Baile » Cláir » Féilte » Nollaig i Londain

Ceol & damhsa séasúrtha & spraoi féiltiúil chugainn ó Londain ar Féilte ar TG4

Beidh scoth na siamsaíochta chugaibh ón Óstán Éireannach The Crown Moran i Cricklewood, Londain, don chlár speisialta Nollag seo de Féilte. Is í Caoimhe Ní Chonchoille a thabharfaidh an spraoi ar fad inár láthair le togha ceoil, damhsa agus comhluadair ó sheisiún shéasúrtha Londain.

Ón grúpa tradaisiúnta agus aitheanta The Long Notes beidh Colette O'Leary, Brian Kelly Alex Percy, Mark Conyard agus Dan Griffin ag seinm ceol bríomhar ar an gclár.

Cloisfidh muid leagan gleoite den amhrán ‘The Christmas Song’ ón amhranaí Sharon Sexton, as Cill Dara, bean a bhíonn ag gabháil fhoinn sa West End le The Commitments agus anois sa cheoldráma Copacabana. Josh Everton a bheidh á tionlacan ar an ngiotar.

Cillian Ó Donnachadha atá pósta le Sharon Sexton agus ag obair mar aisteoir agus léiritheoir i London. Ghlac sé páirt i Ros na Rún agus Seacht ar TG4 agus labhraíonn sé le Caoimhe faoina shaol ag obair i Londain agus faoi rathúlacht a bhean.

Seinnfidh na sárcheoltóirí, deirfiúracha Sinéad Munroe agus Maureen Linane cornphíopa álainn dúinn. Beidh an buaiteoir ó Fleadh Cheoil na hÉireann Orflaith McAuliffe and seinm píosa spéiriúil an an bhfeadóg mór d’ Ellie Maguire, sárdhamhsóir a dhéanfas rince speisialta don chlár. Chaith Ellie tréimshí ag damhsa le Riverdance agus Rhythm of the Dance agus tá bonn domhanda agus go leor eile buaite aici.

Agus gan dabht tá an dhamhsa ar an sean-nós beo beathaíoch i Londain. Beidh Frankie Fox, fear as London ó dhúchas ach le ceangailt a mhuintir aige i Liatroim agus Corcaigh, ag bualadh urláir le tionlacan ó Shéan Mac Donnacha as Dóirín Darach i gConamara, Co.na Gaillmhe.

Beidh an t-amhránaí Barry Keenan as Co.Longfort ag canadh ‘Have yourself a Merry Little Christmas’ dúinn. Chaith Barry na blianta ag taisteal mar amhranaí le Rhythm of the Dance agus le déanaí ghlac sé páirt Frankie Valli sa ghrúpa The Four Seasons, Walk Like A Man.

Tá an Nollaig orainn, beidh na coinnle lasta, agus beidh tithe faoi mhaisiú agus shoilsiú séasúrtha. Ach ní bheadh sé ina Nollaig Éireannach i London Shasana gan scoth an cheoil traidisiúnta, damhsa cómhrá agus i bhfad níos mó agus sin a bheidh againn chun spiorad agus spraoi séasúrtha a thabhairt chugainn ó Cricklewood, London.

Is féidir an clár siamsaíochta agus séasúrtha seo de Féilte le Caoimhe Ní Chonchoille a fheiceáil Dé Céadaoin, 24 Nollaig ag 7:30 pm ar TG4 nó ar líne ag www.tg4.tv. Bí Linn!

Nollaig 24 @ 7.30pm

123
Níl TG4 freagrach as an ábhar ar Shuíomh Gréasáin seachtrach ar bith