BAILE » Léiriúchán » COIMISIÚNÚ

Is maith mar a d'oibrigh an pháirtíocht idir TG4 agus an tionscal léiriúcháin neamhspleách go dtí seo. Ó bunaíodh an cainéal i 1996, chuir TG4 deiseanna nua ar fáil do léiritheoirí agus fuair siad spreagadh ó múnlaí nua smaointeoireachta agus léiriúcháin clár freisin.

Is í an chomhpháirtíocht seo idir TG4 mar eagras coimisiúnaithe agus meitheal spreagúil léiritheoirí, idir bhunaithe agus nua a chuir soláthar nuálach samhlaíoch clár teilifíse Gaeilge ar fáil a thuill lucht féachana suntasach, moladh ó léirmheastóirí mar aon le duaiseanna aitheanta sa mbaile agus i gcéin. Is í an nuál agus an cheannródaíocht seo croí agus anam chlársceideal TG4. Is mian linn tógáil ar an bpáirtíocht sin anois agus an caidreamh leis an earnáil léiriúcháin a neartú agus a dhoimhniú chun ár leas ar aon.

Agus muid ag díriú ar na babhtaí coimisiúnaithe seo amach romhainn, beidh TG4 ag spreagadh na gcomhlachtaí léiriúcháin chun cur le méid a soláthair - le sraitheanna níos faide, mionsraitheanna &rl, rud a chuirfidh ar chumas na gcomhlachtaí a gcuid oibríochtaí agus fostaíochta a choinneáil ar bhonn níos faide agus níos seasmhaí, rud a rachaidh chun tairbhe dóibh agus dúinn ó thaobh costais agus leanúnachais oibre.

Dá réir sin, do Bhabhta Coimisiúnaithe an Fhómhair (Spriocdháta: Meánlae 3 Feabhra 2012 agus ar Fhoirmeacha Iarratais TG4), beimid ag spreagadh na gcomhlachtaí chun:

  • Moltaí do shraitheanna níos faide a chur chugainn
  • Raon níos leithne seánraí a chlúdach ina n-iarratais
  • Féachaint ar na féidearthachtaí d'athchóiriú go Gaeilge ar ábhar a d'oirfeadh do lucht féachana TG4, ábhar a léiríodh i dtíortha eile ach nach bhfuil ar fáil don lucht féachana anseo

Tá de pholasaí ag TG4 bheith ag tathant ar léiritheoirí bheith nuálach agus cruthaitheach agus iad ag ceapadh smaointe agus coincheapanna nua do chláracha. Is í an tsaoirse seo is bonn leis an bhfealsúnacht agus an cur chuige atá sa mana súil eile atá chomh tábhachtach sin don chainéal agus dá lucht féachana. Is é an meon neamhspleách sin agus an fonn dul ar bhóthar eile a spreag an cleamhnais idir spórt agus réilifís as ar fhás an tsraith Underdogs agus as sin "Feirm Factor" a thóg scileanna feirmeoireacht chun trial chun duais mór do "Land Rover Discovery" agus feictear an sórt céanna comh-cheangail i sraitheanna a léiriú ó shin i leith ar nós Glór Tíre, Mí na Meala, Hector i gCeanada agus Lorg Lunny.

Is cuid den fhealsúnacht chéanna ag an gcainéal láithreoirí úra a aimsiú agus a fhorbairt chun na coincheapanna nua agus na formáidí nuálach seo a thabhairt chun an scáileáin teilifíse.

Ar na tréithe a bheidh ríthábhachtach do TG4 agus muid ag measúnú, iarratas, beidh:

  • Smaointe úra léargasacha spreagúla
  • Go mbeadh sé mealltach don lucht féachana ar a bhfuil sé dírithe
  • Go bhfuil sé oiriúnach mar ábhar nádúrtha Gaeilge
  • Go bhfuil an t-ábhar láidir agus á cur i láthair ar bhealach a nascann script maith agus ábhar físe tarraingteach
  • Go bhfuil luach á fháil ar an airgead

Is é sprioc TG4 ábhar dílis ardchaighdeáin teilifíse Gaeilge a choimisiúnú ina bhfuil scáthán ar Éirinn atá ag athrú ach ina bhfuil freisin macalla den chultúr, den oidhreacht agus den stair.

Share |
Níl TG4 freagrach as an ábhar ar Shuíomh Gréasáin seachtrach ar bith