Baile » Corparáideach » Nuacht Ráitis » 2011 » 30.05 - 5 Ghradam Oireachtais ag shaothar TG4
Chruthaigh saothar agus pearsain TG4 go hiontach ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais 2011 a bronnadh ag ócáid i gcathair na Gaillimhe tráthnóna. Bronnadh dhá Ghradam ar phríomh-láithreoir nuachta an chainéil (agus sciar mhaith den treas gradam), thuill sraithdhráma dá chuid dhá ghradam eile agus tugadh aitheantas ar leith do dhíospóireacht cheannródúil teilifíse na bpríomhcheannairí le linn an Olltoghcháin, mar seo a leanas:
Den dara bliain as a chéile thug bean an Spidéil an chraobh léi mar Phearsa Teilifíse na Bliana ag na Gradaim seo. Anuas air sin, is í a vótáil an pobal féin mar Ghael Star na Bliana 2011, Urraithe ag Gala agus bhí baint lárnach aici freisin le Díospóireacht na gCeannairí, an saothar a bhuaigh Gradam Speisialta ón Oireachtas i mbliana. Níl aon amhras agus go bhfuil meas agus gean ar ghairmiúlacht agus ar phearsantacht na mná seo, ní amháin ag lucht a ceirde féin ach ag an bpobal féachana fré chéile freisin.
Bhí an tsraith seo cumhachtach agus lán de theannas. Léiríodh ann gan fuacht gan faitíos saol tuairisceora coiriúlachta atá ag iarraidh meabhair a bhaint as rabharta robála, dúnmharaithe agus coireanna tromchúiseacha eile, cuid acu gar do maith dá theaghlach féin. Darach Mac Con Iomaire a scríobh agus a stiúraigh, Paddy Hayes ón gcomhlacht Magamedia a léirigh do TG4, le cabhair mhaoinithe ón scéim Fuaim agus Fís ag Údarás Craolacháin na h Éireann, faoisimh Alt 481 agus Bord Scannán na hÉireann.
Is iomaí ról a thuill moladh don Chláiríneach ildánach seo agus is é a ról mar iriseoir misniúil nuachta teilifíse sa tsraith Corp + Anam, a thuill an Gradam seo dó. Léirigh sé a chumas go paiteanta, paiseanta mar is dual dó agus cá bhfios nach bhfeicfear tuilleadh den tsraith?
Comhléiriú idir TG4 agus Nuacht TG4 ab ea an craoladh stairiúil seo, an chéad cheann riamh dá leithéid. Thug ceannairí na príomhpháirtithe aghaidh ar a chéile i gCeannáras TG4 i mBaile na hAbhann do dhíospóireacht cheannródúil trí Ghaeilge ar mhórcheisteanna an fheachtais Olltoghcháin a bhí faoi lánseol ag an am. Thuill an craoladh ardmholadh don chainéal, don fhoireann léiriúcháin agus eagarthóireachta agus do na rannpháirtithe ar fad – agus don chathaoirleach, Eimear Ní Chonaola.
Breis eolais:
Linda Ní Ghríofa, TG4, 091-505050