Baile » Corparáideach » Nuacht Ráitis » 2010 » 31.08 - Reibiliúnaithe, Rugbaí, Fánaíocht agus Fiosracht an Fhómhair seo
Reibiliúnaithe, Rugbaí, Fánaíocht agus Fiosracht an Fhómhair seo
Sásóidh an sceideal nua Fómhair seo na mothúcháin ar fad!
Sásóidh an sceideal nua Fómhair Beidh siamsaíocht, stair, spórt agus spraoi ar fáil i gclársceideal nua TG4 an Fómhar seo. Ar na gnéithe is tarraingtí ann beidh mórshraith nua faisnéis/drámaíochta faoi Sheachtar na Cásca 1916, mórchlár faoi Robert Flaherty, an fear a rinne an scannán cáiliúil Man of Aran, sraith ar stair an rugbaí in Éirinn, turas eachtrúil Hector ar Cheanada, léargas ar ghnéithe rúnda agus iontacha de shaol na hÉireann le séasúr nua Cogar, beochraoladh eisiach ar na cluichí Gaelacha, idir fhir is mhná agus Rialacha Idirnáisiúnta, beochlúdach saor go haer ar Shraith Rugbaí Magner's, scoth an cheoil traidisiúnta, rogha iontach ábhair do dhaoine óga agus seirbhís nuachta agus cúrsaí reatha atá éagsúil agus ábharach.
- 1916 Seachtar na Cásca - Is mar laochra siombalacha, nó mar mhairtírigh a cuireadh i láthair iad go minic. Féachann an tsraith seo lena cheart a thabhairt do gach fear acu agus léargas a thabhairt, le meascán faisnéise agus drámaíocht, ar an éagsúlacht a bhain lena bpearsantachtaí agus ar an aistear a thug le chéile iad do sheachtain chinniúnach i stair na hÉireann.
- Gualainn le Gualainn - Stair an rugbaí in Éirinn a ríomhann scaipeadh an chluiche uasaicmeach seo ó fhaichí míne Choláiste na Tríonóide in 1854 go bua stairiúil na hÉireann ar Shasana i bPáirc an Chrócaigh in Earrach 2008. Eachtrófar cuid den scéal iontach seo le cabhair taisce scannán atá breis is seasca bliain d'aois nár craoladh riamh cheana.
- Ros na Rún - An sraithdhráma is dúchasaí agus is tíriúla ar fad. Beidh muid ar bís ag iarraidh a fháil amach cén críoch a bheidh leis an dtriail ina bhfuil Donncha, Ríona agus Róise de Búrca cúisithe i ndúnmharú O'Dowd. Tá críoch foréigneach i ndán don chaidreamh aisteach idir Daniel agus Tina. Feicfear freisin Mack ag dul i ngleic lena ról nua mar thuismitheoir aonair.
- Bóthar na Saoirse: Dan Breen Tom Barry - Scéal beirte a bhí ina gceannairí ceannródúla ar Chogaidh na Saoirse agus Cathardha agus a d'fhoilsigh a gcuimhní féin ar an ré sin.
- Cogar - Cláracha pearsanta a thugann léargas ar ghné de shaol na hÉireann atá ceilte nó sa gcúlráid. I measc na gclár iontacha an séasúr seo, stair an asail in Éirinn, damhsa seite in Ibiza, traenáil don chraobh lomadh caorach, ról an chupáin tae agus scéal na mná a ghlac 65,000 grianghraf sna Déise.
- An Píopa - Ceist chonspóideach an phíobáin gáis atá tar éis pobal beag tuaithe in Iarthuaisceart Mhaigh Eo a scoilteadh agus comharsain a chur in árach a chéile ar bhealach nach bhfeictear go poiblí go ró-mhinic.
- An Jig Gig - Séasúr nua den chomórtas le teacht ar an damhsóir aonair nó an troupe damhsóirí traidisiúnta is fearr sa tír agus Steip an beochraoladh bliantúil ar chomórtais damhsa ar an sean-nós Oireachtas na Gaeilge.
- Hector i gCeanada - An fear rua ón Uaimh ar an mbóthar ó cheann ceann na tíre agus é ar chamchuairt trí gach ceann den ocht gcúige atá sa tír ollmhór seo - ó Cholumbia Breataineach thiar-thuaidh go hAlba Nua san oirdheisceart, 8,000 ciliméadar ón áit inar thosaigh sé.
- Stróc - Téarma ar leith é seo i saol gnó, polaitíochta agus poiblíochta na hÉireann. Bíonn scéiméireacht agus gliceas go smior ann. Bíonn idir mheas agus dhímheas ar an té a n-éiríonn lena "stróc" - meas ag a lucht leanta agus fuath ag lucht a cháinte. Sa tsraith nua seo déanann an t-iriseoir aitheanta Harry McGee iarracht rangú agus athbhreithniú ar chuid de na 'strócanna' is cáiliúla ar éirigh leo lenár linn.
- Rugbaí Beo - Beochraolfaidh TG4 breis is 30 cluiche ó Shraith Magner's ar Rugbaí Beo gach deireadh seachtaine imeartha, ina measc an cluiche idir cúigí Laighean agus Mumhan ó Staid Aviva 2 Deireadh Fómhair.
- Beochraoladh eisiach ar Par na Cluichí Peile faoi Rialacha Idirnáisiúnta, Éire v An Astráil Satharn 23 Deireadh Fómhair (Páirc na nGael Luimneach) agus 30 Deireadh Fómhair (Páirc an Chrócaigh).
- Do Thinteán Féin - An t-iriseoir Eimear Nic an Bháird, ag tabhairt faoina teach féin i mBaile Átha Cliath 8 a athchóiriú ó bhonn - fuinneoga, doirse, cistin, seomra folctha, an córas leictreachais, urláir nua agus an troscán inmheánach ar fad. Níl ach buiséad €20,000 aici.
- Beochraoladh eisiach teilifíse ar Cluichí Ceannais na hÉireann in Iomáint Faoi 21 agus i gCraobh TG4 i bPeil na mBan.
- Cluichí Ceannais Iomána/Peile Sinsir na hÉireann - Iarchraoladh ar iomlán na himeartha le tráchtaireacht Ghaeilge ag 7pm ar an lá.
- GAA BEO - Craoladh beo eisiach teilifíse ar na cluichí Gaelacha, Meán Fómhair- Bealtaine. Is ar Pheil na mBan agus ar Chraobh Club AIB i bpeil agus in iomáint agus GAA 2010 buaicphointí oíche Luain ar mhórchluichí CLG an deireadh seachtaine.
- Geantraí - Scoth an cheoil traidisiúnta ó thobar an dúchais.
- Cúla4 - Seirbhís shainiúil laethúil na bpáistí bunscoile Cúla4 na nÓg - an zón laethúil do pháistí réamhscoile ag am bricfeasta, agus Ponc an zón laethúil do dhéagóirí ina bhfuil sraitheanna cáiliúla drámaíochta, réilifís go leor, léirmheasanna agus comórtais.
- Nuacht TG4 - Seirbhís laethúil a thugann malairt clúdaigh ar mhór-imeachtaí na réigiún, na tíre agus an domhain. Chomh maith le dealramh agus stíl nua, beidh míreanna nua le feiceáil ar Nuacht TG4 an fómhar seo, Cathal Mac Coille ag cur pearsa mór nuachta faoi agallamh gach Aoine in Agallamh na Seachtaine, dialann imeachtaí agus ócáidí agus scéalta as Gaedhaltacht na hAlban.
- 7 Lá - Clár a thugann anailís sheachtainiúil ar imeachtaí móra sa mbaile agus i gcéin.
- Comhrá - Daoine aitheanta agus neamhaitheanta ag nochtadh a gcroí agus scéal a mbeatha do Mháirtín Tom Sheáinín. Beidh easpag a bhfuil gean ar leith air ina measc an séasúr seo.
- Scéal an Airgid - Máire Bhreathnach ar thóir síolta fáis sa saol gnó in Éirinn. Tá an earnáil seo faoi bhrú ollmhór ag fórsaí náisiúnta agus domhanda. Tiocfaidh an tEarrach ach an mbeidh barr ann sa bhFómhar.
- Rogha tarraingteach scannán idir Westerns agus eile.
Teagmháil do na Meáin:
Linda Ní Ghríofa, [email protected]
091-505228 / 087-9172864
Tá cóip den Phacáiste iomlán Eolais (mar aon le grianghrafanna agus ábhar eile) ar fáil ón suíomh www.tg4.ie/press