
Tá Indee Productions ag forbairt sraith clár teilifíse do pháistí a chraolfar ar TG4. Tá cainteoirí óga Gaeilge á lorg againn le bheith páirteach sa tsraith. Páistí muiníneacha, bríomhara 4-6 bliana d’aois atá uainn.
Cláir chócaireachta do pháistí atá i gceist leis an tsraith ina mbeidh beochain, puipéid agus láithreoir. Beidh na páistí sa chistin leis an láithreoir agus na puipéad agus déanfaidh siad na hoidis ar leith a bheidh á phlé sa chlár.