Baile » Cláir » Féilte
Beidh scoth an cheoil, an damhsa, an bhia agus na
siasmasíochta chugaibh ón Óstán Éireannach The Crown Moran i Cricklewood, Londain,
Sasana don chlár speisialta Nollag seo de Féilte. Is í Síle Ní Bhraonáin a
thabharfaidh an spraoi ar fad inár láthair le ardchaighdeán den cheol agus
damhsa ó seisiún Nollag i Londan.
Is iad na ceoltóirí tradaisiúnta agus aitheanta
iad The
London Lasses a chuirfidh tús bríomhar leis an gceol ar an gclár agus
mar aoí speisialta in éineacht leo beidh Pete Quinn.
Cloisfidh muid leagan draíochta den amhrán
‘White Christmas’’ ón amhranaí Róisín Sullivan atá páirteach sa
cheoldráma ‘Scrooge’ sa Palladium i gceantar amharclainne London, an West End.
Tá idir dhamhsa agus amhránaíocht ar an sean-nós
beo beathaíoch cinnte i Londain. Beidh Noel Ó Gríofa ag bualadh urláir le
tionlacan bhosca ceoil Máirtín Óg Ó Maoláin agus déarfaidh
an t-amhránaí ar an sean-nós Pádraic Ó Confaola ‘Dónal Óg’ dúinn.
Is í Nóra Ní Fhlannagáin, Rós Lóndan na
bliana seo sa chomórtas idirnáisiúnta agus labhraíonn sí le Síle faoi aimsir na
Nollag i Londain agus faoina seal go dtí seo mar Rós Londain.
As contae an Dúin agus Londain baill an ghrúpa
iontach‘The Lagan’, a chasfaidh leagan corraitheach den amhrán ‘I’ll
Tell me ma’ dúinn sa chlár.
Tá an Nollaig orainn, beidh an tine thíos agus
na coinnle lasta, agus beidh tithe faoi mhaisiú agus shoilsiú séasúrtha. Ach ní
bheadh sé ina Nollaig Éireannach i London
Shasana gan scoth an cheol traidisiúnta. Beidh an grúpa Raggle
Taggle chomh maith le Órflaith & Brogan Mc Auliffe in éineacht
le Colm Mc Gonigle ag seinm ceol tradaisiúnta den chéad scoth chun
spiorad agus spraoi séasúrtha a thabhairt chugainn ó Cricklewood, London.
Is féidir an clár siamsaíochta agus
séasúrtha seo de Féilte le Síle Ní Bhraonáin a fheiceáil Dé Domhnaigh, 23
Nollaig ag 8.30 pm ar TG4 nó ar líne ag www.tg4.tv. Bí Linn!
‘Féílte’ ar TG4 ag cur fáilte abhaile roimh fhoirne Chluiche Ceannais Iomána na hÉireann
Beidh an tsraith siamsaíochta TG4 ‘Feilte’, ag teacht chugaibh ón gceiliúradh ar Chluiche Ceannais Iomána na hÉireann i gCill Chainnigh agus i dTiobraid Árann, Dé hAoine seo chugainn and 9 Meán Fómhair.
Síle Ní Bhraonáin agus Loretta Ní Ghabháin
a chuirfidh an chlár i láthair agus iad in éineacht leis an dá
fhoireann ar a mbealach abhaile ó Pháirc an Chrócaigh. Chomh maith le
buaicphointí an chluiche, tabharfaidh Féilte anailís, tuairimí na
n-imreoirí, barúil an lucht leanúna agus ceol den scoth chugainn ar an
eagrán fíorspeisialta seo de Féilte!
Beidh Willie Fogarty agus a chairde i mbun ceol traidisiúnta os comhair slua bríomhar ón gclub aitheanta sin, na Sáirséalaigh i nDurlas Éile i dTiobraid Árann.
Labhróimid le himreoirí agus bainisteoirí faoina mbreith ar an
gcluiche, iarrfaidh muid a thuairim ar an gComhordaitheoir Náisiúnta
Iomána, Paudie Butler, fear atá sáite i gcúrsaí iománaíochta Thiobraid
Árainn.
Ag an am céanna i gCill Chainnigh, beidh ceol den scoth againn ó
Noreen O’Neill agus a grúpa ceoltóirí as Comhaltas, a chuirfidh le
spiorad beoga an lucht leanúna dílís, ón gclub laochúil sin Gaeil Ó Lochlainn!
Gné speisialta den chlár i mbliana ná ullmhú an mhanglaim nó
‘Cocktail Ceiliúradh’. Seo an deoch lena n-ólfar sláinte na foirne
buacaí. Beidh clár lán le craic, ceol agus spraoi againn ó cheann de na
hócáidí spóirt is fearr sa tír, agus foireann iomána 2011 ag tabhairt
abhaile Corn Mhic Cárthaigh.
Tá Síle Ní Bhraonáin, Loretta Ní Ghabháin agus an criú uilig ag súil
go mór le atmasféar an cheiliúrtha a thabhairt chugaibh ar Féilte!
Beidh Féilte ar siúl ar an Aoine 9 Mean Fómhair ag 9:15 ar TG4, ar-líne ag www.tg4.tv agus ar Facebook agus Twitter, áit ar féidir na himeachtaí agus an spraoi ar fad a leanúint.
Bí Linn i gcomhair Féilte 2011.
Dé hAoine, 9 Meán Fómhair @ 21.15