Baile » Léiriúchán » Scéal

Ag leanacht leis na Scéimeanna Síol agus Údar & Scéal is cúis áthais dúinn scéim nua gearr scannáin a fhógairt darbh ainm Scéal 2. Scéim fhorbartha í Scéal 2 a thugann deis do thallann nua scríbhneoirí/stiúrthóirí le Gaeilge, saothar aitheanta ó litríocht nó béaloideas na Gaeilge a athchóiriú don teilifís agus a thabhairt ó chéim bhun scripte go céim an chraolta.  Is féidir an bun scéal a roghnú as gearr scéal, dán, scéal béaloideas nó aon saothar a léiríonn scéalaíocht na Gaeilge.

Tá an scéim seo ag TG4 oscailte do scríbhneoirí Gaeilge ó cheann ceann na tíre, bíodh taithí scáileáin acu nó ná bíodh, agus do stiúrthóirí ar mhian leo taithí a fháil ar dhrámaíocht teilifíse i nGaeilge. Réamhriachtanas a bheidh i gceist do gach rannpháirtí go mbeidís líofa sa Ghaeilge agus in ann páirt a ghlacadh trí Ghaeilge i ngach leibhéal agus céim den scéim.

Mar thús leis an bpróiseas, roghnóidh gach iarrthóir bun-saothar Gaeilge.  Is ceart go ndéanfaí athchóiriú ina bhfuil croí-théama an saothair curtha in oiriúint don scáileán agus do lucht féachana teilifíse an lae inniu. Is féidir cloí leis an ré ina bhfuil an bun-saothar lonnaithe nó é a athchóiriú mar scéal comhaimseartha. Is gá go mbeadh sé soiléir go bhfuil aon athchóiriú oiriúnach don scáileán teilifíse.

Ní mór go mbeadh mar chuid de gach iarratas:

  • An fhoirm iarratais faoi iamh
  • Alt a léiríonn téama, carachtair agus scéal an bhun-tsaothair mar aon le cás ag leagan amach an fáth go n-oireann an téama áirithe seo don teilifís agus lucht féachana an lae inniu.
  • Imlíne den scéal athchóirithe faoi mar atá beartaithe don scáileán agus an cur chuige atá molta.
  • Dhá leathanach déag de radhairc agus script samplach

Is féidir breis eolas a lorg ach glaoch ar 091-505050 nó r-phost a sheoladh chuig [email protected]

As na hiarratais ar fad roghnófar gearrliosta scríbhneoirí le freastal ar cheardlanna ceirde, faoi stiúir eagarthóra scripte, ag a ndéanfar forbairt bhreise ar gach togra.

Ach an caighdeán cuí a bheith bainte amach, roghnófar as na saothair fhorbartha ar fad, sé (6) script le léiriú mar aon le seisear stiúrthóirí. Déanfar forbairt ar na stiúrthóirí ag ceardlann eile sula ndéanfar na tograí a léiriú agus a chraoladh ar TG4 in 2013.

Tá an foirm iarratais le fáil anseo.

Léiríodh 18 dhráma faoi na scéimeanna Síol agus Údar & Scéal.

Bhí an scéim Údar mar shraith do ghearr scannáin a bhí bunaithe ar ghéar scéalta Gaeilge.

  • An Seabhac le Liam Ó Flaithearta
  • An t-Ádh le Pádraic Ó Conaire
  • Seacht gCéad Uaireadóir le Mícheál Ó Conghaile
  • Malartú Intinne le Pádraic Ó Siadhail
  • An Buille le Liam Ó Flaithearta
  • Jesus Mary & Mattie (Iosagán) le Pádraig Mac Piarais

Bhí an scéim Síol mar shraith drámaíochta nuachumtha I nGaeilge:

  • Náire
  • Abinitio
  • Cinneadh
  • An Líne
  • Éabha
  • San Eangach

Ní foláir iarratais a sheoladh i bhfoirm leictreonach agus sa phost chuig:

Scéim Scéal,
TG4,
Baile na hAbhann,
Co. na Gaillimhe

 le go mbeidh siad faighte againn roimh mheánlae 24 Lúnasa 2012.

Share |

Níl TG4 freagrach as an ábhar ar Shuíomh Gréasáin seachtrach ar bith