Baile » Corparáideach » Nuacht Ráitis » 2010 » 21.02 - Rásaí Na Gaillimhe Buacach ag IFTA

Rásaí Na Gaillimhe Buacach ag IFTA

Thug an sraithdhráma Rásaí na Gaillimhe an Duais don Chlár Gaeilge is Fearr leis ag duaisbhronnadh Ghradaim IFTA 2010 i mBaile Átha Clliath aréir. Is í scéim IFTA na duaiseanna is measúla sa tionscal scannáin agus teilifíse in Éirinn.

Thuill Rásaí na Gaillimhe ardmholadh nuair a craoladh ar dtús é sa bhfómhar seo caite. An comhlacht neamhspleách Great Western Films a léirigh an sraith seo seacht bpáirt, do TG4 ina ríomhtar snátha scéil idir ghreannmhar agus ghruama in eachtraí a tharlaíonn le linn na féile mhór rásaíochta i mBaile Briota sa Samhradh.

Fuair an tsraith seo chúig ainmniúchán éagsúil IFTA i mbliana Sraithdhráma is Fearr, Clár Gaeilge is Fearr, Stiúrthóir is Fearr (Robert Quinn), Aisteoir Mná is Fearr (Ruth Bradley) agus Script Teilifíse is Fearr (James Phelan).

Ar na tograí eile le TG4 a bhí gearrliostaithe ag IFTA i mbliana, bhí dhá ainmniúchán ar aon do Ros na Rún, (Sobal is Fearr, Duais na Gaeilge) agus Seacht (Óige agus Duais na Gaeilge), dhá shraith fhaisnéise Bóthar go dtí an White House agus Teorainn agus GAA Beo beochlúdach Domhnaigh an chainéil (Spórt).

Thréaslaigh Ardstiúrthóir TG4 Pól Ó Gallchóir, a gcuid ainmniúchán ar fad le muintir Rásaí na Gaillimhe agus leis na léiriúcháin ar fad eile a bhí ar Ghearrliosta i mbliana. Dúirt sé gur cruthúnas ar ardchaighdeán agus ar raon na gclár a bhíonn ag TG4 an rogha seo.

Breis Eolais:
Linda Ní Ghríofa - TG4 - (087) 917 2864

Share |
Níl TG4 freagrach as an ábhar ar Shuíomh Gréasáin seachtrach ar bith