Baile » Cláir » GAA Beo

Tá go leor ábhar suntais i sceideal CLG TG4 don tréimhse Feabhra-Bealtaine 2015 a foilsíodh inniu.   Craolfar iomlán na himeartha ó suas le leathchéad chluiche ar fad i raon leathan comórtas, idir bheo-chraoladh agus iar-chraoladh.  Tabharfar tús áite do Chraobh Club AIB agus na Sraitheanna Náisiúnta Allianz ach beidh mór-chomórtais na gcoláistí agus na n-iarbhunscoileanna ar fáil chomh maith, ina measc, na Craobhacha faoi 21, Cluichí Ceannais Choirn Mhic Shigir agus Mhic Giobúin (urraithe ag Independent.ie) Cluichí Ceannais na gCraobh Iarbhunscoile (urraithe ag Masita), Corn Uí Chonchúir (Craobh na gColáistí Tríú Leibhéal i bPeil na mBan) agus Cluichí Ceannais na Sraithe i bPeil na mBan (urraithe ag Tesco).

Ní chuirfear bailchríoch ar liosta na gcluichí a chlúdófar ar TG4 i ndeireadh na Sraithe go dtí go mbeidh sé soiléir cé hiad na foirne atá  ag cruthú go maith ionas gur féidir a chinntiú go mbeidh na cluichí  is cinniúnaí á gclúdach.

Is é Nemeton an comhlacht léiriúcháin aitheanta ó Ghaeltacht na Rinne a léiríonn an clúdach seo ar fad do TG4, á láithriú ag Micheál Ó Domhnaill agus le tráchtaireacht ó Bhrian Tyers.

GAA BEO ar TG4, 2015

Dé Sathairn, 16 Bealtaine @ 7:20pm

Craoladh beo ar Athimirt Chluiche Ceannais Shraith Náisiúnta Pheil na mBan Tesco HomeGrown Roinn 1 idir Gaillimh agus Corcaigh ar Pháirc Uí Mhórdha, Port Laoise. Chríochnaigh na foirne ar chomhscór Dé Sathairn seo caite; Corcaigh 3-08 Gaillimh 1-14. Á chur i láthair ag Gráinne McElwain.

Sraith Tesco Homegrown i bPeil na mBan - Cluiche Ceannais Roinn 1 (Athimirt)

Corcaigh 0-14 | 1-10 Gaillimh

Tús Cluiche: 7:30pm
Ionad: Páirc Uí Mhórdha, Port Laoise

TRÁCHTAIREACHT: Mac Dara Mac Donncha & Sorcha Furlong
LÁITHREOIR: Gráinne McElwain
ANAILÍS: Máire Ní Bhraonáin & Sorcha Furlong


AIBREÁN

Satharn, 4 Aibreán - Cluiche Ceannais Iomána Iarbhunscoileanna Masita

Coláiste na Croise agus na Páise (Aontroim) 1-16 | 1-12 Pobalscoil Maighean Rátha (Laois)

Corn an Chrócaigh - Cluiche Ceannais 'A'

CBS Durlas (Tiobraid Árann) 1-12 | 1-15 Coláiste Chiaráin (Cill Chainnigh)

Domhnach, 5 Aibreán - Sraith Náisiúnta Peile Allianz, Babhta 7

Beo: Tír Eoghain 0-17 | 1-14 Ciarraí 

Iarbheo: Maigh Eo 0-12 | 1-9 Dún na nGall

Satharn, 11 Aibreán - Cluiche Ceannais Peile Iarbhunscoileanna Masita

Corn Paddy Drummond: Acadamh Mhuire (Ceatharlach) 1-14 | 3-3 Scoil na Mainistreach (Tiobraid Árann)

Corn Uí Ógáin: CBS Ros Comáin (Ros Comáin) 2-5 | 1-12 Pobalscoil Chorca Dhuibhne (Ciarraí)

Domhnach, 12 Aibreán - Sraith Náisiúnta Peile Allianz Roinn 1

Cluiche Beo 1: Corcaigh 4-11 | 0-19 Dún na nGall  

Cluiche Beo 2: Áth Cliath 0-17 | 0-16 Muineachán 

Satharn, 18 Aibreán - Craobh Peile faoi 21, Cluichí Leath-Cheannais

Cluiche Leathcheannais 1: Baille Átha Cliath 0-12 | 0-14 Tiobraid Árann

Cluiche Leathcheannais 2: Tír Eoghan 0-17 | 0-12 Ros Comáin

Domhnach, 19 Aibreán - Sraith Iomána Allianz Roinn 1, Cluichí Leath-cheannais

Cluiche 1: Corcaigh 1-27 | 2-23 Baile Átha Cliath

Cluiche 1: Tiobráid Árann 2-15 | 1-19 Port Láirge

Satharn, 25 Aibreán - Sraith Náisiúnta Peile Allianz Roinn 3 agus 4

Roinn 4: Longfort 1-12 | 4-16 Uíbh Fhailí

Roinn 3: Ard Mhacha 0-16 | 0-11 Fear Manach

Domhnach 26 Aibreán - Sraith Náisiúnta Peile Allianz Roinn 1 agus 2

Roinn 2: An Dún 0-15 | 1-17 Ros Comáin

Roinn 1: Áth Cliath 1-21 | 2-7 Corcaigh 

BEALTAINE

Satharn, 2 Bealtaine

Craobh Peile faoi 21, Cluiche Ceannais na hÉireann

Tír Eoghain 1-11 | 0-13 Tiobraid Árann

Tesco Pheil na mBan, Roinn 4

Uibh Fháilí 3-07 | 1-08 Luimneach

Domhnach, 3 Bealtaine - Sraith Iomána Allianz Roinn 1, Cluiche Ceannais

Port Láirge 1-24 | 0-17 Corcaigh

Satharn, 9 Bealtaine - Sraith Tesco Pheil na mBan Roinn 1, 2, 3

Sraith Tesco Homegrown i bPeil na mBan - Cluiche Ceannais Roinn 3

Port Láirge 2-8 | 2-12 Sligeach

Sraith Tesco Homegrown i bPeil na mBan - Cluiche Ceannais Roinn 2

Ard Mhacha 4-18 | 4-6 Dún na nGall

Sraith Tesco Homegrown i bPeil na mBan - Cluiche Ceannais Roinn 1 (Athimirt)

Corcaigh 0-14 | 1-10 Gaillimh

Níl TG4 freagrach as an ábhar ar Shuíomh Gréasáin seachtrach ar bith