Baile » Cláir » AN SAMHRADH LINN

An Samhradh Linn’  sraith siamsaíochta TG4 ag tabhairt lán an tsamhraidh chugainn!

Deárdaoin an 5 Iúil a bheidh ‘An Samhradh Linn’ ar ais ar TG4 á chur i láthair ag Síle Ní Bhraonáin.

Rachaidh  Síle agus An Samhradh Linn ó cheann ceann na hÉireann ar thóir togha agus rogha an tsamhraidh, idir ceol, bia, scéalaíocht agus iontaisí na tíre!

Rachaidh Síle Ní Bhraonáin chuig contae éagsúil gach seachtain san irischlár seo agus baileoidh sí scoth an cheoil agus an damhsa traidisiúnta tríd an tallann is nua agus is bríomhaire.

Fanfaidh  neart teaghlach in Éirinn dá gcuid saoire i mbliana. Mar sin, tabharfaidh An Samhradh Linn cuairt ar ionad turasóireachta gach seachtain i gcomhluadar teaghlach amháin. Ionad saor ó tháílle a bheidh ann, agus feicfidh muid an áilleacht agus an oidhreacht atá ar fáil ar leac an dorais againn féin.

Chomh maith leis sin casfaidh Síle le cócaire i mbialann áitiúil gach seachtain chun mias blasta ar phraghas níos lú ná €10 a bhlaiseadh as na táirgí is fearr sa réigiún.

Cuid lárnach de shaol an aosa óig in Éirinn iad na coláistí samhraidh. Buailfidh Síle le scoláirí na gcoláistí gach seachtain, ag súil le fuinneamh na hóige a thabhairt chun an scáileáin.

Agus beidh mír amháin gach seachtain le damhsóir aitheanta ar an sean-nós.

Ón amhrán ‘Thugamar Féin an Samhradh Linn’ a fuair TG4 ainm an chláir seo.   Tá Síle Ní Bhraonáin agus an criú ar fad ag súil go mór leis an dúshlán agus an deis chun an samhradh a thabhairt chugatsa.

Beidh An Samhradh Linn le feiceáil ar TG4 gach Déardaoin ag 8.30pm, agus ar líne ar www.tg4.tv. Cuirfear tús leis an tsraith an 5 Iúil nuair a thabharfaidh Síle cuairt ar chontae álainn Dhún na nGall

Bí Linn!

Share |

1
Níl TG4 freagrach as an ábhar ar Shuíomh Gréasáin seachtrach ar bith