1, Eipeasóid 3

    Las an Crann Nollag!

    Tá deacrachtaí ag an mBéar agus ag Masha lena gcrann Nollag.

  • 9:00AM
    Tractor Tom

    Tractor TomSraith 1, Eipeasóid 52

    Lachain ar Cuairt

    Stopann cúpla lachan ag an bhfeirm agus iad ar a mbealach chuig an deisceart, faraor ní bhíonn Whack agus Bach an-deas leo.

  • 9:10AM
    PJ Masks

    PJ MasksSraith 1, Eipeasóid 29

    Owlette agus Sárú na Ceanncheathrún

    Goidfidh an Ninja Oíche na busanna scoile uilig anocht.

  • 9:23AM
    Cat a' Hata (GS)

    Cat a' Hata (GS)Sraith 1, Eipeasóid 55

    Bleacht Féileacáin

    Tá Sailí agus Nic ag ligean orthu féin gur féileacáin iad, ach níl aon mhaith leo.

  • 9:35AM
    Cat a' Hata (GS)

    Cat a' Hata (GS)Sraith 1, Eipeasóid 56

    Lasairéin

    Bíonn Sailí agus Nic ag triail gluaiseachtaí nua a dhéanamh nuair a thagann an Cat le gluaiseachtaí dá chuid féin.

  • 9:50AM
    Alvinnn !!! agus na Chipmunks

    Alvinnn !!! agus na ChipmunksSraith 1, Eipeasóid 29

    An Teach Crainn

    Nuair a bhíonn na cailíní ag glanadh amach an teachín crainn, smaoiníonn siad siar ar an am ar stop siad fear a bhí ag iarraidh an crann céanna a ghearradh anuas.

  • 10:05AM
    Ainmhithe Beaga sa bhFiántas (OS)

    Ainmhithe Beaga sa bhFiántas (OS)Sraith 1, Eipeasóid 4

    Ainmhithe ar an Trá - Tráthnóna

    Caithfimid súil ar mar a chaitheann ainmhithe óga na trá an tráthnóna.

  • 10:35AM
    Naíonáin an Zú (OS)

    Naíonáin an Zú (OS)Sraith 4, Eipeasóid 5

    Sraith faoin saol mar a chaitheann ainmhithe nuabheirthe é i zú nua-aimseartha i mBeirlín na Gearmáine. Ní bhíonn sé éasca i gcónaí a bheith i do chónaí in éineacht le hainmhithe eile. Mar shampla, níl an dá shioráf óga ag tarraingt rómhaith lena chéile agus ciallaíonn sé sin go gcaitear ceann acu a choinneáil istigh nuair a bhíonn an ceann eile amuigh. Tá na tamairíní an-sásta glacadh leis na cinn óga nuabheirthe. Tuigeann na cótaithe anois nach bhfuil sé chomh héasca sin crainn a dhreapadh.

  • 11:05AM
    Jim Driscoll, Dornálaí (OS & TS)

    Jim Driscoll, Dornálaí (OS & TS)

    Scéal Jim Driscoll, dornálaí agus fear uasal a thuill cáil as a chumas sa gcró dornálaíochta agus meas as a chineáltacht agus as a dhílseacht dá dhúchas agus dá mhuintir. Bhásaigh sé leis an eitinn i 1925 agus d'fhreastail os cionn 100,000 duine ar a shochraid i Cardiff na Breataine Bige. Is sa gcathair sin a rugadh é in 1880, de bhunadh Éireannach. Áirítear Jim Driscoll ar dhuine de na dornálaithe ab fhearr agus ba sciliúla riamh agus bhí cáil ar leith ar a chumas leis an gciotóg. Sa gclár seo tabharfaidh staraithe & saineolaithe dornálaíochta, a mbreithiúnas ar a shaol agus ar a oidhreacht.

  • 12:05PM
    Micheál Ó Muircheartaigh

    Micheál Ó Muircheartaigh

    Clár faisnéise faoi Mhicheál Ó Muircheartaigh ag filleadh ar an mbosca tráchtaireachta arís. I mí Meithimh na bliana 2012, d'fhill Micheál Ó Muircheartaigh ar an tráchtaireacht do chluiche ceannais Chomórtas Peile na Gaeltachta beo ar TG4. Léargas faoi leith ar an mbua ar leith atá ag Micheál atá sa gclár seo agus é ag tráchtaireacht ar an gcluiche idir Ghaoth Dobhair agus Chill tSéadhna. Bhí a mhac Éamonn mar aon le Jarlath Burns sa mbosca in éineacht leis an lá sin.

  • 12:35PM
    The Waltons (TS)

    The Waltons (TS)Sraith 5, Eipeasóid 16

    The Elopement

    Tagann an scoláire foraoiseachta, a tháinig ar cuairt go Sliabh Walton cheana, ar ais agus iarrann sé ar Erin é a phósadh.

  • 1:35PM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 9, Eipeasóid 28

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

  • 2:30PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 21, Eipeasóid 329

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 2:35PM
    Team Umizoomi

    Team UmizoomiSraith 3, Eipeasóid 2

    Stompasaurus

    Tabharfaidh Milli, Geo agus Bot cúnamh dá gcara na píosaí bréagáin atá imithe amú air a aimsiú.

  • 3:00PM
    Dochreidte Gan Dabht (GS)

    Dochreidte Gan Dabht (GS)Sraith 5, Eipeasóid 10

    Seo é Dochreidte Gan Dabht, an clár ar a mbeidh na curiarrachtaí is aistí, is iontaí agus is dochreidte dá bhfaca tú riamh. I measc chomórtais an lae inniu beidh uibheacha i gcupáin a iompú bun os cionn trína séideadh. Á chur i láthair ag Eoghan Ó Loideáin.

  • 3:15PM
    Dochreidte Gan Dabht (GS)

    Dochreidte Gan Dabht (GS)Sraith 3, Eipeasóid 5

    Seo é Dochreidte Gan Dabht, an clár ar a mbeidh na curiarrachtaí is aistí, is iontaí agus is dochreidte dá bhfaca tú riamh - Alex agus JD ag tabhairt faoi churiarracht chontúirteach ar oighear ina measc! Á chur i láthair ag Eoghan Ó Loideáin.

  • 3:45PM
    Whiz sa Chistin (GS)

    Whiz sa Chistin (GS)Sraith 1, Eipeasóid 25

    Seó cluichí é Whiz sa Chistin atá bunaithe ar bhia. Beidh ceathrar leanaí sa chistin ar gach clár agus beidh a fhios againn cé chomh maith is atá said sa chistin nuair a chaithfidh siad tabhairt faoi dhúshlán bia agus ceisteanna go leor a fhreagairt. Ar chlár an lae inniu tabharfaidh Calum agus Alex aghaidh ar Kira agus ar Pháidí.

  • 4:15PM
    Whiz sa Chistin (GS)

    Whiz sa Chistin (GS)Sraith 1, Eipeasóid 26

    Seó cluichí é Whiz sa Chistin atá bunaithe ar bhia. Beidh ceathrar leanaí sa chistin ar gach clár agus beidh a fhios againn cé chomh maith is atá siad sa chistin nuair a chaithfidh siad tabhairt faoi dhúshlán bia agus ceisteanna go leor a fhreagairt. Ar chlár an lae inniu tabharfaidh Evin agus Séamus aghaidh ar Jack agus ar Connor.

  • 4:45PM
    WAC (OS)

    WAC (OS)Sraith 1, Eipeasóid 52

    Wac's Wackiest: The Good, The Bad And The Whacky

    Cuirfear na hainmhithe is fearr in aghaidh a chéile, na hainmhithe is gránna in aghaidh a chéile agus na hainmhithe is craiceáilte in aghaidh a chéile. Seo é an clár is craiceáilte go dtí seo.

  • 5:20PM
    Survivor - Kaoh Rong (OS & TS)

    Survivor - Kaoh Rong (OS & TS)Sraith 32, Eipeasóid 15

    Tagann na hiomaitheoirí ar fad le chéile arís chun labhairt faoina dtaithí agus faoi bhuaicphointí na sraithe. Tabharfar roinnt eolais freisin faoin gcéad sraith eile de Survivor.

  • 6:57PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 21, Eipeasóid 350

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 7:00PM
    Nuacht TG4

    Nuacht TG4Sraith 20, Eipeasóid 350

    Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

  • 7:15PM
    Opry Dhoire (OS & TS)

    Opry Dhoire (OS & TS)Sraith 6, Eipeasóid 6

    Opry leis na Réaltaí

    Tá Opry ar ais agus á chur i láthair arís ag Daniel O'Donnell. Is seó an-speisialta é Opry leis na Réaltaí, ina mbeidh Dickie Rock, Susan McCann, Brian Coll agus Frankie McBride. Is é Seoirse Ó Dochartaigh aoi an chláir seo agus casfaidh sé cúpla amhrán i nGaeilge. Mar sin, coinnigh comhluadar le Daniel gach seachtain, agus é ag cur sárcheoltóirí tíre in aithne dúinn, ó Fhóram na Mílaoise, i nDoire.

  • 8:25PM
    European Rugby Champions Cup

    European Rugby Champions CupSraith 4, Eipeasóid 8

    Buaicphointí na gcluichí idir Laighin agus Exeter Chiefs as Staid Aviva sa gceathrú babhta de Chorn Seaimpíní Rugbaí na hEorpa agus Connachta v Brive as an Sportsground sa gCorn Dúshláin.

  • 9:35PM
    Scannán: Night Falls on Manhattan (TS)

    Scannán: Night Falls on Manhattan (TS)

    (1996, Dráma) Andy Garcia, Richard Dreyfuss agus Lena Olin na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Sidney Lumet. Cuirtear ionchúisitheoir nuathofa i gceannas ar fhiosrúchán faoi chaimiléireacht póilíní ach is cosúil go bhfuil baint ag a athair agus a pháirtí féin leis freisin.

  • 11:40PM
    Barney Bunion (OS)

    Barney Bunion (OS)Sraith 1, Eipeasóid 5

    Idir Dhá Chomhairle

    Sraith grinn. Nuair a fhaigheann Dónall Ó Cnáimhsí amach go bhfuil an Chomhairle Contae chun tithe McMullin a thógáil ar cíos seachas a chuid tithe féin fostaíonn sé Barney chun McMullin agus an ceangal atá aige leis an gComhairle Contae a fhiosrú. D'fhéadfá a rá nach bhfaighidh siad an ceann is fearr ar Dhónall!

  • 0:10AM
    The Beatles: Guth (OS & TS)

    The Beatles: Guth (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 6

    The Beatles

    Scéal cheann de na bannaí ceoil is mó a bhí riamh ann - na Beatles as Learpholl. Caithfear súil ar an gceangal a bhí acu le hÉirinn chomh maith leis an tionchar mór a bhí ag a gcuid ceoil ar mhuintir na hÉireann agus ar thionscail an cheoil araon. Tá sé os cionn 50 bliain ó chas na Beatles i mBaile Átha Cliath den chéad uair.

  • 0:55AM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 21, Eipeasóid 350

    An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

  • 1:00AM
    Céard sa Diabhal! (OS & TS)

    Céard sa Diabhal! (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 21

    Clár ar a mbeidh na hiarrachtaí spóirt is seafóidí agus na pleidhcí is mó ann le feiceáil. Fir ag déanamh cleasa in áit atá lán le séarachas, ina measc.

  • 1:30AM
    Ceol ar an Imeall (OS)

    Ceol ar an Imeall (OS)Sraith 4, Eipeasóid 9

    Ceol indie pop agus indie rac ar fad a bheidh againn daoibh an tseachtain seo. Casfaidh an banna ceoil indie pop as Baile Átha Cliath, Raglans, atá tar éis albam nua 'Long Live' a eisiúint, ceol sa stiúideo dúinn. Beidh ceol againn freisin ó Neon Wolf, banna ceoil indie rac as Cill Chainnigh. Tá siadsan tar éis a gcéad albam dar teideal 'Love Lost In Design' a eisiúint agus d'éirigh leis uimhir a dó a bhaint amach i gcairteanna albam iTunes an lá ar heisíodh é. Cuirfimid Joy Formidable, banna ceoil indie rac eile as tuaisceart na Breataine Bige, faoi agallamh chomh maith.

  • 2:00AM
    France 24

    France 24Sraith 9, Eipeasóid 350

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.