Baile » Cláir » Cúla4 » Cúla Caint

APP Cúla4 ar fáil anois

Tá Rogha App spraíúil Gaeilge do pháistí ar fáil anois le íoslódáil.  Is féidir iad a íoslódáil ón App store, ach cuardach a dhéanamh faoi 'Cúla4' nó 'TG4'.

APP SCÉAL AN LAE 

Scéal ‘An Coileach Codlatach’ scríofa ag Nuala Nic Con Iomaire, maisithe go h-álainn ag Donough O’Malley agus foilsithe ag Futa Fata.

Tá an scéal á léamh ag Darach Mac Con Iomaire agus tá na pictiúir agus na focail le feiceáil ar an scáileán.  Tá trí rogha agat leis an Aip,  is féidir éisteacht leis an scéál, breathnú ar fhíseán don scéal á léamh nó is féidir leat féin an scéal a léamh gan an léitheoir le cloisteáil.

Saor in aisce le íoslódáil (don iPad amháin) – cuardaigh ‘TG4’ san App Store.

https://itunes.apple.com/gb/app/sceal-an-lae-1/id836657082?mt=8

APP ZOU 

Seoladh App Nua ZOU ar lá le Pádraig 2014.

Is Aip í seo bunaithe ar an sraith teilifíse ZOU.   San Aip, is féidir Scéal a léamh, éisteacht le amhrán, míreanna mearaí a imirt, tógáil nó dathú a dhéanamh.   Is féidir spraoi leis an Aip seo i dteangacha éagsúla, Gaeilge san áireamh.  Brú ar an mbrat Éireannach le sult a bhaint as na heachtraí ar fad a bhíonn ag an séabra óg!

Íoslódáil saor in aisce anseo:

https://itunes.apple.com/gb/app/zous-app/id662076791?mt=8

nó íoslódáil an leagan iomlán (le breis ábhar) ar chostas 3.59

https://itunes.apple.com/gb/app/zous-app/id662882528

APP CÚLACAINT 3    

Seoladh App Nua Cúlacaint 3 ag Oireachtas na Samhna 2013.

Is í seo an tríú App sa t-sraith Cúlacaint atá seolta agus bronadh gradam ar App Cúlacaint 1 ag an Fhéile Cheilteach 2013. 

Tá stór focal spraíúil Gaeilge do pháistí réamhscoile ar fáil san App seo.   Tá focail ann a bhaineann le Cois Trá, Ar an bhFeirm, Sa Chathair, agus sa Choill chomh maith le rogha iolraí gaeilge.   Tá na focail le feiceáil scríofa agus le cloisteáil freisin.  Tá súil againn go mbainfidh tú sult as!

Íoslódáil saor in aisce anseo:

https://itunes.apple.com/app/id732915380

APP Bia Linn

Tá an aip nua saor in aisce Bia Linn ar fáil anois ar iPhone agus ar Android:  téir chug an nasc thíos, nó cuardaigh 'Bia Linn' san App store.

https://play.google.com/store/apps/details?id=org.apache.cordova.bialinn&hl=en_IE

APP CÚLACAINT 1     download

Tá stór beag focal spraíúil Gaeilge do pháistí réamhscoile ar fáil ar an App nua seo a chuimsíonn raon leathan ábhar - an Aimsir, Ainmhithe, Gluaisteáin agus Baill Coirp. Tá na focail ar taispeáint ann agus iad le cloisteáil freisin. Tá fáil ann freisin ar leathanach le dathú chun do phictiúr féin a chruthú nó led fhocal féin a scríobh.

APP CÚLACAINT 2     download

Tagann App CúlaCaint 2 sa mbreis ar an gcéad App a sheol Cúla4 ag Oireachtas 2011.   Tá stór focal spraíúil Gaeilge do pháistí réamhscoile ar fáil san App seo.   Tá focail ann a bhaineann leis an Aibítir, Uimhreacha, Dathanna, Bia agus Éadach Tá na focail le feiceáil scríofa agus le cloisteáil freisin. 

APP CÚLACAINT 3     download

Tagann App CúlaCaint 3 sa mbreis ar an dá ceann eile atá amuigh againn.   Tá stór focal spraíúil Gaeilge do pháistí réamhscoile ar fáil san App seo.   Tá focail ann a bhaineann leis an Trá, an Fheirm, an Choill agus an Chathair. Tá na focail le feiceáil scríofa agus le cloisteáil freisin. 

APP Olly an Veain Bheag Bhán     download

Craoltar Olly an Veain Bheag Bhán ar Cúla4 ar TG4.  San App nua spraíúil seo, is féidir leat cuidiú le Olly a chuid cairde a dheisiú agus beartáin thábhachtacha á tabhairt amach acu.

APP Ag Spraoi le Claude     download

Craoltar Ag Spraoi le Claude ar Cúla4 ar TG4.  San App nua spraíúil seo, is féidir leat cluiche péinteála, tomhas fuaimeanna, cluiche péirí agus cluiche cuardach a imirt.

Tá súil againn go mbainfidh tú sult astu!

Chun é a íoslódáil, téigh chuig iTunes, agus cuardaigh 'Cúla4' nó 'TG4'. Tá an APP Culacaint agus Olly  saor in aisce agus iad  oiriúnach do iPhone agus do iPad.

Tá leagan Android do Cúlacaint 1 & Cúlacaint 2 ar fáil freisin. Téigh chuig https://play.google.com/store agus cuardaigh faoi TG4 nó Gaeilge nó Cúla4. Saor in aisce le íosloadáil.

1
Níl TG4 freagrach as an ábhar ar Shuíomh Gréasáin seachtrach ar bith