Baile » Cláir » An Jig Gig » Baile

An Jig Gig - Sraith 6

Tá seó cáiliúil TG4 ar ais arís i mbliana, seó ar a n-aimseofar na damhsóirí gaelacha is fearr sa tír.

Tá iarratas déanta le 5 bliana anuas ag na mílte damhsóir ar An Jig Gig, damhsóirí ar mian leo a bheith ar an Damhsóir Gaelach is Fearr in Éirinn TG4. Ina measc bhí gach cineál duine agus damhsóir idir dhamhsóirí aonair agus chomplachtaí móra damhsa agus is é an comórtas seo an chéad chomórtas damhsa Gaelach a mbíonn idir óg agus sean istigh air, iad ar fad in iomaíocht lena chéile ar aon stáitse amháin.

Ach tá sé in am anois dul sa tóir ar Sheaimpín An Jig Gig 2014!

Glacfar le gach cineál damhsa gaelach ar an tsraith, ón steip go dtí damhsa na scuaibe, sean-nós agus damhsa seite. Comórtas é seo a nglacfar le gach duine agus le gach traidisiún den damhsa gaelach.

Ach ní bheidh ann ach aon seaimpín amháin agus ní bhronnfar an chraobh An Damhsóir Gaelach is Fearr 2014 TG4 ach ar aon iomaitheoir amháin.

Ag coinneáil súil ghéar ar na hiomaitheoirí ar fad beidh triúr moltóirí:

Breandán de Gallaí, iar-phríomhdhamhsóir le Riverdance, tá cleachtadh maith ag Breandán a bheith ag obair le damhsóirí móra le rá ar fud an domhain mhóir. Níl sé éasca dul i bhfeidhm ar an bhfear seo agus ní mór do dhuine ar bith atá ag dul ar stáitse roimhe amach a seacht ndícheall a dhéanamh!

Dearbhla Lennon, í féin ina iar-phríomhdhamhsóir le Riverdance agus le Lord Of The Dance freisin. Tá sí ag damhsa leis na damhsóirí is fearr acu le blianta. Mar aon le Breandán, tuigeann sise céard is damhsóir maith ann agus ní ghlacfaidh sé i bhfad uirthise scoth na ndamhsóirí a aithint.

Labhrás Sonaí Choilm Learaí, seaimpín an damhsa ar an sean-nós agus fear a bhfuil suim mhór aige sa sean-stíl damhsa, an tríú agus an moltóir deiridh ar an bpainéal. Fear é Labhrás a thuigeann go maith céard is maith leis féin agus ní bheidh sé ag dul anonn ná anall leis go háirithe ó tharla duais den scoth a bheith le buachan.

Saineolaithe iad an triúr chomh fada is a bhaineann sé lena gcuid damhsa féin ach ní gá go mbeadh siad ar aon intinn faoin gcineál damhsa a bheidh á dhéanamh. Bí cinnte go mbeidh rudaí teasaí go maith arís ar An Jig Gig agus ann le smacht a choinneáil ar na moltóirí beidh ár láithreoir nua, Aindrias de Staic.

Ceoltóir, fear grinn, scríbhneoir agus aisteoir é Aindrias De Staic a bhfuil gradaim go leor bainte amach aige. Ar na gradaim atá bainte amach aige tá gradam don Aisteoir is Fearr ag Féile Scannán Geelong (An Astráil) do "Malarkey", Gradam Ceoil na Gaillimhe 2007, agus Gradam don Scannán Faisnéise Gearr is Fearr ag Féile Scannán na Gaillimhe 2008. Tá an domhan siúlta aige lena chuid aisteoireachta ó Ros na Rún go Neighbours. Ach is amach roimhe atá an dúshlán is mó riamh agus beidh sárscileanna de dhíth air chun síocháin a choinneáil idir Dearbhla, Breandán agus Labhrás!

Ní bheidh ann ach aon bhuaiteoir amháin agus cuirfimid tús leis an gcuardach ar sheaimpín An Jig Gig 2014 ag 8.30pm, Dé Domhnaigh an 28ú Meán Fómhair ar TG4.

Gach Dé Domhnaigh ó 28ú Meán Fómhair @ 8:30pm | Athchraoladh gach Dé Luain @ 2:00pm

1234
Níl TG4 freagrach as an ábhar ar Shuíomh Gréasáin seachtrach ar bith