Baile » Corparáideach » Nuacht Ráitis » 2011 » 25.01 - Feis & Blood

Feis & Blood

Comórtas siamsaíochta TG4 do theaghlaigh a bhfuil sé sa bhfuil acu!

Is minic ráite nach ón ngaoth a thugann daoine féith an cheoil nó na hamhránaíochta leo agus tá chruthúnas sin sa líon ollmhór teaghlach a thuill cáil dóibh féin le siamsaíocht - The Clancy Brothers, Na Corrs agus Crystal Swing nó Cuinneagáin an damhsa, mar shampla.

Anois tá TG4 ag dul sa tóir ar theaghlaigh cumasacha eile!...

Seo chugaibh sraith nua teilifíse, 13 eagrán ina bhféachfaidh teaghlaigh dul i gcoimhlint le chéile agus dul i gcion ar na moltóirí chun an chraobh a bhuachan. Tá breis is 300 teaghlach feicthe ag na léiritheoirí, Adare Productions agus tá an 80 is fearr acu sin roghnaithe le bheith páirteach sa tsraith teilifíse féin.

Is í Síle Seoige a chuirfidh an tsraith i láthair ina ndéanfaidh teaghlaigh shiamsúla a gcumas a léiriú. Roghnófar dhá theaghlach i ngach clár le dul chun cinn go dtí an chéad chéim eile. Fágann sin go mbeidh a gcúram le comhlíonadh go géarchúiseach ag an triúr moltóirí:

Aonghus McAnally, fear ildánach a bhfuil taithí na mblianta aige mar amhránaí, oirfideach, fear grinn, léiritheoir agus láithreoir raidió agus teilifíse.

Sibéal Davitt, duine de na damhsóirí is aitheanta sa tír faoi láthair agus buaiteoir na sraithe Glas Vegas ar TG4 i 2009. Tá an domhan siúlta aici ag damhsa ag féilte agus ceolchoirmeacha.

Pádraig Ó Sé, craoltóir, ceoltóir, clár-reachtaire le RTÉ Raidió na Gaeltachta agus fear a bhfuil a theaghlach ildánach ceolmhar féin aige.

Feis & Blood 7.15pm gach Domhnach ar TG4 ó 30 Eanáir.

Breis Eolais:
Linda Ní Ghríofa, TG4, (091) 505050

Share |
Níl TG4 freagrach as an ábhar ar Shuíomh Gréasáin seachtrach ar bith