Baile » Corparáideach » Nuacht Ráitis » 2010 » 21.04 - Duais Cheilteach buaite ag Mobs Mheiriceá

Duais Cheilteach buaite ag Mobs Mheiriceá

Thug eagrán de Mobs Mheiriceá, sraith aitheanta TG4, an duais don tSraith Fhíorasach is Fearr leis ag Féile na Meán Ceilteach 2010 a d'oscail san Iúr Co an Dúin tráthnóna.

Seo an tsraith ina rianaítear scéal na gcoirpeach Éireannach i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Sa gclár áirithe a bhuaigh an duais, dírítear ar shaol James 'Whitey' Bulger, pearsa cumhachtach i saol na coiriúlachta i mBoston ar feadh 20 bliain. Tráchtar ar na dúnmharuithe brúidiúla a rinne Whitey agus ar an rún mór a bhain lena shaol mar gur brathadóir rúnda ab ea é don FBI, deirtear. Níor gabhadh Whitey riamh agus tá sé fós ar an liosta den deichniúr is mó a bhfuil an FBI sa tóir orthu. Creidtear gur ar a charachtar a bunaíodh an carachtar Frank Costello a léiríonn an t-aisteoir Jack Nicholson sa scannán The Departed.

An comhlacht léiriúcháin Abú Media, atá lonnaithe in Indreabhán i nGaeltacht na Gaillimhe a léirigh an tsraith do TG4. Is iad na deirfiúracha Eileen agus Bríd Seoighe na léiritheoirí.

Eagraítear Féile na Meán Ceilteach gach bliain in ionad éagsúil sna críocha Ceilteacha. Cuirtear iontrálacha sna duaisaicmí éagsúla faoi bhráid ghiúiré náisiúnta i ngach dtír sula roghnaítear an scoth le dul san iomaíocht ag an gcomórtas idirnáisiúnta. Tá seacht dtogra le TG4 san iomaíocht ag Féile na bliana seo.

Deir Stiúrthóir Coimisiúnaithe TG4, Micheál Ó Meallaigh gur cúis mhór bróid an dara duais seo ag TG4 ag Féile Cheilteach na bliana seo. "Bíonn iomaíocht ghéar ann i gcónaí do dhuaiseanna ag an bhFéile seo", a dúirt sé, "agus gur iontach go mbeadh sraith chomh spreagúil ó chomhlacht Gaeltachta ag ceann na hiomaíochta sin arís i mbliana"

Breis Eolais:
Linda Ní Ghríofa - TG4 - (087) 917 2864

Share |
Níl TG4 freagrach as an ábhar ar Shuíomh Gréasáin seachtrach ar bith