Baile » Cláir » Amhráin is Ansa Liom » Aíonna » Eilín Ní Chearna
Is í Eilín Ní Chearna as Corca Dhuibhne a bheidh sa stiúideo an tseachtain seo.
Casfaidh Eilín na hamhráin is ansa léi, 'Oileán Dhún an Óir', 'Bruach na
Carraige Báine', agus 'An Baile atá Láimh le siúd' agus déanfaidh sí píosa
cainte fúthu.
Oileán Dhún an Óir
Is buachaillín óg mé atá i bhfad bhfad i gcéin,
Is mo mhuintir a d'fhágas go ró luath im' shaol
Táimse tinn tuirseach 's lag cráite fé bhrón,
Ó d'fhágas an Baile atá le hais Dhún an Óir.
Mo chéad slán chun Ard na Caithne
Cé gur fada mé uaidh.
Chun muintir an Fhearainn mo ghrá iad go mór.
Gach sár-fhear is cailín a d'fhágas im dheoidh.
Ar an mbaile atá in aice le hOileán Dhún an Óir.
An té d'éireodh ar maidin is an drúcht ar an bhféar,
Ba dhóigh leat go gurb é gáirdín Phárthais é,
Nó bláth bán na bprátaí nó an choirce sa bhFómhar,
a d'fhás ins sa mbaile atá le hais Dhún an Óir.
Bíonn an t-iasc ann san oíche ag preabadh sa líon.
Bíonn an fiach dubh is an faolán ag snámh ar an dtoinn
Bíonn an londubh 's an smóilín ag síor-chantan ceoil.
Ar an mbaile atá in aice le hOileán Dhún an Óir.
Ba bhreá iad na fir ann is ba dhathúil iad na mná,
Bíd ag rince gach Domhnach in aice Bhéal Bán,
Bíonn an cnagaire ag seinmt ann, le binn-ghuth an cheoil,
Ar an mbaile atá in aice le hOileán Dhún an Óir.
Ó iarraimse ar Íosa is ar Rí geal na ngrást,
Is ar na haingil a chónaíonn sna flaithis go hard,
Mé a thabhairt seal aríst ann, fé mar bhíos fhéin fadó.
Go dtí an mbaile atá in aice le hOileán Dhún an Óir.
Bruach na Carraige Báine
Ó is thiar cois abhainn gan bhréag gan dabht,
Tá an ainnir chiúin-tais, mhánla.
Gur gile ar a com í ná an eala ar an dtonn,
Ó bhaithis go bonn a bróige.
Sí an stáidbhean í a chráigh mo chroí,
'Gus d'fhág sí m'intinn brónach,
Is leigheas le fáil níl agam go brách
Ó dhiúltaigh mo ghrá geal domhsa.
Is b'fhearr liom fhéin ná Éire mhór
Ná saibhreas Rí na Spáinne,
Go mbeinnse is tusa a lúib na finne
I gcoillte i bhfad ónár gcairde.
Ó mise is tusa bheith pósta a ghrá,
Le haon-toil athar is máthar.
A mhaighdean óg is milse póg,
Gur tú grian na Carraige Báine.
A stuaire an chinn chailce,
más dual go bhfuil agam,
beidh cóir ort a thaitheoidh le d'chairde,
Idir síoda 'gus hata ó bhonn go baithis,
Agus gach ní insa chathair dá háilleacht,
Beidh do bhólacht dá gcasadh,
Gach neoin chun an bhaile
Ceol binn ag beachaibh ar bhánta,
Beidh ór ar do ghlaice, is cóiste ag tarraingt,
Go Bruach na Carraige Báine.
An Baile Atá Láimh le Siúd
Nárbh aoibhinn a bheith ag féachaint na mbánta,
'Gus mise gach lá dá siúl.
Nó ag fiach 's ag aoireacht na mbán stoc,
Ar shléibhte go hard gan smál
Éanlaithe na craoibh ghlas ba bhreátha
lad ag seinm go hard sa dtiúin,
Ó is trua an croí bheith ag fágaint,
An baile atá láimh le siúd.
Tá an long ag taisteal ina Ián tsruth,
Is an Captaen go hard ar stiúir.
Chun mise do bhreith thar sáile.
Go dtí talamh an Oileáin Úir
Faraor is dubhach an croí is tráth-lag
Bheith ag scarúint go brách le m' rún
Mar ní feicfear ag filleadh go brách mé
Ar an mbaile atá láimh le siúd.
Faraor tinn dicéarach cráite
Bheith ag scarúint go brách lem' rún
Ag tabhairt aghaidh ar rinn is ar fhásaigh
's ar mhachairí breátha romham,
Ag tréigint mo chúilfhionn pháirteach
's a Mhuire nach ghránna an tsiúl
Mar ní thiteann ann sneachta ná báisteach.
Ar an mbaile atá láimh le siúd.
Guím beannacht gheal na ngrást libh.
A bhuachaillí an Oileáin abú!
'S chun cúrsaí fada na trá siar,
Mar gur minic mé ag snámh go súch
Nó ag fiach ar bharra Chruach Mhárthain,
Mar ba thapúla mo rás ná cú.
Ó b'fhearr liom a bheith beo bocht i mo sclábhaí
Ar an mbaile atá láimh le siúd.