BAILE » Cláir » FEIS & BLOOD

FEIS & BLOOD

Sraith 2

Filleann Feis & Blood de chuid TG4 atá ar thóir an teaghlach is siamsiúla in Éirinn le sraith nua

Ó ré na Clancy Brothers anall go dtí Crystal Swing, tá teaghlaigh na hÉireann ag cur siamsaíochta ar fáil dúinn le blianta fada. Is iontach mar a chruthaigh teaghlaigh cumasacha na hÉireann i seánraí áirithe, leithéid The Corrs leis an bpopcheol agus muintir Cunningham leis an damhsa ar an sean-nós.

Ach tá sé in am anois teaghlach nua a aimsiú a thabharfaidh ardú meanma don tír. 

Rachaidh seó TG4, FEIS & BLOOD  sa tóir ar theaglach nua de shár-réaltaí.

Iar-mholtóir de chuid Feis & Blood, Pádraig Ó Sé, a chuirfidh an tsraith nua i láthair i mbliana. Ciarraíoch é Pádraig agus boscadóir clúiteach a bhíonn ag seinm ceoil ó cheann ceann na tíre. Tá an-mheas air freisin mar chraoltóir de chuid Raidió na Gaeltachta. Níl aon ní is fearr le Pádraig ná seisiún sa bhaile in éineacht lena bhean chéile agus lena chlann agus tuigeann sé mar is féidir le ceol, le hamhránaíocht agus le damhsa teaghlaigh a thabhairt le chéile.

Tá Aonghus McAnally agus Sibéal Davitt ar ais in éineacht linn arís. Is í Caitríona Ní Cheannabháin an moltóir nua ar an bpainéal.

Is amhránaí í Caitríona Ní Cheannabáin as an Aird Thoir, Carna, agus tá damhsa, ceol, scéalta agus amhráin ó dhúchas aici. Ba léir ó bhí sí óg go raibh bua thar an gcoitiantacht aici agus í ag buachan iliomad comórtas, an tOireachtas ina measc. Bhíodh sí ag amhránacht in éineacht lena muintir rud a bhí tábhachtach di agus í ag forbairt mar ealaíontóir.  Bíonn sí fós ag gabháil fhoinn in éineacht lena deartháir óg, Pól.  Tá albam curtha amach aici agus d’oibrigh sí in éineacht le healaíontóirí iomráiteacha eile, The Dubliners san áireamh.  Bhí a cuid saothar in úsáid i scannáin freisin, ina measc an scannán “How Harry Became A Tree” ina raibh na réaltaí Adrian Dunbar agus Colm Meaney.

Tá os cionn 40 bliain de thaithí ag Aonghus McAnally ina thaibhealaíontóir, ina amhránaí, ina cheoltóir, ina fhuirseoir agus ina láithreoir raidió agus teilifíse. Bhí sé ar stáitsí ar fud an domhain i gceolchoirmeacha ó Mheiriceá go dtí an tSín agus timpeall na hEorpa.

Tá tuiscint mhór ag Aonghus ar theaglaigh ardchumasacha. Mac é le Ray McAnally,  aisteoir a bhuaigh iliomad gradam BAFTA,  (My Left Foot, The Mission, We're No Angels)  agus leis an aisteoir Ronnie Masterson (a bhí in Angela's Ashes). Tá Aonghus pósta ag an aisteoir Billie Morton agus is ar stáitse Amharclann na Mainistreach a chas siad lena chéile. Chuaigh a mhac, Aonghus Óg McAnally, le haisteoireacht freisin agus bhuaigh seisean dhá ghradam Fringe i 2010 don seó Fight Night, gradam don aisteoir is fearr agus gradam don léiriú is fearr.

Tá cúlra ceoil ag Sibéal Davitt agus thosaigh sí ag damhsa ar an sean-nós agus ag seinm ceol traidisiúnta agus í an-óg.  I 2009 bhuaigh sí comórtas náisiúnta tallainne TG4, Glas Vegas.  Tá an-tóir uirthi mar dhamhsóir sean-nóis agus mar mhúinteoir damhsa sean-nóis ag seónna agus ag féilte ar fud na tíre agus tá camchuairteanna go leor tugtha thar lear aici.

Saineolaithe iad an triúr ó thaobh na siamsaíochta de ach an mbeidh siad ar aon intinn meas tú agus réimse chomh héagsúil sin stíleanna agus tallann os a gcomhair amach?

Share |

Dé Domhnaigh @ 20.00 | Athchraolta Dé Máirt @ 23.30

123456
Níl TG4 freagrach as an ábhar ar Shuíomh Gréasáin seachtrach ar bith