Baile » Cláir » Amhráin is Ansa Liom » Aíonna » Tomás Ó Neachtain
Is é Tomás Ó Neachtain as An Spidéal a bheidh ag comhrá ar chlár na seachtaine seo. Casfaidh Tomás na hamhráin, 'An Gabha Ceártan', 'Mal Dubh an Ghleanna' and 'Thíos ag an Tobar'.
An Gabha Ceártan
Is chaith mé bliain ‘gus ráithe i mo ghabha ceártan i gCúige Laighean
Is tuairisc mo ghrá ní bhfuaireas nó go dtáinig mé ar m’ais arís
Tá an saol seo ar fad cráite ‘gus ní áirím mo mhuintir fhéin
Ach is ar an gcnoc úd thall atá m’áras, is ón bPápa ní cheilfead é.
‘Gus soir atá mo tharraingt is ní áirím mo mhuintir fhéin
A ghiolla an chúilín phéacaigh, i do dhiaidh ní mhairfeadh beo.
Nó tharraing tú milleán mór orm a mhíle stóirín níor mhaith leat é,
Naoi n-uaire b’fhearr liomsa pósta leat, go mór mór ná i bhFlaithis Dé.
Is cén fáth nach dtagann tú a Sheáin, is mé fháil ó mo mhuintir fhéin
Cén fáth nach dtagann tú a ghrá ghil ‘s mé fháil uathu ar fad go léir
Mar a bhfuil siad sásta an cás seo a fháil réidh
Nó déanaigí cónra chláir dhom ‘gus fágaí mé go domhain i gcré.
‘Gus marach mo intinn dhána gheobhainn áras ó mo mhuintir fhéin,
Gheobhainn ba agus caoirigh bána is páirceanna dhá chaith léim.
Gheobhainn codladh fada Samhraidh is cead spóirt dhá chaitheamh léi,
Ach go m’fhearr liom faoi na tamhnachaí ag piocadh seamsóig le grá mo chléibh.
‘Gus diomú Rí na hAoine don té a dhíbir mo ghrá i bhfad uaim,
Mar ní fhéadaim dul ina gaobhar aon Dé hAoine ná go moch Dé Luain.
Dá mbeadh an oíche ina stoirm thinte is é a bheith ag cur sheaca aduaidh,
Le mo rún dhá bhfaighinn cead síneadh go mbeinn chomh suaimhneach leis an mbradán rua.
Thíos ag an Tobar
Thíos ag an tobar ’sea chuir mise an fáinne amú,
’S dhearc mise an ainnir ba dheise is ba áille snua,
Bhí a grua thrí lasadh ’s a leicne ar dhath na n-úll,
’S má mheall sise mise níor lig mé mo shláinte amú.
Is nach postúil chuir t-athair leat capall ag tóraíocht mná
Is leagadh faoi bhealach í is briseadh a croí ‘na lár
Ar fhilliúint abhaile dhom chonaic mé an fiach sa ngleann
Is ag Dia go raibh m’ anam má chaill mé mo chiall le mná.
‘Gus a tháilliúir a’ mhagaidh nach postúil a d’iarr tú bean
Gan lúib ná pota, cró, áras ná teach
Ach do shiosúr is do mhiosúr is tú ag imeacht faoin tír amach
Is tú do luí cois dorais ag feadaíl ‘s a ruaigeadh cearc.
’S a tháilliúirín suarach ní phósfaidh mé thú mar fhear,
Ach pósfaidh mé an talmhaí a dhéanfas go domhain a theach,
Éireos ar maidin ’s a chraitheas an síol i gceart,
’S a Dhia is a Mhic Dara tabhair domsa céile ceart.
Is céad slán feasta do sheachtain san oíche aréir
Bhí mo ghrá ar an leaba liom, is thosaigh sí ag inseacht scéil
Bhí sí óg aigeanta is mheall sí m’intinn léi
Siad na mná a mharaigh mé ‘gus fada gur insíos é.
Is gabhfaidh mé go Gaillimh go gceannóidh mé túirnín lín
Tabharfaidh mé abhaile é gur sníomhfaidh mé písín caol
Cuir mise an rós ‘gus tháinig bruth rua ar an líon
Is mo bhrón ar an ainnir a rinne cíor thuathail dhíom.
Is nach trua sin searrach ar iomaire ghlas gan féar
Is nach trua sin leanbh gan bainne cíche a máithrínn fhéin
Nach trua sin ainnir ar leaba gan a grá bheith léi
‘S nach mise an trua Mhuire is mé scaradh amárach léi.
Mal Dubh an Ghleanna
Tá bó agam ar shliabh
Is nach fada mé ina diaidh
Nó gurbh chaill mé mo chiall dhá tóraíocht
Dhá seoladh soir is siar chuile áit dhá dtéann an ghrian
Nó go bhfilleadh sí abhaile tráthnóna.
Is nuair a bhreathnaím féin anonn san áit a mbíonn mo rún
Ó sileann ó mo shúile sruth deora
Ach a rí ghil na ndúl den fuascailt ar mo chúis
Mar sí Bean Dubh an Ghleanna a bheoigh mé.
Sí Mal Dubh an Earraigh
Sí Mal Dubh an Ghleanna
Sí Mal Dubh is deirge ná an rós í.
Ach dhá bhfaighinnse mo roghain de mhná óga deasa ar domhain
‘Sí Mal Dubh an Ghleanna a thógfainn.
Ó is gheobhainnse bean go Línseach is bean eile go Fhrinnseach
Is bean a mbeadh dhá chéad bó léi.
Ach sí bean na mbúclaí buí a chráigh go mór mo chroí
Is mo chúig chéad slán go deo léi.
Is tá iníon ag an Línseach, nach í atá go péacach
Dá n-iarrfása a fháil le pósadh
Ach dá bhfaighinn mo rogha ar mhná óga dheasa an domhain
Sí Bean Dubh an Ghleanna a thógfainn.
‘Gus siúd é thiar mo theach is gan de dhíon air ach an scrath
Is é tógadh ar leath thaobh an bhóithrín
Is nach críonadh a bhíonn an bheach
Nuair a dhéanann sí a nead
Le grian ‘gus le teas an tSamhraidh.
Is nuair a chríonann an tslat ní fhanann orthu meas
Ach a súil leis an gcraoibhín is airde
Is a chailín álainn deas a chaill mé leat mo chiall
Mo chúig chéad slán go deo leat.
Sí Mal Dubh an Earraigh
Sí Mal Dubh an Ghleanna, Sí Mal Dubh is deirge ná an rósa
Ach dhá bhfaighinnse fhéin mo roghain ar mhná óga deasa an domhain
Sí Bean Dubh an Ghleanna a phósfainn.