Baile » Cláir » Amhráin is Ansa Liom » Aíonna » Odí Ní Chéilleachair
Is í Odí Ní Chéilleachair as an Rinn Co. Phort Láirge a bheidh ar chlár
na seachtaine seo. Casfaidh sí na hamhráin is ansa léi, ‘Bean Dubh an
Ghleanna’, ‘Na hIontaisí’, agus ‘Iníon an Fhaoít ón nGleann’.
Bean Dubh a' Ghleanna
Tá bó agam ar a' sliabh agus táim le seal 'na diaidh
ó chailleas mo chiall le nuachar.
Á seoladh soir is siar ins gach áit 'na ngabhann an ghrian,
nó go dtéann sí siar um thráthnóna.
'S nuair a dh'fhéachaim fhéin anonn san áit 'na mbíodh mo rún,
titeann ó m' shúil' sruth deora.
'Sa Rí Ghil na nGrást, go bhfóirir ar mo chás
mar 'sí an bhean dubh ón ngleann do bhreoigh mé.
Bean dubh a' ghleanna, an bhean dubh do b'fhearra;
An bhean ba dheise gáire.
A grua mar an sneachta 'sa píb mar an eala
'Sa com seang, singil, álainn.
Níl ógánach cailce ó Bhleá Cliath go Gaillimh;
ná as siúd go Tuaim Uí Mheára;
Ná fuil ag triall is ag tarraingt ar eachaibh donna deasa;
ag tnúth leis an mbean dubh álainn.
Gheobhainnse bean sa Mhumhain, triúr ban i Laighin,
Is bean ón Rí geal Seoirse.
Bean na lúbaí buí a d'fháiscfeadh mé lena croí,
Bean is dhá mhíle bó léi.
Iníon óg an Iarla thá go tinn, dubhach, diacrach
Ná d'iarraidh mé d'fháilt le pósadh.
Ach dá bhfaighinnse féin mo rogha de mhnáibh óga, deasa an domhain;
'Sí an bhean dubh ón ngleann do thógfainn.
Na hIontaisí
'S an bhfaca tú an t-iontas do chonacsa Luan Cásca?
Madra rua a' fiach agus diallait ón Spáinn air;
Pocfhia ar a mhuin thiar is é ag imirt ar chláirsigh;
Damhán alla is cóir aige a' tógaint caisleáin dóibh.
Is m'anamsa deidireo dillín ó déireo,
M'anamsa deidireo dillín ó déireo,
M'anamsa deidireo dillín ó déireo,
Babaró, deirimse is déanaimis rince!
'S an bhfaca tú an t-iontas do chonacsa an lá úd?
Cnoc Mhaoldomhnaigh istigh ar bord árthaigh;
Baile na Sagart á tharraingt thar sáile;
Táilliúir i mbéal muice is é ag scuabadh na sráide.
Is m'anamsa deidireo dillín ó déireo,
M'anamsa deidireo dillín ó déireo,
M'anamsa deidireo dillín ó déireo,
Babaró, deirimse is déanaimis rince!
'S an bhfaca tú an t-iontas do chonacsa i mBun Bóthair?
Eascú is píb aici 's í fada córach;
Londubh is claidheamh aige ag coimheascar le smólach;
Ag Garraí na gCaorach lá gréine ag baint móna.
Is m'anamsa deidireo dillín ó déireo,
M'anamsa deidireo dillín ó déireo,
M'anamsa deidireo dillín ó déireo,
Babaró, deirimse is déanaimis rince.
'S an bhfaca tú an t-iontas do chonacsa an lá úd?
Eilit a' ceangailt is eilit a' cáitheadh;
Dhá eilit déag ag déanamh dóibh stáca;
Dreoilín agus píce 's é caitheamh chucu in airde.
'S m'anamsa deidireo dillín ó déireo,
M'anamsa deidireo dillín ó déireo,
M'anamsa deidireo dillín ó déireo,
Babaró, deirimse is déanaimis rince.
Iníon an Fhaoit ón nGleann
Maidin cheoch nuair a dh'éiríos,
'S do ghabhas-sa amach 'na coillte.
'S ansiúd do bhuail an treaghd mé,
Ná leigheasfar, faraor.
Do chuala an bhruinneall mheidhreach
I lúb na coille ag éisteacht.
Is do las mo chroí le graidhin di
Nó gur dheá-bhean dom í.
Siúil, a chuid, bí ag gluaiseacht,
Gan scíth, gan stad, gan fuaradh.
Tá an oíche ghairid shamhraidh ann
Is bím' araon ag siúl.
Gheobhair aoibhneas bailtí móra
Is radharc lem' thaobh ar chuanta.
'S a Chríost nach róbhreá an uain í
Le hiníon an Fhaoit ón nGleann.
'S dá mbeinnse lá breá gréine
Im' shuí ar bhinn an tsléibhe 'muigh,
An londubh is an chéirseach
A' seinnt ós mo cheann.
Ba dheas do scríobhfainn véarsa
Is b'ionadh leo mar a léifinn;
I ngrá 'bheith suite taobh leat
Iníon an Fhaoit ón nGleann.
Táimse lán de náire
Tré gach beart dá ndearna.
Mar is buachaill mé a bhí dána
Nó gur chaill mé mo chiall.
Ach ní beo mé mí nó ráithe
Muna bhfaighidh mé póg is grá uait.
Cead sínte síos led' bhánchnis,
A iníon an Fhaoit ón nGleann.