Baile » Cláir » Amhráin is Ansa Liom

Séasúr nua den tsraith thábhachtach seo ina dtugann máistrí sean-nóis an lae inniu cur síos ar na hamhráin is fearr leo, ar an stíl cheoil a fuaireadar le hoidhreacht agus ar na cúiseanna gur fearr leo amhráin  áirithe seachas a chéile.

Is ealaín ar leith í an amhránaíocht sean-nóis agus dar le daoine áirithe ní féidir ealaín a mhíniú don té nach bhfuil sí aige.  Bíodh sin fíor nó a mhalairt, is cinnte go bhfuil tuiscintí agus léargas ar leith ar na hamhránaithe féin.

I ngach eagrán den 20 clár sa tsraith seo, déanann amhránaí aitheanta sean-nóis dreas comhrá le Antaine Ó Faracháin (amhránaí agus saineolaí  ar an sean-nós é féin) agus casann roinnt de na hamhráin is deise leo agus is fearr a thagann leis/léi.   Tráchtann siad freisin ar an stíl is ansa leo agus ar foinse na n-amhrán atá acu.

Is iad seo a leanas a bheidh páirteach sa tsraith seo: Róisín Elsafty, Lillis Ó Laoire, Neil Ní Chróinín, Tomás Ó Neachtain, Nollaig Ní Laoire, Cárthach Mac Craith, Nan Tom Teamín, Mairéad Mhic Dhonnacha, Joe John Mac Con Iomaire, Mairéad Ní Oistín, Séamus Ó Beaglaíoch, Máire Uí Dhroighneáin, Brian Ó Domhnaill, Odí Ní Chéilleachair, Treasa McClafferty, Eoiní Mhaidhcí Ó Suilleabháin, Eibhlín Ní Chearna, Peadar Ó Ceannabháin, Nollaig Nic Aindriú agus Eibhlís Ní Thuama. 

1
Níl TG4 freagrach as an ábhar ar Shuíomh Gréasáin seachtrach ar bith