Baile » Corparáideach » Nuacht Ráitis » 2010 » 15.09 - Sraith nua teilifíse faoi cheannairí 1916 bronnta ar An Taoiseach

Sraith nua teilifíse faoi cheannairí 1916 bronnta ar An Taoiseach

Thuill an beochraoladh ar cluiche i Sraith Magner's idir cúigí Laighean agus na Mumhan i Staid nua Aviva ar an Satharn lucht féachana ollmhór do TG4.

Léiríonn na figiúirí a d'eisigh Nielsen Media Research, an miosúr oifigiúil ar lucht féachana teilifíse in Éirinn, gur fhéach 166,000 duine ar iomlán na himeartha, go raibh an fhéachaint chomh hard le 313,000 ag a buaic agus gur fhéach 538,000 duine ar chuid éigin den chluiche.

Bhain clúdach an chainéil ar an gcluiche scair breis is 10% den lucht féachana náisiúnta teilifíse amach, rud a fhágann go raibh duine as gach deichniúr a bhí ag féachaint ar an teilifís i dtithe príobháideacha 7-9.30pm ar an Satharn tiúnáilte ar TG4. Níl aon chomhaireamh sna figiúirí sin ar dhaoine a bhí ag féachaint ar TG4 i dtithe tábhairne, clubanna &rl.

Deir Eagraí Spóirt an chainéil, Rónán Ó Coisdealbha, go bhfuil TG4 thar a bheith sásta leis na figiúirí féachana seo. "Tá cáil ar chlúdach spóirt an chainéil ar fud an oileáin," a dúirt sé " agus is cúis áthais dúinn go gcruthaíonn na figiúirí seo go bhfuil an pobal féachana sásta go bhfuil an comórtas tábhachtach rugbaí seo ar fáil ar chainéal saor go haer agus nach aon bhac an Ghaeilge ar an dea chlúdach spóirt ar an teilifís."

Breis Eolas:
Rónán Ó Coisdealbha, Spórt TG4
[email protected],
091 505043

Share |
Níl TG4 freagrach as an ábhar ar Shuíomh Gréasáin seachtrach ar bith