Sceideal | Irish Television Channel, Súil Eile | TG4 Skip to main content
Menu

Sceidil TG4

Programme Highlights

Inniu ar TG4

Sceidil an Lae

Dé Máirt 19 Feabhra

  • 5:30AM
    France 24

    France 24Sraith 11, Eipeasóid 50

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

  • 7:00AM
    Cúla 4

    Cúla 4

    Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.

  • 7:02AM
    Mofy

    MofySraith 1, Eipeasóid 18

    Cá bhfuil an Bláth?

    Tá Mofy ag iarraidh bláth deas a fháil dá teach atá déanta as meall cadáis.

  • 7:07AM
    Mofy

    MofySraith 1, Eipeasóid 19

    Na Píoba

    Briseann Mofy píb mhála Chiaráin trí thimpiste agus féachann sí le cúnamh a fháil ó Bhéabhar.

  • 7:13AM
    Balloon Barnyard

    Balloon BarnyardSraith 1, Eipeasóid 15

    An Lá Fuar

    Tá gach duine i gClós na mBalún fuar inniu mar go bhfuil poill i mballaí an sciobóil!

  • 7:20AM
    Olobob Top

    Olobob TopSraith 1, Eipeasóid 8

    Traeinín Chú

    Caithfidh na hOlobobanna an fhoraois a chuardach mar go bhfuil an bréagán is fearr le Bobble, Traeinín Chú, ar iarraidh.

  • 7:25AM
    Rita & Crogall

    Rita & CrogallSraith 1, Eipeasóid 1

    An Fhoraois

    Nuair a théann Rita agus Crogall ar shiúlóid sa bhforaois, téann duine acu amú.

  • 7:30AM
    Rita & Crogall

    Rita & CrogallSraith 1, Eipeasóid 2

    Sneachta

    Rachaidh Rita agus Crogall amach ag spraoi sa sneachta.

  • 7:35AM
    Kid E Cats

    Kid E CatsSraith 1, Eipeasóid 31

    Uncail Muifín

    Tugann Uncail Muifín cuairt ar na piscíní.

  • 7:40AM
    Kid E Cats

    Kid E CatsSraith 1, Eipeasóid 32

    Mála a Phacáil

    Tabharfaidh na piscíní cúnamh do Dhaidí a mhála a phacáil do thuras gnó.

  • 7:45AM
    School of Roars

    School of RoarsSraith 1, Eipeasóid 32

    Breithlá Bhean Uí Shraothartach

    Faigheann Wufflebump amach gurb é inniu breithlá Bhean Uí Shraothartach agus socraíonn an rang gur cheart dóibh bronntanas a thabhairt di.

  • 7:52AM
    Olly an Veain Bheag Bhán

    Olly an Veain Bheag BhánSraith 1, Eipeasóid 5

    An Veain is Fearr

    Cuireann Stan a mhadra Ben isteach ar Sheó Madraí Phlimpáin. Ach nuair a ghortaíonn Ben é féin roimh an gcomórtas bíonn ar Olly teacht ar phlean eile.

  • 7:57AM
    Olly an Veain Bheag Bhán

    Olly an Veain Bheag BhánSraith 1, Eipeasóid 6

    Glanann Olly Suas

    Tugann Olly agus Stan cúnamh d'Iníon Florette Páirc na gCrann a ghlanadh i ndiaidh cóisire. Ach cá gcuirfidh siad an bruscar ar fad?

  • 8:03AM
    Dot

    DotSraith 1, Eipeasóid 21

    Gafa le Galf

    Caithfidh Hal a chuid scileanna gailf a chleachtadh.

  • 8:15AM
    The Furchester Hotel

    The Furchester HotelSraith 1, Eipeasóid 14

    Dealbh

    Féachann muintir Furchester le dealbh álainn atá réidh le titim a shábháil!

  • 8:26AM
    Maya an Bheachín

    Maya an BheachínSraith 2, Eipeasóid 8

    An Seangán Nua

    Nuair a bhriseann Paul agus a chuid seangán liathróid Kurt, socraíonn Kurt bóthar a thabhairt dóibh agus seangáin nua a fháil.

  • 8:40AM
    Bubu & na hUlchabháin Bheaga

    Bubu & na hUlchabháin BheagaSraith 1, Eipeasóid 15

    15. Lá Samhraidh

    Tá an teaghlach uilig ar an trá agus iad ag baint sult as an gcéad lá den samhradh. Ba mhaith le Bubu fanacht ar bharr uisce.

  • 8:51AM
    Masha agus an Béar

    Masha agus an BéarSraith 1, Eipeasóid 19

    Ag Foghlaim an Phianó

    Féachann an Béar le múineadh do Masha leis an bpianó a chasadh.

  • 8:58AM
    Kazoops

    KazoopsSraith 1, Eipeasóid 19

    Gnáth lá Sona

    Tá fonn ar Monty dul ag ceiliúradh. An gcaithfidh ócáid a bheith ar siúl le ceiliúradh a dhéanamh?

  • 9:05AM
    Zou

    ZouSraith 3, Eipeasóid 52

    Filleadh an Phianó

    Tabharfar pianó Nanna abhaile ar chlár an lae inniu.

  • 9:16AM
    Ár Scéal (GS)

    Ár Scéal (GS)Sraith 1, Eipeasóid 30

    Fionn agus Aonghus

    Tabharfaidh Úna cuairt ar a cairde i Scoil Chúil-Aodha/Bárrd'Inse i gCorcaigh le scéal eile a chur lena bailiúchán. Beidh an-spraoi aici lena cairde beaga a bheidh ag déanamh pictiúr i stíl mósáice sula dtabharfaidh siad cluas don scéal 'Fionn agus Aonghus'.

  • 9:30AM
    Ainmhithe Beaga sa bhFiántas (TS)

    Ainmhithe Beaga sa bhFiántas (TS)Sraith 1, Eipeasóid 1

    Ainmhithe na Foraoise - Maidin

    Caithfimid súil ar mar a chaitheann ainmhithe óga na foraoise an mhaidin.

  • 10:00AM
    Little House on the Prairie (TS)

    Little House on the Prairie (TS)Sraith 4, Eipeasóid 3

    My Ellen

    Báitear cara le Laura agus le Mary nuair a théann an triúr ag snámh. Cuireann máthair an chailín an milleán ar Laura.

  • 10:55AM
    The Gilmore Girls (TS)

    The Gilmore Girls (TS)Sraith 6, Eipeasóid 2

    Fight Face

    Sraith ghrinn drámaíochta. Tosaíonn Rory ag cur isteach an phionóis atá gearrtha uirthi. Níl a fhios ag Lorelai ná ag Luke céard is fearr dóibh a dhéanamh - teach Twickham a cheannach nó teach Lorelai a athchóiriú. Téann Rory chuig caife Luke ag cur tuairisce a máthar agus insíonn Luke di go bhfuil siad geallta. Go tráthúil, castar Lorelai agus Rory ar a chéile ina dhiaidh sin agus bíonn sé ina achrann eatarthu.

  • 11:45AM
    Cheese Slices (TS)

    Cheese Slices (TS)Sraith 8, Eipeasóid 2

    Sa Normainn a bheidh Will agus a iníon ar chlár an lae inniu. Gheobhaidh sé amach faoi na dúshláin mhóra atá roimh tháirgeoirí cáise a úsáideann amhbhainne sa Normainn. Bainfidh Will agus Ellie triail as Camembert na Normainne agus tabharfaidh siad cuairt ar an aon táirgeoir orgánach amháin a bhfuil an cháis seo fós á déanamh aige. Casfaidh siad le Thierry Graindorge, fear a mbíodh a mhuintir roimhe ag déanamh Livarot agus atá ag táirgeadh réimse leathan de cháiseanna na Normaine anois, Neufchatel ina measc.

  • 12:15PM
    Cósta Uí Chatháin (OS)

    Cósta Uí Chatháin (OS)Sraith 1, Eipeasóid 6

    Béal Feirste

    Tabharfaidh Éamonn cuairt ar a bhaile dúchais, Béal Feirste, an tseachtain seo. Blaisfidh sé de thae miontais Maracach agus déanfaidh sé bruschetta sicín. Rachaidh sé chuig seisiún ceoil i dteach tábhairne Rotterdam agus tabharfaidh sé cuairt ar ghrúdlann an Hilden áit a mbainfidh sé triail as an deoch Headless Dog.

  • 12:45PM
    Comhrá (OS)

    Comhrá (OS)Sraith 5, Eipeasóid 4

    Is é Nioclás Ó Conchubhair as Leitir Móir, Co na Gaillimhe a bheidh ag comhrá le Máirtín Tom Sheáinín inniu. Tá aithne mhór ar Nioclás mar gheall ar an siopa crua-earraí 'Tigh Nioclás' i Leitir Móir. Tá baint mhór aige le Fianna Fáil agus bhí sé ina bhall den Seanad. Inseoidh sé scéal faoina uncail a thug aire do Michael Collins agus é ar leaba an bháis chomh maith le neart scéalta eile.

  • 1:15PM
    The West Wing (TS)

    The West Wing (TS)Sraith 5, Eipeasóid 22

    Memorial Day

    I gclár deiridh na sraithe, bíonn Bartlet idir dhá intinn ar an bhfreagra míleata is ceart a thabhairt ar an méid a tharla i Stráice Gaza. Castar gníomhaire eachtrannach ar Josh le linn dó a bheith ag tabhairt aire do Donna.

  • 2:05PM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 10, Eipeasóid 30

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á cur i láthair ag Anne Robinson.

  • 3:00PM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag a 7 a.m. go dtí a 10.00 am agus arís ag a 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 3:02PM
    Dot

    DotSraith 1, Eipeasóid 39

    An Cró Madra

    Táthar chun cró madraí nua a dhéanamh do Scratch.

  • 3:13PM
    Kazoops

    KazoopsSraith 1, Eipeasóid 35

    An Ridire Cróga

    Tá Monty ag iarraidh a fháil amach an mbíonn faitíos ar dhaoine fásta.

  • 3:20PM
    Bubu & na hUlchabháin Bheaga

    Bubu & na hUlchabháin BheagaSraith 1, Eipeasóid 2

    A Bhláth Beag Bídeach Álainn

    Tiocfaidh Bubu, Biel agus Bonie ar gharraí ina bhfuil neart bláthanna agus foghlaimeoidh siad faoi theacht an earraigh ó iora beag.

  • 3:31PM
    Cat a' Hata (GS)

    Cat a' Hata (GS)Sraith 1, Eipeasóid 55

    Bleacht Féileacáin

    Tá Sailí agus Nic ag ligean orthu féin gur féileacáin iad ach níl said ag déanamh aon mhaith!

  • 3:44PM
    Cat a' Hata (GS)

    Cat a' Hata (GS)Sraith 1, Eipeasóid 56

    Lasairéin

    Tá Sailí agus Nic ag iarraidh gluaiseachtaí nua a dhéanamh.

  • 4:00PM
    Cúla 4

    Cúla 4

    Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.

  • 4:02PM
    Alvinnn !!! agus na Chipmunks

    Alvinnn !!! agus na ChipmunksSraith 1, Eipeasóid 4

    Jeanette faoi Gheasa

    Níl Jeanette sásta a breithlá a cheiliúradh níos mó. Chreid sí i ndraíocht nuair a bhí sí níos óige agus chuir sé as go mór di nuair a fuair sí amach nach raibh a leithéid de rud ann.

  • 4:13PM
    Dónall Dána (GS)

    Dónall Dána (GS)Sraith 3, Eipeasóid 27

    Dónall Dána Feighlí Leanaí

    Nuair a thagann Fiona Fíochmhar sa mullach ar Dhónall, ní bhíonn aon rogha aige ach féachaint smacht a choinneáil uirthi.

  • 4:24PM
    Breadwinners

    BreadwinnersSraith 2, Eipeasóid 3

    Olc Go Cnámh na Lachan

    Tá sé faighte amach ag SwaySway gur buachaillí dána is maith le Jenny Quackles.

  • 4:35PM
    Zak Jinks

    Zak JinksSraith 1, Eipeasóid 12

    Gráinne ar iarraidh

    Ceannaíonn Zak fearas draíodóra agus féachann sé le cleasa a imirt ar a chairde. Meas tú an mbeidh sé in ann Gráinne, an peata ranga, a thabhairt ar ais?

  • 4:47PM
    Spongebob Squarepants (GS)

    Spongebob Squarepants (GS)Sraith 10, Eipeasóid 7

    Éiríonn Planctón As & Trioblóid Trírinne

    Dúnann Plankton an 'Chum Bucket' agus bogann sé chuig baile nua ach tá amhras ar an Uasal Krabs faoi. Piocann Spongebob suas trírinn draíochta Neiptiúin trí thimpiste.

  • 5:10PM
    Dochreidte Gan Dabht (GS)

    Dochreidte Gan Dabht (GS)Sraith 4, Eipeasóid 6

    Seo é Dochreidte Gan Dabht, an clár ar a mbeidh na curiarrachtaí is aistí, is iontaí agus is dochreidte dá bhfaca tú riamh. Inniu déanfar iarracht an phirimid is mó de chupáin phlaisteacha a dhéanamh. Á chur i láthair ag Eoghan Ó Loideáin.

  • 5:28PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 50

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 5:30PM
    Feirm (OS & TS)

    Feirm (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 1

    Déiríocht

    Sraith a thugann léargas ar chúrsaí talmhaíochta in Éirinn faoi láthair agus ar thábhacht na hearnála don tír amach anseo. Casann Jamie Costin le feirmeoirí déiríochta eile, taighdeoirí talmhaíochta agus gnóthaí talmhaíochta le nuálaíocht na hearnála déiríochta a fhiosrú. Ó tharla Fómhar 2020 faoi lán seoil, beidh méadú faoin mbólacht déiríochta náisiúnta; labhróidh Jamie le Karina Pierce ó UCD faoi chothú ainmhithe agus an obair atá ar siúl aici chun astuithe carbóin a laghdú. Tabharfaidh Jamie cuairt ar Dairymaster, comhlacht Éireannach atá chun cinn ó thaobh trealamh déiríochta.

  • 6:00PM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 10, Eipeasóid 30

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á cur i láthair ag Anne Robinson.

  • 6:57PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 50

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 7:00PM
    Nuacht TG4

    Nuacht TG4Sraith 22, Eipeasóid 50

    Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

  • 7:30PM
    7 Lá

    7 LáSraith 17, Eipeasóid 7

    Clár cúrsaí reatha seachtainiúil TG4. Déanfar scagadh agus plé ar scéalta nuachta atá go mór i mbéal an phobail, go háirithe scéalta réigiúnacha agus Gaeltachta.

  • 8:00PM
    Scéalta na nÓstán (OS & TS)

    Scéalta na nÓstán (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 3

    An Cósta Thiar

    Sraith a thugann léargas ar ghné thábhachtach den stair shóisialta in Éirinn agus súil siar á caitheamh ar chuid de na hóstáin is mó atá luaite le stair na turasóireachta sa tír seo le seasca bliain. Bhí cáil i bhfad is i ngearr ar chuid de na hóstáin seo agus bhronn stádas áirithe ar aon duine a deir gur fhan sé iontu. Óstán an Mulranny Park i gCo. Mhaigh Eo, an Great Northern Hotel i mBun Dobhráin agus mar a rinne muintir Árann a gcuid féin d'óstán i nGaillimh is ábhar do chlár an lae inniu.

  • 8:30PM
    Ros na Rún (OS & GS)

    Ros na Rún (OS & GS)Sraith 23, Eipeasóid 49

    Níl máthair Bherni mar a bhíodh ach an é go bhfuil sí ligthe fúithi leis an aois? Glacann Cóilí Jackie le tairiscint Frances dul ag obair san Ionad Pobail rud a chuireann uafás ar Chaitríona. Is mó atá Cóilí Jackie a chur as do Frances ná a bhfuil sé ag tabhairt de chúnamh di. Tagann Malachaí i gcabhair uirthi. Tá Gráinne ag ceapadh go bhfuil taibhse tigh Katy a bhfaighidh sise réidh leis a deir sí.

  • 9:00PM
    Siar an Bóthar (OS)

    Siar an Bóthar (OS)Sraith 13, Eipeasóid 13

    Togha agus rogha an cheoil agus an damhsa ar Siar an Bóthar. Sa chlár deiridh den tsraith beidh mír againn de Kevin Conniffe agus 'The Chieftains' ag casadh 'Kind Friends And Relations'. Beidh mír againn de Davy Spillane ar 'The Corner House' i 1991 agus na damhsóirí Jean Butler agus Colin Dunne ar stáitse i mBaile Átha Cliath i 1993. Casfaidh The Voice Squad a leagan féin de 'The Parting Glass'.

  • 9:30PM
    Glór Tíre (OS & TS)

    Glór Tíre (OS & TS)Sraith 15, Eipeasóid 7

    Johnny Brady

    Sa tsraith nua de Ghlór Tíre beidh seisear iomaitheoirí i dteannta Aoife Ní Thuairisg agus gach duine acu ag iarraidh an duais mhór a thabhairt leo. John Creedon, Caitríona Ní Shúilleabháin agus Jó Ní Chéide a bheidh ag moltóireacht. Is é John Rafferty iomaitheoir na hoíche anocht agus Johnny Brady ina chuideachta.

  • 10:30PM
    Orange Is the New Black (TS)

    Orange Is the New Black (TS)Sraith 1, Eipeasóid 6

    WAC Pack

    Cuireann teachtaireacht téacs gach rud trína chéile. Déanann Taystee agus Pennstucky a seacht ndícheall i dtoghchán an phríosúin.

  • 11:35PM
    Ros na Rún (OS & GS)

    Ros na Rún (OS & GS)Sraith 23, Eipeasóid 49

    Níl máthair Bherni mar a bhíodh ach an é go bhfuil sí ligthe fúithi leis an aois? Glacann Cóilí Jackie le tairiscint Frances dul ag obair san Ionad Pobail rud a chuireann uafás ar Chaitríona. Is mó atá Cóilí Jackie a chur as do Frances ná a bhfuil sé ag tabhairt de chúnamh di. Tagann Malachaí i gcabhair uirthi. Tá Gráinne ag ceapadh go bhfuil taibhse tigh Katy a bhfaighidh sise réidh leis a deir sí.

  • 0:05AM
    Friday Night Lights (TS)

    Friday Night Lights (TS)Sraith 1, Eipeasóid 18

    Extended Families

    Tugann Lyla cuairt ar an gcampa rugbaí a bhfuil Jason ag freastal air. Faigheann daoine amach go bhfuil Buddy Garrity agus máthair Tyra mór lena chéile. Bogann Buddy isteach in éineacht le muintir Taylor. Téann Waverly ag snámh in éineacht le Smash déanach san oíche.

  • 0:57AM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 50

    An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

  • 1:00AM
    Fíorscéal (OS & TS)

    Fíorscéal (OS & TS)Sraith 19, Eipeasóid 22

    Slándáil Núicléach: Bréag Mhór 2

    Páirt 2: Cén baol go ndéanfar ionsaí sceimhlitheoireachta ar stáisiún núicléach? Sa chlár faisnéise seo, rachaidh an déantóir scannán Eric Gueret chuig an cheithre thír is mó a bhfuil baint acu le cúrsaí núicléacha ar domhan - An Fhrainc, an Bheilg, an Ghearmáin agus na Stáit Aontaithe. Cuirfidh sé agallamh ar shaineolaithe, ar pholaiteoirí agus ar ghníomhaithe timpeallachta go bhfaighidh sé amach cén baol atá ann go dtarlóidh ionsaí núicléach.

  • 2:05AM
    France 24

    France 24Sraith 11, Eipeasóid 50

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.