Baile » Corparáideach » Bord TG4











Tá an Chomhairle seo ceaptha ag Bord TG4 faoi réir Alt 96 den Acht Craolacháin 2009.
Tá de dhualgas ar an gComhairle tuairimí maidir le sceideal TG4 a chur in iúl do Bhord TG4, tuarascáil bhliantúil a sholáthar don Aire Cumarsáide, don bhord agus don Údarás Craolacháin agus bualadh leis an Ardstiúrthóir, le Cathaoirleach agus le Bord TG4 uair sa mbliain ar a laghad.
Is iad seo leanas baill na céad Chomhairle, a ceapadh i mí Feabhra 2010.
Joe Connolly (Cathaoirleach agus Ball de Bhord TG4), Pluincéad Ó Fearraigh, Emer Nic Fhionghaile, Majella Uí Ghallchóir, Lorcán Ó Callaráin, Nóirín Bhreathnach, Pádraig Ó Tuairisg, Brenda Ní Shúilleabháin, Máire Uí Laoire, Rebecca Ní Chearnaigh, Máire Seó Breathnach, Eoghan Ó Súilleabháin, Colm Ó Méalóid, Dónal Mac an Ailín, Caoimhe Ní Mháirtín.