Baile » Corparáideach » Nuacht Ráitis » 2012 » 07.06 - Craoladh beo ar an tarraingt don Chorn Heineken 2012/13 ar TG4

Dé Máirt, 12 Meitheamh at 11:15am
Beo ó Staid Aviva
Beochlúdach ó Staid Aviva i mBaile Átha Cliath ar an tarraingt do chéim na nGrúpaí i gCorn Heineken 2012/2013, príomh-chomórtas na gclub rugbaí san Eoraip.
Is é Cúige Laighean a bhuaigh an Corn seo le dhá shéasúr anuas agus is i Staid Aviva a imreofar cluiche ceannais 2013 (Satharn 18 Bealtaine) cuma cé bheidh páirteach. Beidh na Laighnigh agus na trí chúige eile ag súil nach gcuirfear leis na foirne is treise iad i gcéim na nGrúpaí.
Foirne Corn Heineken 2012/13
Tier 1 - Laighean, Toulouse, Biarritz Olympique, Mumhan, Cardiff Blues, Northampton Saints
Tier 2 - ASM Clermont Auvergne, Uladh, Leicester Tigers, Harlequins, Toulon, Edinburgh Rugby
Tier 3 - Ospreys, Scarlets, Glasgow Warriors, Saracens, Connacht, Sale Sharks
Tier 4 - Castres Olympique, Benetton Treviso, Racing Metro 92, Montpellier, Exeter Chiefs, Foireann ón Iodáil (le deimhniú)