Baile » Corparáideach » Nuacht Ráitis » 2012 » 30.04 - Figiúirí Féachana TG4 do na Cluichí Ceannais Sraithe Peile
Thuill beochlúdach teilifíse TG4 ar an gcluiche idir Corcaigh agus Maigh Eo i gCluiche Ceannais Roinn 1 de Shraith Náisiúnta Peile Allianz inné an lucht féachana is airde fós i mbliana don chainéal.
Tuairiscíonn Nielsen, an miosúr oifigiúil ar fhéachaint teilifíse in Éirinn, gur fhéach 265,000 duine ar an meán ar TG4 inné do bhua Chorcaí, a léirigh máistreacht iomlán sa dara leath den chluiche.
Bhí duine as gach ceathrar a bhí ag féachaint ar an teilifís in Éirinn san iarnóin inné, ag breathnú ar TG4, chun tosaigh ar gach cainéal eile ag am.
680,000 duine ar fad a d’fhéach ar chuid éigin de bheochlúdach peile TG4 ó Pháirc an Chrócaigh inné.
Dá thoradh seo (agus le cabhair ón 153,000 duine ar an meán a d’fhéach ar an gcluiche ceannais i Roinn 2 inar thug Cill Dara an chraobh leis in aghaidh Thír Eoghain), bhí an cainéal Gaeilge sa dara háit go náisiúnta inné, le scair fhéachana laethúil a bhí chun tosaigh ar RTÉ2 agus TV3.
Ní miste a mheabhrú gur tithe príobháideacha amháin atá san áireamh ag córas Nielsen agus nach bhfuil an lucht féachana i gclubanna, óstáin ná tithe tábhairne comhartha ann.
Breis Eolais:
Rónán Ó Coisdealbha, TG4 (091) 505043
