Baile » Corparáideach » Nuacht Ráitis » 2012 » 18.01 - Seó Spóirt ag filleadh don Earrach

Seó Spóirt ag filleadh don Earrach Gach Aoine @ 8.30pm ó 3 Feabhra

Anois teacht an Earraigh… tá an séasúr nua Seó Spóirt ag filleadh ar TG4 don cúigiú sraith.

Is é Dara Ó Cinnéide,  a bheidh ina fhear an tí, mar is gnách agus  é ag tarraingt ar a thaithí fhada mar pheileadóir agus mar chaptaen a thug corn Sam Maguire go Ciarraí  mar aon lena chumas iontach craoltóireachta.

Tá an séasúr nua spóirt faoi lán seoil agus aird an phobail anois ag díriú ar na Sraitheanna nua Náisiúnta Peile agus Iomána mar aon le Craobh Rugbaí na Sé Náisiún, Corn Heineken agus an tSraith rugbaí RaboDirect.

Beidh a chomhghleacaí Seán Bán Breathnach i gcuideachta Dhara gach seachtain mar aon le aíonna aitheanta géarchúiseacha eile. Orthu sin a shuigh ar an tolg anuraidh leo bhí Darragh Ó Sé, John Allen, Ray Silke, Tomás Ó Flatharta, Caoimhín Ó Casaide, Paul Galvin, Dónal O’Grady, Charlie Vernon agus go leor eile.

Beidh Gemma Ní Chionnaith  ag taisteal ó cheann ceann na  tíre  lena tuairiscí seachtainiúla agus agallaimh le imreoirí aitheanta, bainisteoirí agus pearsain eile sa saol spóirt.

Tá comórtas nua iontach againn do 2012. I bpáirt le Ulster Bank Rugby Force táimid ag tairiscint ticéid speisialta VIP mar aon le lóistín ag cluiche mór an Earraigh  agus Éire ag tabhairt aghaidh ar Shasana i gCraobh na Sé Náisiún i Twickenham ar Lá ‘le Pádraig.   

Feicfear séasúr nua den chomórtas siamsúil “Céard a tharla?”  freisin agus iomaitheoirí ag iarraidh imeachtaí cinniúnacha nó conspóideacha  a thabhairt chun cuimhne agus geansaí an chontae mar dhuais  don bhuaiteoir, urraithe ag O’Neill’s.

Fillfidh an comórtas eadar-scoile Thar an Trasnán  ar an gclár freisin agus Ard Scoil Rís  as Luimneach ag iarraidh é a bhuachan den dara bliain as a chéile.

Cuirfidh lucht leanta spóirt suim i ngach eagrán den chlár agus beidh duaiseanna tarraingteacha le buachan sa gcomórtas seachtainiúil.   

Gach eolas ar  facebook (www.facebook.com/profile.php?id=100000550066354)  nó twitter #seospoirt.

Breis Eolais:
Éamonn Ó Cualáin, Sónta (095) 33933 / [email protected]

Share |
Níl TG4 freagrach as an ábhar ar Shuíomh Gréasáin seachtrach ar bith