Baile » Corparáideach » Nuacht Ráitis » 2012 » 09.07 - Síneadh 3 Bliana leis an Urraíocht Chraoibhe
Ag labhairt dó i bPáirc an Chrócaigh inniu ag Seoladh Chraobh TG4 2012 i bPeil na mBan, d’fhógair Ardstiúrthóir TG4, Pól Ó Gallchóir go bhfuil síneadh trí bliana aontaithe don chonradh urraíochta agus cearta craolta idir TG4 agus Cumann Peil Gael na mBan. Mairfidh an comhaontú nua go deireadh an tséasúir 2015. Le linn na tréimhse sin, beochraolfaidh TG4 suas le 60 cluiche (a bheidh ar fáil ar fud an domhain ar an Seinnteoir chomh maith) agus den chéad uair, déanfaidh TG4 clúdach beochraolta ar chomórtas bliantúil na gcoláistí tríú leibhéil, Corn Uí Chonchúir.
Tosóidh clúdach teilifíse na Craoibhe 2012 ar an Luan 6 Lúnasa. 15 cluiche craoibhe ar fad a bheochraolfar le linn an tséasúir sna grádanna Sóisear, Idirmheánach agus Sinsear. Is iad Cluichí Ceannais na hÉireann 2012 i bPáirc an Chrócaigh, 30 Meán Fómhair, buaic na craoibhe agus beidh an t-iomlán á bheochraoladh, mar is gnách, go heisiach ar TG4 agus ar fud an domhain ar an Seinnteoir.
Dheimhnigh an tUasal Ó Gallchóir gur ar lá sin na gCluichí Ceannais a chuirfidh an cainéal tús le ré nua ina stair chraolta. “Shocraigh muid gur ar Chluichí Ceannais Pheil na mBan 2012 a dhéanfadh TG4 an chéad chraoladh riamh againn ar chaighdeán Ardghléine (HD). Cuirfidh seo pictiúir níos gléine, dathanna níos dílse agus fuaim níos fearr ar fáil dár gclúdach ar an spórt iontach dúchasach seo,” a dúirt sé. “Is cruthúnas ar ár meas ar an gCumann agus ar a chuid cluichí gur ag an ócáid mhór náisiúnta seo a chuirfear tús le ré ardghléine TG4.”
Thréaslaigh Pádraig Ó Cuill, Uachtarán, Cumann Peil Gael na mBan na forbairtí seo leis an Uasal Ó Gallchóir agus mhol an síneadh ama leis an gconradh. “Tá TG4 luaite le Peil na mBan in intinn an phobail le fada an lá anois,” a dúirt sé, “ agus táimid thar a bheith sásta go bhfuil athnuachan déanta aige ar an urraíocht ar na comórtais Chraoibhe s’againne, sinsear, idirmheánach agus sóisear go 2015. Agus an eacnamaíocht mar atá, is léiriú é sin ar fhiúntas agus ar mhealltacht margaíochta na gcomórtas s’againne. Is chun leas TG4 agus Chumann Peil Gael na mBan an caidreamh dlúthpháirtíochta atá bunaithe eadrainn le dosaen bliain anuas,” a dúirt an tUachtarán.
Beidh 33 foireann san iomaíocht i gCraobhacha TG4 2012 i bPeil na mBan agus iad ar fad ag féachaint le dul chun cinn go dtí Lá na gCluichí Ceannais i bPáirc an Chrócaigh, 30 Meán Fómhair.
I ngrád na Sóisear, beidh Lú ag iarraidh an Chraobh a bhuachan, faoi mar a rinne siad i 2010. Tá Aontroim luaite go láidir sa ngrád seo chomh maith.
Sa ngrád Idirmheánach, beidh fonn díoltais ar An gCabhán, a chaill an cluiche ceannais (athimeartha) in aghaidh na hIarmhí anuraidh le haon phointe amháin. Ach tá foirne eile ag déanamh go maith sa ngrád seo i mbliana, ina measc Liatroim, An Longfort agus Luimneach.
Maidir leis na Sinsir, beidh Corcaigh, na curaidh reatha agus máistreásaí an chomórtais seo le tamall anuas, ag iarraidh cur lena n-éachtaí Craoibhe agus Corn Brendan Martin a thabhairt leo den seachtú uair le hocht mbliana. Ar na foirne eile is mó atá luaite mar fhreasúra acu, tá Muineachán, Maigh Eo agus Áth Cliath, Laois agus Ciarraí.
Thagair an tUachtarán freisin don fhloscadh a bhaineann le tús an tséasúir craoibhe. “Is ag an tráth seo bliana a ghéaraíonn an tsuim againn ar fad,” a dúirt sé, “idir imreoirí, lucht bainistíochta, oifigigh agus lucht leanta. Táthar ag ullmhú don Chraobh ón Nollaig agus seo anois muid ag a tús. Cá bhfios cad a tharlóidh? Go n-éirí go geal linn ar fad.”