BAILE » Cláir
7 LÁ
Clár cúrsaí reatha seachtainiúil le Páidí Ó Lionáird. Déanfar scagadh agus plé ar scéalta nuachta atá go mór i mbéal an phobail, go háirithe scéalta réigiúnacha agus Gaeltachta.
AIMSIR
Is maith an scéalaí an Aimsir! Tá idir stair agus fháistine ar fáil ó sheirbhís aimsire TG4, eolas agus graificí atá soiléir snasta mar aon le láithreoirí a bhfuil fios a gceirde acu.
AMHRÁIN IS ANSA LIOM
Séasúr nua den tsraith thábhachtach seo ina dtugann máistrí sean-nóis an lae inniu cur síos ar na hamhráin is fearr leo, ar an stíl cheoil a fuaireadar le hoidhreacht agus ar na cúiseanna gur fearr leo amhráin áirithe seachas a chéile.
AN JIG GIG
Tá clár TG4 ag teacht ar ais go tréan le cuspóir na rinceoirí traidisiúnta if fearr in Éirinn a aimsiú.
BEAN AN TÍ SA CHISTIN
Sa t-sraith cócaireachta seo, beidh comórtas cócaireachta nó ‘cook-off’ idir bheirt ‘Bean an Tí’ ó choláistí éagsúla as na Gaeltachtaí difrúla chun béile a réiteach do sheisear Gaeilgeoir. Is é an craoltóir Pádraig Ó Sé a bheidh ag cur an t-sraith i láthair.
COMHRÁ
Clár simplí cainte le daoine iontacha gan uabhar. Leagann an tsraith seo méar ar chuisle na hÉireann. Tá bua ar leith ag Máirtín Tom Sheáinín, cuireann sé a chuid aíonna ar a gcompord agus faigheann siad deis scéal a mbeatha a insint ar a mbealach féin.
CÚLA4
Bígí linn ar maidin don spórt, don spraoi agus do neart cartún. Tá sé in am do thráthnóna spleodrach agus spraíúil le cartúin ar Cúla 4.
CÚLA4 NA nÓG
Caith seal le Mr. Men, Dora, Team Umizoomi, Traein na nDineasár, Grover, Loopdidoo, Tractor Tom & go leor eile, go moch maidin ar Cúla4.
FEIS & BLOOD
Comórtas siamsaíochta TG4 do theaghlaigh a bhfuil sé sa bhfuil acu! Is minic ráite nach ón ngaoth a thugann daoine féith an cheoil nó na hamhránaíochta leo agus tá chruthúnas sin sa líon ollmhór teaghlach a thuill cáil dóibh féin le siamsaíocht - The Clancy Brothers, Na Corrs agus Crystal Swing nó Cuinneagáin an damhsa, mar shampla.
FÍORSCÉAL
Clár seachtainiúil ar TG4 ag tabhairt ardán do na hiriseoirí fiosrúcháin is fearr ar fud na cruinne. Cláracha ag cartdah eolas foai cheilt, ag éileamh freagraí ó lucht na freagrachta agus ag soilsiú cúinní an dorchadais. Goillfidh cuid den abhár ort, spréachfaidh cuid de thú. Crochfaidh sé do chrói agus musclóidh dé do mhisneach.
GAA BEO
Beochraoladh eisiach teilifíse ar na cluichí Gaelacha, Feabhra-Bealtaine. Beidh cluichí beo agus iarbheo le feiceal ar GAA Beo gach Domhnach go dtí tús na Bealtaine. I measc na gcomórtas CLG a bheas á gclúdach, beidh na Sraitheanna Náisiúnta Peile, Sraith Náisiúnta Iomána, Craobh Club AIB i bpeil agus in iomáint.
GARRAÍ GLAS
Tá Síle Nic Chonaonaigh ar ais leis an triú sraith de Gharraí Glas. Rachaidh sí ar fud na tíre ag castáil le garraíodóirí a bhíonn ag cur agus ag baint ar na seanbhealaí agus le daoine nach bhfuil ach tosaithe ag garraíodóireacht.
GEANTRAÍ
Sraith úrnua den chlár is binne agus is simplí dá bhfuil ann – seisiún bríomhar ceoil ó fhód an dúchais agus ó theach tábhairne a bhfuil cáil an cheoil air agus nádúr an cheoil ann, á chur i láthair ag ceoltóir aitheanta áitiúil.
GRADAM CEOIL TG4
Tugann Gradam Ceoil TG4 an deis dúinn ómós a thabhairt do laochra ceoil ár linne
NUACHT TG4
Guth laethúil an chainéil, léiriú sainiúil ar an tsúil eile. Bíonn an bhéim ar scéalta na Gaeilge, na Gaeltachta agus na réigiún, sa mbaile agus i gcéin. Tá cáil ar Nuacht TG4 as an tsúil a choinníonn sí ar phobail ar fud na tíre.
PONC
Gach Máirt @ 18.25 díreoidh PONC XL isteach ar réimse leathan imeachtaí, idir eachtraí spóirt agus siamsaíochta go faisean agus ceol. Freisin, beidh gach gné de shaol na scannánaíochta clúdaithe ag Máire Treasa agus Colmán gach Déardaoin @ 18.25 sa gclár leath h-uaire PONC @ NA MOVIES.
ROS NA RÚN
Tá an dúchas tíriúil agus an greann i gcroílár an dráma agus tá sé nádúrtha, rud a thuigeann an pobal féachana sa bhaile agus i gcéin. Ní ionann sin agus a rá nach bhfuil gach gné den saol comhaimseartha - ceisteanna caidrimh, grá, gnó, teannas teaghlaigh, magadh agus spochadh na gcomharsan agus mórfhadhbanna pearsanta agus pobail le feiceáil ann
RUGBAÍ AR TG4
Beochraoladh ar 25 cluiche ar a laghad ó Shraith rugbaí RaboDirect PRO12 ina measc an cluiche idir cúigí Laighean agus Mumhan ó Staid Aviva, 4 Samhain.
Iarchraoladh ar iomlán na himeartha ó 24 cluiche i gCorn Rugbaí an Domhain sa Nua-Shéalainn, ó thús go deireadh, ina measc cluichí uile na hÉireann.
Cearta eisiacha saor-theilifíse ar bhuaicphointí ar Chorn Rugbaí Heineken agus Corn Dúshláin Amlin.
SCANNÁIN AR TG4
Liosta do na scannáin a bhéas le feiceáil ar TG4.
SCÉAL NA GAEILGE
Mar cheiliúradh ar Seachtain na Gaeilge, tá ROSG an-bhródúil a shraith ceannródach nua, Scéal na Gaeilge, a thabhairt chuig an scáileán.
Dhá chlár faisnéise is ea Scéal na Gaeilge a leanann aistear na teanga ó thús ama go dtí an lá atá inniu ann.
SEÓ SPÓIRT
Tá Seó Spóirt ar ais faoi stiúir Dhara Uí Chinnéide. Beidh Seán Bán Breathnach (SBB) ina theannta gach seachtain i gCeannáras TG4 chomh maith le haíonna aitheanta chun dul i mbun anailíse.