Baile » Corparáideach » Nuacht Ráitis » 2010 » 16.04 - An Crisis ag dul go Monte Carlo!

An Crisis ag dul go Monte Carlo!

Tá ocht n-ainmniúcháin faighte ag An Crisis, sraithdhráma grinn TG4, ó Fhéile Teilifíse Monte Carlo 2010, ceann de na féilte is fad-bhunaithe agus is cáiliúla sa domhan. An Prionsa Rainier a bhunaigh an Fhéile, leathchéad bliain ó shin agus áirítear í i measc na bpríomh-chomórtas domhanda in earnáil na teilifíse.

Seo iad na hainmniúcháin atá faighte ag An Crisis, a léirigh an comhlacht neamhspleách Wildfire Films do TG4.

Martha O'Neill (Wildfire Films) agus Micheál Ó Meallaigh (TG4)
Ainmnithe do Shár-Léirithreoir Idirnáisiúnta - Sraith Ghrinn.

Martha O'Neill (Wildfire Films) agus Micheál Ó Meallaigh (TG4)
Ainmnithe do Shár-Léirithreoir Eorpach, Sraith Ghrinn.

Risteárd Cooper agus Conor MacNeill
Ainmnithe do Shár-Aisteoir (Fir) - Sraith Ghrinn (San iomaíocht le Alec Baldwin - 30 Rock, Steve Carell - The US Office agus Adrian Grenier - Entourage)

Norma Sheahan agus Michelle Beamish
Ainmnithe do Shár-Aisteoir (Mná) - Sraith Ghrinn (San iomaíocht le Tina Fey - 30 Rock, Perry Reeves - Entourage agus Jenna Fisher - The US Office

Bionn an fhéile ar bun ag tús Mheithimh. Thréaslaigh Ard Stiúrthóir TG4 Pól Ó Gallchóir a gcuid ainmniúchán ar fad le foireann An Crisis agus le Micheál Ó Meallaigh, Stiúrthóir Coimisiúnaithe TG4 féin atá i measc na n-ainmniúchán. "Tá réimse an ghrinn ar cheann de na réimsí clár is dúshlánaí ar fad" a dúírt sé. "Is breá linn go bhfuil an tsraith seo ag dul i bhfeidhm ar an lucht féachana agus ar léirmheastóirí in Éirinn agus go bhfuil an t-aitheantas ardghradaim seo faighte aige anois ó Fhéile ard-stádais Mhonte Carlo."

Deir Martha O'Neill, Wildfire Films go bhfuil áthas an domhain uirthi go bhfuil an tsraith Ghaeilge seo le bheith san iomaíocht do na duaiseanna ard-ghradamúla seo. "Is iontach go mbeadh sraith mar seo, a léirigh comhlacht beag do chainéal Gaeilge tar éis oiread sin ainmniúchán a fháil ó fhéile ar stádas Monte Carlo," a dúirt sí. "Molaim gach duine a chabhraigh linn ach go háirithe TG4 as a muinín sa togra agus a dtacaíocht dúinn agus an scéim Fuaim agus Fís".

Breis Eolais:
Linda Ní Ghríofa - TG4 - (087) 917 2864

Share |
Níl TG4 freagrach as an ábhar ar Shuíomh Gréasáin seachtrach ar bith