Baile » Cláir » Féilte » Baile

Cuirfidh Féilte TG4 tús le aistear naoi seachtaine ar chósta álainn iarthar na hÉireann ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin.  Le cúnamh ó Fáilte Éireann freisin beidh duais bhreá le buachan gach seachtain ag lucht féachana Féilte. 

Dé Domhnaigh an 5ú Iúil, beidh láithreoir nua na sraithe Máire Treasa Ní Dhubhghaill i nDún na nGall chun cuairt a thabhairt ar na háiteanna is fearr turasóireachta, tabhairt faoi imeachtaí a bheidh ag tarlú sa cheantar, bia na háite a bhlaiseadh chomh maith leis an gcuid is fearr de cheol, amhráin agus cultúr na háite - agus tagann sí ar nithe iontacha sna bailte agus sna sráidbhailte feadh an bhealaigh gan trácht ar na radhairc bhreátha atá le feiceáil. 

Beidh Pointe Fionnachtana ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin faoi chaibidil gach seachtain ar an gclár, 9 gclár ar fad, ag tosú i bhFánaid i dTuaisceart Dhún na nGall agus ag críochnú ar Oileán Baoi in iar-dheisceart Chorcaí.  

Casfaidh muid le muintir na mbailte agus na sráidbhailte ar fud an chósta agus muid sa tóir ar an gcultúr, ar an mbia, ar an gceol agus ar na háiteanna turasóireachta is fearr ar feadh an bhealaigh.  

Tá Máire Treasa agus an criú ag súil go mór Bealach an Atlantaigh Fhiáin a thabhairt chugaibhse sa bhaile! Agus gach seachtain beidh deis ag an lucht féachana sa bhaile duais a bhuachan agus tabhairt faoi Shlí an Atlantaigh Fhiáin iad féin - beidh saoire do chairde agus do theaghlaigh le buachan gach seachtain.  

An 5ú Iúil a chuirfear tús leis an tsraith agus is i gcontae álainn Dhún na nGall a bheimid sa gcéad chlár.

Bígí Linn!

Féilte 2015 - Ag Tosú - Dé Domhnaigh @ 8.30pm


Dé Domhnaigh @ 8:30pm | Athchraoladh: Dé Luain @ 7.30pm

1
Níl TG4 freagrach as an ábhar ar Shuíomh Gréasáin seachtrach ar bith