Baile » Corparáideach » Nuacht Ráitis » 2011 » 05.07 - Cumann Peil Gael na mBan & TG4 Ar Fud An Domhain!
Seolann an tAire Michael Ring, TD, Craobh TG4 i bPeil na mBan 2011 i bPáirc an Chrócaigh – Londain agus Nua Eabhrac Istigh agus na Cluichí Beo ar TG4.tv
Sheol an tAire Michael Ring, TD Craobh TG4 i bPeil na mBan i bPáirc an Chrócaigh inniu agus i mbliana beidh 34 contae san iomaíocht sa trí ghrád agus na cluichí le fáil ar TG4.tv ar fud an domhain.
Tá gaol an-láidir idir Peil na mBan agus TG4 agus go deimhin i mbliana déanfar ceiliúradh ar aon bhliain déag den bpáirtnéireacht agus cheanna fhéin tá gach éinne ag súil le sár Chraobhchomórtas.
Cé nach bhfuil aon fhoireann thar lear in iomaíocht sa ghrád Sinsir, tá an-shuim fós ann agus thaispeáin torthaí na bliana seo caite go bhfuil an grád seo chomh hoscailte is a bhí riamh agus tá seans ag mórán foireann Corn Brendan Martin a bhreith leo.
Ag féachaint ar na torthaí go dtí seo ní bheadh aon ionadh ar roinnt daoine dá mba cois Laoi a chríochnóidh an Corn. Bhí coimhlint fiachmhar sa chluiche ceannais sraithe, Roinn a hAon, ach bhí an bua ag Corcaigh ar Laois agus tá siad ag treabhadh leo go maith arís.
Ach agus é sin ráite d’fhoghlaim bainisteoir Laois, Joe Higgins neart ón gcluiche ceannais sin a chabhróidh le Laois dul chun cinn breise a dhéanamh.
Cad faoi curaithe agus neasóirí na bliana seo caite Áth Cliath agus Tír Eoghain? Bhí bua cuimsitheach ag Áth Cliath i gcluiche ceannais na sraithe, Roinn a Dó, i gcoinne na Mí. Ach ó shin i leith chailleadar i gcoinne na Mí i gcluiche leath-cheannais Laighean agus dá bharr beidh ortha imeacht isteach sna babhtaí cáilithe. Neart ceisteanna ansin fós le freagairt.
Dhá chontae eile a bheidh ag súil le Craobhchomórtas Sinsir TG4 ná Muineachán agus Dún na nGall. Tá foireann bainistíochta nua ag Muineachán agus bhíodar an-láidir sa tSraithchomórtas sular chailleadar in aghaidh Laois. Maidir le Dún na nGall bhuadar Craobhchomórtas Idirmheánach TG4 anuraidh agus beidh an foireann óg seo ag súil go mór le rian a fhágaint ar an ngrád Sinsir i mbliana.
Sa ghrád Idirmheánach beidh neasóirí na bliana seo caite, Port Láirge, ag iarraidh céim breise a thógaint ach ní raibh rath leo sa tSraithchomórtas agus tá amhras ar dhaoine futhu. Foireann atá ag imirt go maith ná an Cabhán agus beidh daoine ag coimeád súil ghéar orthu.
Bhua Luimneach grád na Sóisir an bhliain seo caite agus ar nós Dún na nGall roimhe seo, beidh siad ag súil leis an céim chun tosaigh seo a thógaint.
Foireann atá tar éis a bheith breá foighneach le blianta beaga anuas ná Londain agus tá siadsan thar n-ais don chéad uair ó 2008 nuair a bhuadar an grád seo. Níl faic le cailliúint acu agus iad thar n-ais don chéad uair le trí bliana.
Faoi dheireadh sa ngrád Idirmheánach, coimeád súil ar Longfort faoi stiúir bainisteoir buacach na bliana seo caite, Gerry McGill. An mbeidh fear Thír Chonaill in ann an ádh céanna a bhreith leis go dtí Longfort faoi mar a dhein sé le foireann na príomh cathrach?
Cuireann grád na Sóisir fáilte roimh an dara foireann thar lear, tá Nua Eabhrac thar n-ais don chéad uair ó 2001. Scéal iontach é seo ach b’fhéidir gur fearr súil níos géire a choimeád ar an Lú nó ar Cill Mhantáin don grád seo.
I mbliana craolfar 17 cluiche ar fad, beo ar TG4, i rith na feachtais trí chéile agus ag an seoladh dúirt an tAire Ring, TD, “Tá spóirt na mban in Éirinn níos láidre ná mar a bhí riamh agus le blianta beaga anuas tá scéalta maidir le réalta spóirt baineann tar éis cur go mór le rath spórt na hÉireann.
“Tá sé rí-thábhachtach go nglacfadh cailíní agus mná páirt i spórt agus go dtabharfaí gach seans dóibh ó thaobh sláinteacht de agus ó thaobh taitneamhacht de. Tá Cumann Peil Gael na mBan ag tabhairt an ceannaireacht agus an stiúir do mhná óga ar fud na hÉireann agus go deimhin, thar lear.”
Labhair Pat Quill, Uachtarán Cumann Peil Gael na mBan ag an ócáid chomh maith, “Arís i mbliana tá TG4 ag ardú a gcuid caighdeáin maidir leis an seirbhís iontach a chuireann siad ar fáil do Pheil na mBan. Ní hamháin go mbeidh níos mó cluichí beo againn ná riamh ach beidh na cluichí seo ar fáil ar an idirlíon chomh maith chun cabhrú linn an soiscéal a scaipeadh ar fud an domhain.
“Ní féidir neamh-aird a dhéanamh den tacaíocht a thugann Pól, Rónán agus foireann iomlán TG4 don Chumann agus tá muid an-shásta iad a fheiscint ag ardú próifíl Peil na mBan arís.
“Ar deireadh ba mhaith liom gach rath a ghuí ar na himreoirí, ar na bainisteoirí, ar na réiteoirí, ar na lucht tacaíochta agus ar gach duine atá bainteach le Cumann Peil Gael na mBan agus táim ag súil go mór le Samhradh iontach spórtúil.”
Dúirt Pól Ó Gallchóir, Ardstiúrthóir TG4, “Tá breis is deich mbliana caite againn anois le Cumann Peil Gael na mBan agus tá TG4 an-bhródúil as an gcaidreamh atá againn le Cumann Peil Gael na mBan agus go háirithe an urraíocht atá againn le spórt iontach dúchasach ar nós Peil na mBan. Is cúis mórtais dúinn go bhfuilimid arís ag tacú leis na Craobhchomórtais ar fad - Sinsear, Idirmheánach agus Sóisearach.
“Agus muid ag súil le séasúr eile, le dúil agus le dóchas, tá an-áthas orm a fhógairt go ndéanfaidh TG4 17 cluichí a chraoladh ó mí Lúnasa an slí ar fad go dtí na craobh chluichí i bPáirc an Chrócaigh ar an 25ú lá de Mheán Fómhair.
“Cuireann an pacáiste seo go mór leis an gclúdach cuimsitheach a thug TG4 do Peil na mBan i 2011. Chomh maith leis seo ar fad beidh na cluichí ar fáil beo ar fud an domhain ar an suíomh www.tg4.tv.”
Breis Eolas:
Karen Togher, Cumann Peil Gael na mBan
[email protected]
01 8363156 / 087 252 3998
Marcus Ó Buachalla, Pembroke
Communications
[email protected]
01 649 6486 / 087 698 1036
Rónán Ó
Coisdealbha, Eagraí Spóirt TG4
[email protected]
087 2472841