Baile » Corparáideach » Nuacht Ráitis » 2012 » 01.02 - Rásaí na Gaillimhe 2
Sheol an tAire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha, Pat Rabbitte, TD an dara sraith sa ngreanndráma fuinniúil, seacht bpáirt seo ag nuacht-ócáid in Óstán Buswell i Sráid Theach Laighean, inniu.
Deimhníonn na carachtair agus na heachtraí sa tsraithdhráma seo go bhfuil bunús maith leis na finscéalta ar fad a chloistear faoi imeachtaí na Féile Rásaíochta seo cois Coiribe gach Samhradh. Bailíonn an uile chineál duine ag na Rásaí, idir pholaiteoirí gan scrupall, mharcaigh chumasacha, gheallghlacadóirí gan náire agus thraenálaithe tarcaisneacha. Ní ar scáth a chéile a mhaireann na daoine seo ach faoi scáth ag a chéile go minic.
Thuill an chéad sraith den dráma, i bhFómhar 2009, moladh mór, duais aitheanta IFTA agus lucht féachana ollmhór do TG4. D’fhéach 223,000 duine ar chuid éigin den chéad chlár den tsraith sin agus 92,000 duine ó thús deireadh, ar an meán. B’é seo an lucht féachana ab airde riamh do dhráma bunaidh ar TG4, roimhe ná ó shin. Chruthaigh an chuid eile den séasúr sin go maith freisin agus 200,000 duine ar an meán ag féachaint ar chuid éigin de na heagráin eile.
Tabharfaidh an tsraith nua suas chun dáta muid i saol Ultan Keane (Don Wycherley), polaiteoir a bhí tráth ina Aire Rialtais ach atá anois, mar a deirtear i saol na rásaíochta, tite go mór chun deiridh. Tá fonn díoltais air agus é ag brath go mór i gcónaí ar a chúntóir dílis, Creed (Tom Ó Súilleabháin) chun é a thabhairt slán. Mar bharr ar an mí-ádh, tá na deartháracha achrannacha De Barra saortha as an ngéibheann. Idir sin agus eile, beidh neart le déanamh ag Siobhán, (Carrie Crowley), an Garda atá ag iarraidh a chinntiú nach sáraítear aon dlí.
Ar nós na féile féin, tá greann, gruaim, gnéas agus gnaíúlacht sa tsraith nua seo Rásaí na Gaillimhe 2 agus cliar aisteoirí den scoth freisin: Don Wycherley, Tom Ó Súilleabháin, Carrie Crowley, Donncha Crowley, Eamonn Hunt, Owen Roe, Pádraic Ó Tuairisc, Sorcha Ní Chéide, Micheál Ó Dubhghaill, Dylan Tighe, Séamus Hughes, Diarmaid Murtagh, Marcus Lamb, Gavin O’Connor, Eoin Mac Diarmada, Seán T Ó Meallaigh, Hughie Mc Garvey, Paddy C Courtney, Aoife Nic Ardghail, Maeve Fitzgerald agus Bríd Ní Neachtain.
Is é James Phelan a scríobh, Robert Quinn a stiúraigh agus Niamh Fagan a léirigh do Great Western Films, le maoiniú ó TG4, ón scéim Fuaim agus Fís ag Údarás Craolacháin na hÉireann agus ó na beartais tacaíochta don earnáil chlos-amharc atá ar fáil faoi Alt 481.
Craolfar Rásaí na Gaillimhe 2 ar TG4 gach Céadaoin ó 8 Feabhra @ 9.30pm (athchraolta ar an Satharn 9.20pm).
Breis Eolais:
Linda Ní Ghríofa, TG4 (087) 9172864
Niamh Fagan, Great Western Films. 087 2424138