Baile » Corparáideach » Nuacht Ráitis » 2011 » 19.10 - Lucht Féachana Mór ag Díospóireacht na nIarrthóirí

Lucht Féachana Mór ag Díospóireacht na nIarrthóirí

Thuill Áras 2011, díospóireacht  na hoíche aréir ar TG4,  figiúirí  féachana thar a bheith sásúil, de réir na dtorthaí oifigiúla atá ar fáil anois ó Nielsen, an miosúr oifigiúil ar fhéachaint teilifíse in Éirinn.
D’fhéach  450,000 ar chuid  éigin de chraoladh teilifíse TG4 ar an díospóireacht thábhachtach seo.

D’fhéach 123,000 duine ar an meán ar iomlán na díospóireachta 55 nóiméad  ar an gcéad chraoladh teilifíse ag 7pm, áit a raibh na hiarrthóirí ar fad i dToghchán na hUachtaránachta i láthair don phlé ar raon leathan ceisteanna  - a gcumas Gaeilge féien agus a ndearcadh ar an teanga ina measc.  Ag a bhuaic bhí  175,000 ag féachaint ar an gcraoladh seo agus d’fhéach 327,000 duine ar chuid éigin de.

D’fhéach 162,000 ar chuid éigin den athchraoladh teilifíse ar an díospóireacht ag 11.05pm aréir. Tá an Líonchraoladh ar an díospóireacht ar fáil ar Sheinnteoir TG4 (www.tg4.tv) agus féachadh ar 11,000 sruth go dtí seo.

Thug tráchtairí agus léirmheastóirí sna meáin, ardmholadh don díospóireacht agus don léiriú seo, á rá gur chuir sé le aithne an phobail ar na hiarrthóirí agus gur clúdaíodh raon éagsúil ábhar ann nach mbeadh tugtha chun solais ag aon díospóireacht chraolta eile.

Mhol Leascheannasaí  Pádhraic Ó Ciardha gach éinne a bhí páirteach sa léiriú, idir iarrthóirí, chathaoirleach,  fhoireann léirithe, fhoireann iriseoireachta agus fhotheidealóirí.  “Sampla gléineach den ghairmiúlacht agus den díogras paiseanta atá againn mar chraoltóir seirbhíse poiblí ab ea an lá inné i TG4,” a dúirt sé “ agus is léir go dtuigeann an pobal féachana gur maith ann an tsúil eile.”

Foinse: TAM Ireland Ltd/Nielsen TAM, Live + data VOSDAL

Breis Eolais:
Pádhraic Ó Ciardha, TG4, 01-4763030
Linda Ní Ghríofa, TG4, 091-505050

Share |
Níl TG4 freagrach as an ábhar ar Shuíomh Gréasáin seachtrach ar bith