Baile » Cláir » Comhrá

Clár simplí cainte le daoine iontacha gan uabhar. Leagann an tsraith seo méar ar chuisle na hÉireann. Tá bua ar leith ag Máirtín Tom Sheáinín, cuireann sé a chuid aíonna ar a gcompord agus faigheann siad deis scéal a mbeatha a insint ar a mbealach féin.

Tá Máirtín sa gcúlráid chun an cuntas a stiúradh go ciúin stuama. Is iad muintir na hÉireann ábhar an chláir seo. Cé go bhfuil próifíl phoiblí agus aithne mhaith ar fud na tíre ar chuid de na haíonna an séasúr seo, is ar ghnéithe eile dá saol a bheidh siad ag trácht le Máirtín.

Seán McKiernan - 20.05 @ 12:25

Seán McKiernan, ceoltóir agus píobaire as Carna, a bheidh ag comhrá le Máirtín anocht. Labhróidh Seán faoina óige agus faoi go ndeachaigh sé sna sagairt ach gur imigh sé arís astu. Chaith sé blianta ag múineadh ceoil i gCorcaigh.

Share |

Déardaoin @ 19:30 | Athchraolta Dé Luain @ 12.25

1
Níl TG4 freagrach as an ábhar ar Shuíomh Gréasáin seachtrach ar bith