Baile » Corparáideach » Nuacht Ráitis » 2011 » 14.04 - Na Cloigne is fearr ag TG4

Na Cloigne is fearr ag TG4

Thug  TG4  duais mhór eile leis ag Féile na Meán Ceilteach 2011 i  Steornabhagh ar Oileán Leodhais in Albain tráthnóna.CE

Bhuaigh Na Cloigne, an duais don tSraith Drámaíochta is Fearr ón bhFéile agus é in iomaiocht le sraitheanna aitheanta ó thíortha eile, ina measc mórshraitheanna Béarla leis an BBC..

Scéinséir osnádúrtha Gaeilge atá sa sraithdhráma seo.  Lánúin óg, Seán agus Nuala,  is ábhar don scéal.  Oíche amháin agus é súgach,  tugann Seán beirt bhan óg dhathúil abhaile tar éis bheith sa teach ósta.  Dúisíonn an ragairne Nuala agus, tar éis argóna fíochmhar le Seán, imíonn sí léi sa charr agus dásacht feirge uirthi..  Níl san eachtra seo ach tús na trioblóide a tharlaíonn thar trí lá le linn d’fhórsaí an tsaoil seo agus an tSaoil Eile a bheith i ngleic le chéile, na Gardaí ag iarraidh coir uafásach a fhiosrú, Seán ag iarraidh a mheabhair a shábháil  agus Nuala idir dhá cheann na meá in ospidéal. Darach Ó Scolaí & Lauren MacKenzie a scríobh agus ar na haisteoirí a ghlac páirt ann tá Dara Ó Dubháin, Siobhán Ní Cheallaigh, Barry McGovern agus Micheál Ó Conaola.

Léirithe ag Rosg Teo, Ciarán Ó Cofaigh agus Robert Quinn mar Stiúrthóir air, fuair an togra seo cistíocht ón scéim Fuaim agus Fís  ag Údarás Craolacháin na hÉireann,  agus ó fhaoiseamh cánach Alt 481

Eagraítear Féile na Meán Ceilteach gach bliain in ionad éagsúil sna críocha Ceilteacha.     Cuirtear iontrálacha sna duaisaicmí éagsúla faoi bhráid ghiúiré náisiúnta i ngach dtír  sula roghnaítear an scoth le dul san iomaíocht ag an gcomórtas idirnáisiúnta.  Bhí sé shaothar le TG4 san iomaíocht ag Féile na bliana seo agus thug dhá cheann acu an duais mhór leis ina dhuaisaicme.

Deir Ardstiúrthóir TG4, Pól Ó Gallchóir gur iontach an éacht ag drama Gaeilge duais idirnáisúnta mar seo a bhuachan.  “Cruthaíonn an tsraith seo go bhfuil drámaíocht teilifíse na Gaeilge ar aon chéim le caighdeán na gcraoltóirí eile” a dúirt sé  “agus tá moladh mór tuillte ag gach duine a bhí páirteach, idir fhoireann léiriúcháin,  scríbhneoir agus chliar sár-aisteoirí,

Breis eolais: 
Linda Ní Ghríofa, TG4, 091-505050

Share |
Níl TG4 freagrach as an ábhar ar Shuíomh Gréasáin seachtrach ar bith