Baile » Corparáideach » Nuacht Ráitis » 2011 » 13.12 - Seoda lonracha na Nollag

Seoda lonracha na Nollag

Bainfidh óg agus aosta sult agus meidhir as na bronntanais Nollag atá ina Chlársceideal ag TG4 d’fhéile na bliana seo.  Tá scoth an cheoil, féasta siamsaíochta, faisnéis eolasach, spórt spleodrach idir bheo agus chartlainne mar aon le  rogha iontach cartúin as Gaeilge curtha le chéile againn don lucht féachana an Nollaig seo.

I measc na gclár faisnéise, tá Michael D. Rás go dtí an tÁras  saothar a thugann léargas ón taobh istigh ar fheachtas an tsóisialaigh ón iarthar an oifig is airde sa saol polaitiúil, Uachtaránacht na hÉireann a bhaint amach. Tugann Ray McAnally - M’athair  léargas de chineál eile ar fada dúinn -  ómós mic do dhuine de mhór-aisteoirí na hÉireann sa dara leath den aois seo caite.  Fágfaidh clár eile, Hadji Beys, blas deas id bhéal mar go dtráchtann sé ar an bhfear ón Airméin a thuill cáil dhomhanda dá chuid milseán, a tháirg sé i gCorcaigh agus é ina dheoraí ansin.

Faoi Nollaig freisin a shroichfidh sraitheanna siamsaíochta aitheanta TG4 Pitch Perfect, Glór Tíre agus  Ceist GAA le Hector a mbuaic agus a mbabhtaí ceannais.

Ní bheidh an Nollag gan ceol ach oiread mar gur ómós do Iubhaile Órga na Chieftains a bheidh sa gclár Geantraí na Nollaig ó theach tábhairne Mhatt Molloy (ball den ghrúpa, dar ndóigh) i gCathair na Mart. Cuirfimid aithne ar ghrúpa fadbhunaithe eile sa gclár Na Casaidigh agus athchuairt ar  Ghradam Ceoil TG4  2011  agus  feicfear freisin léargas siamsúil ar  iarrachtaí damhsóra as an Afraic cois a bhualadh faoin stíl sean-nóis.

Tabharfar imeachtaí móra spóirt na bliana chun cuimhne mar aon le beochlúdach peile agus rugbaí agus beidh trácht freisin ar chuid de mór-charachtair na príomh-chathrach, idir stairiúil agus bhéaloideasa.

Cuirfidh sin, mar aon le raon fairsing scannán, ón tír seo agus ón iasacht, géarú goile ar fáil don uile dhuine agus deis sult agus spraoi a bhaint as an sos atá tuillte againn ar fad.

Breis Eolais:
Linda Ní Ghíofa, TG4, 091-505228, 087-9172864

Share |
1
Níl TG4 freagrach as an ábhar ar Shuíomh Gréasáin seachtrach ar bith