
Scáth-theideal ar chláir aonaracha, léirithe ar ardchaighdeán agus uair an chloig ar fhad, a thugann léargas taibhsiúil dúinn ar phearsain, ar ghluaiseachtaí, ar smaointe nó ar áiteanna a bhfuil tábhacht nó suntas ar leith le tabhairt dóibh i stair na tíre nó na muintire. Is minic gur gné fholaithe den saol atá faoi chaibidil nó eachtra a ceileadh nó a ligeadh i ndearmad.
Clár faisnéise ar cheann de na grianghraif is aitheanta amuigh, ‘Lunch atop a Skyscraper’ a tógadh i Nua Eabhrac i 1932. Aon fhear déag oibre atá sa bpictiúr, iad ag obair ar an Rockefeller Building, suite go sócúil ag ithe a lóin ar ghiarsa atá crochta 69 urlár os cionn na sráide.
Thuill an pictiúir cáil mhór agus is iomaí brí siombalach bainte as ag fealsúna agus ag lucht ceardchumann. Ach do mhuintir na Sean Eaglaise, ceantar beag tuaithe i ndeisceart na Gaillimhe, tá cúis eile lena thabhairt chun suntais. Creideann siad go bhfuil beirt dá muintir féin sa bpictiúr.
