Baile » Cláir » Amhráin is Ansa Liom » Aíonna » Mairéad Ní Oistín
Is í Mairéad Ní Oistín a bheidh ar chlár na seachtaine seo. Casfaidh sí na hamhráin is ansa léi, ‘Dónall Óg’, ‘An Raicín Álainn’ agus ‘Sagart na Cúile Báine’.
Dónall Óg
Is a Dhónaill Óig má théir thar farraige
Tabhair mé féin leat is ná déan dearmad
Ó beidh agat féirín lá aonaigh ‘gus margadh
Agus iníon Rí Gréige mar chéile leapa agat.
Gheall tú dhomsa ‘gus rinne tú bréag liom
Go mbeitheá romham ag cró na gcaorach
Lig mé fead ort is dhá chéad béiceadh
Ach ní bhfuair mé romham ann ach na h-uain ag méileach.
Nuair a théimse fhéin go Teach an tSuaircis
Suím síos ann ag déanamh buartha
Nuair a fheicim an saol is nach bhfeicim an buachaill
A raibh dealramh an óir bhuí ina chúilín gruaige.
Nuair a théimse fhéin go Tobar Phádraig
Ag tabhairt an turais ar son mo ghrá geal
Níl mo shúil leat inniu ná amáireach
Is a mhúirnín dhílis mo chúig chéad slán leat.
Siúd é an Domhnach a dtug mé grá dhuit
An Domhnach díreach roimh Dhomhnach Cásca
Is tú ar do ghlúine a’ léamh na Páise,
Is go raibh mo dhá shúil ag síor-thabhairt grá dhuit.
Thug mé grá dhuit is mé beag bídeach,
Chuir mé barr air is mé mór millteach
Níorbh é sin an grá a thug an chú don chaoile
Ach grá buan daingean nach féidir a scaoileadh.
Tá mo chroíse chomh dubh le h-áirne,
Nó le gual dubh a dhóighfí i gceárta,
Nó le bonn bróige ar hallaí bána,
‘S tá lionndubh mór os cionn mo gháire.
Bhain tú thoir is bhain tú thiar dhíom,
Bhain tú romham is bhain tú mo dhiaidh dhíom,
Bhain tú an ghealach gheal ’s an ghrian dhíom,
‘S is ró-mhór é m’fhaitíos gur bhain tú Dia dhíom.
An Raicín Álainn
Ó bhí mé lá breá gréine ag gabháil an ród seo siar
Casadh cailín óg orm ‘s í ag bleán na mbó cois claí
Beirimse fhéin mo mhóide dhi as an rós a bhí ina haghaidh
Ó gluais is tar an bóithrín liom ag baint an Fhómhair bhuí.
Ó bhí mé glic go leor leis an spóirt a chur ‘un cinn
Chuaigh muid go teach an ósta ‘gus is dóigh gur shuigh muid síos
Bhí fíon is púins ar bord a’ainn ach is ormsa ‘bhí é íoc
Is gur imigh sé síos an bóithrín uaim is mo raca ‘na phóca thíos.
“Is nach brónach an bhean go lá mé a stóirín”, a deir sí
“Ní dhéanfaidh mé spraoi ná gáire nó go dtigid sé an ród seo ‘rís
Tá an ghruaig ag titim ‘na dualaí dhíom ‘s gan cheo a’am a réiteodh í
Ó chaill mé an raicín álainn ‘bhíodh go hard i gcúl mo chinn”.
Is tiocfaidh sé an ród seo amáireach is cuirí’ céad fáilte faoi
Socraigh cathaoir chláir dhó go hard i lár an tí
Bain a hata dhá cheann ‘s ná bíodh cás ná náire ort faoi
Nó go bhfaigh’ mé an raicín álainn ‘bhíodh go hard i gcúl mo chinn.
Sagart na Cúile Báine
Thug mé an ruaig ó Thobar Mhic a' Duain
Agus chugat anuas le fána,
Ó chontae na Mí go Loch Dearg na Naomh,
Agus chugat aníos Cruach Phádraig.
'S ar shiúil mé go fóill níor chuala mé aon cheol,
Ar orgán, ar fhliúit ná ar chláirseach
Mar a bhí ag an lon i dteach pobail Mhaigh Eo
‘Sé sagart na cúile báine.
Má théann tú go deo go Contae Mhaigh Eo,
Cuir tuairisc ar fhear de Sheoigheach,
Agus gheobhaidh tú é ag teacht chugat sa ród
Mar a bheadh aingeal as ríocht na glóire.
Téir ar do ghlúine ‘gus aithris dhó do rún,
Gur peacach a shúil ins gach ceard thú
'S ar uair ár mbáis na Flaithis go bhfáighe
Ó shagart na cúile báine.
Éirigí suas go dtéimid chun siúil,
Go bhfaighimid siúd ón bPápa,
Go bhfaighe muid léas ar theach pobail Mhaigh Eo
Do shagart na cúile báine.
Éirigí suas go dtéimid chun siúil,
Go bhfaighimid sagart na cúile báine.
A d'imigh uainn aréir is nach b’fhillfidh go héag
Mar tá sé i Loch Éirne báite.
Tá Contae Mhaigh Eo faoi leatrom go deo
Ó d’imigh uainn an t-aonmhac Seoigheach
'S nach gcuirfeadh sé bród ar aon duine beo
A d'fheicfeadh san éadach é Dé Domhnaigh
Chuirfeadh sé séala ort ag dul insan gcré dhuit
Agus gheobhadh sé na grásta ó Chríosta,
Agus chuirfeadh sé ar an eolas an té nach mbeadh cóir,
Agus mhúinfeadh sé an treoir dhó díreach.
'S níorbh ionadh liom fhéin dhá lasfadh an spéir,
'S na néalta chomh dubh le h-áirní,
An dealramh ón ngréin is an ghealach í fhéin,
Ó cailleadh ceann seasta na háite.
Paidir is Cré an Dá Aspal Déag,
In onóir do Rí na Glóire,
'S gan muid a chur sa gcré nó go mínítear an scéal
Ar shagart na Cúile Báine.