Wallace & Gromit
Ceapann Wallace go leor gléasanna leis an saol a dhéanamh níos éasca ach is é Gromit a chaitheann rudaí a chur ina cheart ina dhiaidh! Sraith 10 ngearrscannán (2’30) atá anseo faoi chuid de na gléasanna is ainspianta a cheap Wallace - an “Soccamatic”, a bhí in ainm cabhrú le Gromit a bheith ina chúlbáire agus an “Snoozatron” a chabhródh le Wallace titim ina chodladh!